firstLine"; ?>

721. Dlighidh iasacht a iodhlacudh $
Length: long 32qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA1225(D/ii/1) Bk Ui Maine late 14th c.
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 61
Motifs:
  1. imagery for God or Christ
  2. imagery for body (a prison etc.)
  3. God as Creator
  4. The gift of tears
  5. Human life a loan from God
  6. disciplining the body
  7. saying the Hours
  8. pilgrimage
  9. Childhood, education, fosterage
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh (RIA1225)
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Meter Vars:
  1. Ollbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Dlighidh iasacht a iodhlacudh re athtarbha


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 61]


Goffraidh Ó Cléirigh cct.


1 Dlighidh iasacht

a iodhlacudh re athtarbha

ní hé as ionnraic

an té nach ionnlaic a acarrdha.


2 Iasacht thugas

is-tighsea tuas gar dtiodhlacadh

ní bhia fa bhuaidh

muna ria uaim a iodhlacadh.


3 Ná mealladh sinn

an soitheach éadlúith [anfhallsa]

ramhach fa ríor

is dabhach chríon an chalannsa.


4 An cholann chriadh

corrach diumsach an [droicheachsa],

anbhfann a taobh

tabhram dar saor an soitheachsa.


5 Déana agud

a inghean díochra dhobhuidheach;

ná hiarr orum

do riar, a cholann chomhaidheach.


6 Tusa id chodladh

gan chomhrádh Dé n-ar ndiainréimne

is damhna deor

labhra don eon [gach] iairmhéirghe.


7 Cnuasach peacadh

[óm] peann scríobhtha ar mo [sgoilfhithchill]

gach ré gcorp i n-a chubharthuinn

olc oirichlim


8 Deor tromthoirse

go dtí tar abhra ar n-aightheine;

badh subhach sionn

madh dubhach ionn ón aithrighe.


9 Go rob clog tráth

an teangasa nach tulmhaithmheach,

gidh géar gailbheach

gura béal ainmneach urnaightheach.


10 Lossa i lot Críst

go gcuireann as ar [gcroidhteachaibh]

mac seang dar siair

go mbeam ’n-ar liaigh dá [loiteachaibh]


11 A meadh uthrais

nara horm rabh ’n-a rollasan

go ndeach mo dhéarc

is-teach i gcréacht a chollasan.


12 Cionnus rachad

sa Róimh re sneachta síndeorach?

meallaidh an tsráid gheal ghrianánach

fear frímheolach.


13 Teampall Solmha

go sléachtar ann go hoirichleach

cloch gan ghné ngairbh

go rob hé m’ainm a hoilithreach.


14 Tocht sa tír naoimh

neamh uadha is air [do bhinnghéabhainn]

mairg fa mbia bróg

is Dia ar gach fhód dá [n-imdhéaghainn].


15 Reileag Muire

muir Toirian tonn dar ngarbhmaicne;

is ceall gach cuan

fearr iná gach uagh adhlaicthe.


16 Sreabh Íosa is Eoin

a huisce go dtí tharumsa;

sruth cithmhear cas

go nighthear as an t-anamsa.


17 Go dtí i bport fhionn

na héigbheathadh riom ródbhruighean;

gan teacht dom thoigh

mo leacht gurab thoir tógbhuighear.


18 Marcach na dtonn

ná tabhradh duine ar déarchairde

Dia ar muin mhara

idir mhuir thana agus théachtfhairrge.


19 Marcach na ndúl

[. . . . . . . . . . . . . . .]

gé thorchair thríonn

dorchaidh a síon a [soillsighir]


20 [Iongnadh cé as cás]

cathrach ar a mbí a bhreathaga

nach taraidh trá

adhaigh is lá go leathfhada.


21 [Cóirighe] an lá

ónab léir feadha is finnlinnte

go n-iadh adhaigh

tiar fa aghaidh na firminnte.


22 Locha [doimhne]

dá ndáil reodh tug ’n-a dtéachttannaibh;

cuanna ad-chíthír

stuagha an ríchigh fa réalltannaibh.


23 Luibhe gach shíl

shíolas ar gach sliocht ghuidheassan

drúis oircheas ann

toirrcheas isa crann chuireassan.


24 Ón uile scoil

scríobhas leabhar gan loichteagar

is cleith cionnta

ní reich a fhiorta d’fhoirceadal.


25 Gan ghaoith re crann

gan chioth sneachta is sé ag talmaghadh

fa chuirr cairrge

gan tuinn d’fhairrge acht ga adhmholadh.


26 Ad-chí ar t’aghaidh

gach aon dá racha id rúindeabhaidh

ad-chí ar do chúl

a Rí na ndúl, a Dhúileamhain.


27 Doirbh do thréigean

a-taoi i ngach aird go hileardha

gé tú ag triall sair

tú thiar ’gom thaigh, a Thighearna.


28 Tusa ós ar gcionn

a chraobh do ghein ó ghlanMhuire

tú ag fulang fóinn

a ubhall óir ar n-abhlaine.


29 A-tá tú thuaidh

ós threibh Ifeirnn nach [airdrighe]

a-tá tú theas

a chnú do mheas na maighdine.


30 Gé fhuarais uainn

onóir dalta, [a] shaoir shoineamhail

far-íor ro b’olc

ar ndíol ort ar n-at oileamhain.


31 Cúig álaidh ort

a Íosa a fhir na míndealbha

maith crú do chneadh

is tú braith na bhfleadh bhfíneamhna.


32 Ar n-uilc re n-éag

admham do Dhia ó dhaighcridhibh

ní tráth tagra

ar mbráth ag agra ar n-aithdlighidh. Dlighidh.