firstLine"; ?>

718. Dlighe a dhuine deanamh loin $
Length: long 44qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult.
  2. 17th early
Areas:
  1. Ulster
  2. Elsewhere (Louvain)
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
Prints:
  1. text DiD no. 20
  2. transl. Ir. Monthly 56, 192
Motifs:
  1. Envoi to saint (BVM & Peter)
  2. hosting (sluaigheadh)
  3. imagery for God or Christ
  4. the Crucifixion
  5. Resurrection
  6. The Last Judgement
  7. Fasting
  8. transubstantiation
  9. almsgiving
  10. aonach (fair, assembly)
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og mac Fearghail (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Apologue Subclasses:
  1. The Fall of Man
  2. The feeding of the five thousand
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dlighe, a dhuine, déanamh lóin


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 20]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cct.


1 Dlighe, a dhuine, déanamh lóin;

éirghe amach go Sliabh Si-óin

ort, a thruaigh - gá deacra dál?

smuain ar t’eachtra gan iompádh.


2 Eachtra bhaoghlach bhíos roithinn

leat ní háil a hoirichill;

do b’fhearr an chiall ceangal lóin

’s do ghealladh go Sliabh Si-óin.


3 Dá lón as fhearr dot aithghin

d’fhios an aonaigh anaithnidh

an abhlonn rod chuir i gcéim

’s a hannlonn d’fhuil an fhíréin.


4 Beir mar lón go Mac Muire

déirc is aoine is urnuighe,

ó nach fuil aitheachtra ort,

’s na haitheanta tre umhlocht.


5 Beir fós soillse leat mar lón;

eadrod agus Sliabh Si-óin

is iomdha gleann doirche dubh

agus beann fhoirbhthe uathmhar.


6 Ag toigheacht gus an tulaigh

glóir an tighe thuas-amhain

go mba hí bhar soillse sin;

bí le toirrse dá tuillimh.


7 Searc Íosa na n-áladh dtinn

go mba hé th’arm ’n-a n-oirchill;

lucht do dhiomdha ar gach rian róibh

is iomdha go Sliabh Si-óin.


8 Do lucht éinleabtha is iad soin

na peacaidh go n-a bpréamhaibh;

gér libh iad gus an am-so

ná bir iad don aonach-so.


9 Go comhdhál na gceasd ndeacair

ná beir leat fiú an éinpheacaidh;

do ghuais ríogh an tighe thuas

bíodh do chridhe led choguas.


10 Lúisifear an lá do-chuaidh

go teaghdhais Ifirnn adhfhuair

gé fuair go daor a dheacar

smuain nar fhaomh acht éinpheacadh.


11 Ní mó do aontuigh Éabha

acht éinpheacadh uaithmhéala

laithe a díoghbhóidh druim tar ais

as ar choill príomhghlóir Parrthais.


12 Ré cúig n-aimsear - dál deacair -

do-chuaidh ar aoi an éinpheacaidh

lucht na cruinne - gér chreach throm -

fa seach uile go hIofronn.


13 Mór an ghuais iomad na n-olc;

a-táid uile tre éanlocht

aingle an uabhair - gidh dáil doirbh -

i láimh i n-uamhaidh Iofoirn.


14 Mé dá dhíol a-niodh go nua

- mar sin bhias m’ua agus m’iarmhua

mairg gaollucht dan séala sain -

aonlocht Éabha agus Ádhaimh.


15 Do-ním tráth iomarcaidh olc,

níor smuain m’athair acht aonlocht;

d’fhuil Ádhaimh inn is gidh eadh

do sháraigh sinn ar sinnsear.


16 Dá nglanainn go hannamh inn

do bhiadh an t-aithcheo ar m’intinn;

ní ghabhaim fo-ríor robhadh

díom ní fhaghaim mh’urdhobhadh.


17 Mó th’annsa iná an uile olc,

mó do ghrádh iná ar nguasocht;

acht gé tá cló tred chroidhe

dá mhó trá do thrócaire.


18 Fóir ar ghuais sinne mar soin;

feacht n-aon i bhfoithribh fásaigh

iolar slóigh, a chnú chroidhe,

do fhóir tú led thrócoire.


19 Do-chuadhais feacht ar fásach

i measg fhoithreadh n-uathbhásach

a rathal do bhí id bhallaibh

ar tí t’athar d’agallaimh.


20 San uaigneas soin iar ndul duid

cúig mhíle ó a dtighthibh teagaid

dá sgrios ó gach uile olc

dot fhios uile tre umhlocht.


