Poem in printable PDF format
A fhir shealbhas
duit an dán
[McKenna, L.:
Studies 40 (1951) 217-222]
Gofraidh Mac an
Bhaird
1 A fhir
shealbhas duit an dán
coimseach re cách
do bhéalrádh
a dhuine maith
más maith sibh
do mhaith ní
maith gan mhaoidhimh.
2 Níor thógbhais
má tharla rot
seanrann
do-róineadh reamhat
neach féin go mór
dá mholadh
céim as lór dá
lochtughadh.
3 Do
thiomsaighthe teasd molta
ad dhán
d’fhoclaibh arrachta
dá ccor a n-eagar
ort féin
eagal a thocht
’na toibhéim.
4 Bheith duitse
ad bheitheamh bhalach
’s ad chroinicidh
comhramhach
an t-ainmsin dá
rádha ribh
’s ad thairsigh
Dhána Dírigh
5 ’Sé dá rádh go
riacht tusa
go finit a
bhforusa
seacht ngráidh na
bhfileadh ar fad
sighean do-cháidh
tar chumhag.
6 Go rángabhar
roighne a cceard
na trí tighe a
dtá an Ghaoidhealg
gan fhocal is
lugha libh
docar do thugha
thairsibh.
7 Ná fill ó
fhocal éidigh
fríoth leatsa ’s
led leithéidibh
áth ar an aimsir
a-nos
faillsigh do
chách do chumus.
8 Aduimh marbhtha
míle fear
lá an mhórchatha
ar Mhuigh Thuireadh
mar admhus sibhse
seacht ngráidh
do cheart irse an
dá admháil.
9 Do-chuaidh
sgaoileadh fa sgolaibh
díosg ar ndul fan
ealodhain
a-tá do
theannfhacal libh
neambacadh trá ar
do thuislibh.
10 Teidhm ar
chách ag cur asteagh
ionnlach suadh
soidhealbh mhaoidhmheadh
t’eagla ar an
gcarsain dod chur
freagra arsaidh
gan ughdar.
11 Teanga
líomhtha gan lorg sgol
sruth
maoidhmheach fa mhian tuathadh
mar taoi go
ttuile as do ghion
saoi do dhuine ní
dhingniodh.
12 Bíd daoine ag
ná bíd bearta
chanfas caint na
himearta
ná brath ar a
mbéalaibh sain
féaghaidh le cath
an chearrbhaigh.
13 Na daoine ar
ndul at aithne
liaide lucht do
bhreathnuighthe
fear slimbearta
dá rádh ruibh
glár na himearta
aguibh.
14 Do thaidhbhse
dána dalbhuigh
t’iarraidh anma a
n-ealadhnuibh
súr ceana is
meisde do mhodh
meisge fa-deara a
dhéanamh.
15 Ní d’abhras
saor na seacht ngrádh
snáth t’oige ar
aba iomrádh
a shnas ar a
shníomh ní fhuil
gach gníomh dar
chas fád chrobhuibh.
16 Níor leanais a
ló a bhfighthe
roinn mholta,
modh oibrighthe,
an mhaoloige do
mhaoidh sibh
daoroide dhaoibh
do dhéichsin.
17 Ar na hocht
n-iairmbéarla déag
deimhin nach
dearnais coimhéad
lá a ndealbhtha
cheana cé chuin
beara dealbhtha
tar dréachtuibh.
18 Innsgne a
n-ionad a chéile
ainm a n-ionad
tuilréime
réim sunna a
n-ionad anma
cuma iodhan
t’ealadhna.
19 Snáithe gearr
ad ghréas slámach
snáithe meallach
meangánach
rer oile d’fhighe
go glan
file oile ní
fhéadfadh.
20 A n-áitibh
ar-oile soin
ciall chomhnuidhe
ciall shiubhoil
maoithe is maoile
an bhur ndán
caoiche claoine
agus cleathrámh.
21 Neimhtheacht
céille, cúis fhollas,
gnás ann agus
ionannas
seirbhe ráidh,
gnúise garbha,
táin nach cúise
ceanamhla.
22 Dearbh go
n-uair th’oige dhána
meath a muileann
t’ucála
d’éis chara ad
dháinghréassa dheit
láinléasa tana
treimheit.
23 Duitse nach
léir do lochta
do theisd ní
teisd ionmholta
t’uaill ag
adhnadh asuibh féin
lasuir gan
adhbhar eiséin.
24 Sguir feasda
do labhra lán
doirbh dod bhéal
bheith ag síorrádh
gan ghabháil re
glór ar bioth
mór dot anáil
nach dlighthioch.
25 Dámadh éidir
eisdeacht dait
masa bhinn gach
ní neamhait
as orghrán bhur
n-ionad feas
’s do lonnán
ionnad d’ainbhios.
26 Adhbhar sbéise
do sbroigeacht
cúis aithis bhar
n-ardoideacht
gidh do
bhéilshlighe bhalg bhfis
is dréimire ard
ainbhis.
27 Gidh glórach
ghabhthaoi ret ais
asgnamh na
n-aigéan n-iomhais
iul eisde go
bhfaghadh sibh
meisde gan anadh
idir.
28 Uirre má
taoise treorach
feidhm ós niort é
d’fhíreolach
an mhuir mhaoidhe
do thomhas
saoidhe fhuil ’na
hamharas.
29 Gidh
diongmhála a-deir tusa
a sealbhadh
d’fhior eolasa
mór an feidhm
deilbh an dána
do dhealbh ní
deilbh dhiongmhála.
30 Ar dhlúth ar
inneach t’oige
tarla tacha
banchoige
a deilbh gan
déanamh go se
meirbh le a
féaghadh a fighe. A fhir