21 Do-rónais tre dhúthracht ndil

seanmóir bhúidh breithre an Dúilimh

dod lucht gaoil d’aithle a n-eachtra

dhaoibh iar n-aithne a n-imtheachta.


22 Do na míltibh trá tre thal

gé thug sibh sásadh briathar

i gceann gach neith níor lór libh

gan lón do bheith fa a mbruinnibh


23 Fuarais ag duine san dáil

dá iasg chorcra is cúig aráin

an phroinn-se do phlúr shéanta

níor thúr toirrse a taisbéanta


24 An tan-sain gá dtámaid ris

i gcóirchuibhreann do chuiris

taobh re taobh uille ar uille

an cuire naomh neamdhuidhe.


25 Na cúig aráin is dá iasg

leathnuighid feadh na bhfinnriasg

- i ndeoidh cháigh re [chais] teagar -

tre bhais cháidh dá gcoisreagadh.


26 Le beagán do shásadh shéimh

tugais a ndaoithin dóibh-séin,

a chara ar ar chlaon an bioth,

’s ní rabha aon gan fhuighlioch.


27 Na sácramainte is sí an phroinn,

an chruinne an t-uaigneas áluinn;

uch, is rathruagh sinn mar sain,

is inn athshluagh an fhásaigh.


28 Cúig mhíle do mhuin toile

do shás tú led thrócaire;

beithte ar tí ar sásaidh mar sin

led ghrásaibh, a rí an ríchidh.


29 An tí thug san fhásach uaidh

an sásadh cumhra an chéaduair

urra ar sásaidh-ne is sé sin

mo ghrásoidhre Dé Dhúiligh.


30 Ní do phroinn talmhuidhe tám;

cuir, a Thríonóid, le teasghrádh

teachta ar mo cheann dá roinn rum

an phroinn bhus fhearr dom anam.


31 Proinn na n-anmann is sí soin,

mar deir an chanóin chubhoidh,

a chorp do chaitheamh dá chloinn

maitheamh ar n-olc san abhloinn.


32 A fhagháil níor bh’fhiú sinne

corp flatha na fírinne

do-ghéabha mé maitheamh m’olc

dá gcaithear é tre annsocht.


33 Muna raibh an annsa ann

Rí nimhe na sé saorchlann

budh nimh a chorp do chaitheamh;

ag sin an t-olc íocfaithear.


34 Gé chaithim a chorp míolla

i ndeoidh dhéanta doighníomha,

rí nar chomhuill dá chraidhe

oruinn go dtí a thrócaire!


35 Ní cás damh-sa cur chuige

má tú ag iarraidh fochraige;

mó a thoradh grás iná a ghoimh

tamhan do fhás gan fhachain


36 Ní hé Críosd do dhiúltfadh dhamh,

mé féin trá tá dom dhiúltadh;

do mhaith folta a ghlac ngonta

mac ochta na humhlochta.


37 Grás maithmheach [as] mhaith sochair

Sbiorad naomh is naomhAthair

Mac do ionghuir an uile

slat d’fhiodhbhaidh na hionmhuine.


38 Flaith tá agus bhias is do bhaoi,

grian órdha dheiridh dheaghlaoi,

bas do nigh an uile fhear,

duine dil agus Dúileamh.


39 Do éirigh ón lia luighe

- ní bás acht bás síordhuidhe;

do bhí dá áis crann ’n-a churp

iar bpáis níor chall a chumhacht.


40 Tar mo cheann do-chuaidh dá ghoin

- dhó ní dhiongnuinn a urdhail

gidh ionann fuil dúinn is dó -

do luigh san úir is do iompó.


41 An rí rom bhean a báthadh

do-chuaidh tre chlí a naomhmáthar

an crann do-chuaidh ’n-a chroidhe

barr uaidh ar a heolchuire.


42 Níor throma dhó iná dhi-se

an líog chomhthrom chloichei-se;

do bhí an oil ar muin Mhuire

far loigh tuir na trócaire.


43 Maith an fiach fuair i n-a crádh;

a-tá ar neamh na naoi naomhghrádh

a hiomdhadh mar as dual di;

tuar a diomdhadh ní dhlíghe. Dlighe.


44 Fuair flaitheas síor ar a son

na déara do dhoirt Peadar;

do chomhshnoidh cruaidh a chridhe

tromghoin an uain ainglidhe. Dlighe.