firstLine"; ?>

722. Dlighidh liaigh leigheas a charad $
Length: long 34qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th mid ?
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. NLI G992 Nugent MS c. 1577
  2. RIA1 (23/D/14) 17th c. Co. Offaly?
Prints:
  1. transl. Studies xxxviii (1949), 183-8
Motifs:
  1. imagery for Christ
  2. imagery for Cross q. 15
  3. role of BVM
  4. Christ’s Crucifixion
  5. the Heavenly Banquet
  6. legal terminology (oighre, baranta q 8, 13,
  7. medical lore
  8. fosterage
  9. gaming
Poet Christian Names:
  1. Muircheartach (RIA1)
Poet Surnames:
  1. O Cobhthaigh
Apologue Subclasses:
  1. BVM’s sufferings at Son’s Crucifixion
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Dlighidh liaigh leigheas a charad


[Lambert MacKenna, ’Some Irish Bardic poems’, Studies 38 (1949), 183-88]


Christ Our Saviour


Muircheartach ua Cobhthaigh cc.


1 Dlighidh liaigh leigheas a charad;

clann Ádhaimh mar do fhóir sé

liaigh ler shaoileadh ceo na cruinne

aoibheal bheo na n-uile hé.


2 Clann Ádhuimh ón uair do leighis

re liaigh ccarad as cóir súil

na sé líne ó chiaigh gur ceannchadh

liaigh fíre gur dearbhadh dúinn.


3 Diultadh a fhleidhe an lá tairgthear

tileadh cláir ní cluiche soirbh;

mairg nach geabh ó a dhíol do dháileamh

fleadh ríogh ’s gan a háireamh oirn.


4 Ní mairg tárraidh teacht an ésga

airdhe an turaidh ag teacht na dhiaigh;

do shoillsigh sé a mbroinn a bhuime

ré do bhoing don chruinne ciaigh.


5 Síol Ádhaimh ón uair do saoradh

síoth ortha ní hé do bhris;

as mó doiligh an díon fine

oighidh ríogh gan righe ris.


6 Ó rug na hóigh oighre an Dúilimh

deimhin sgéal do sgaoil ar snaidhm;

cóir mo ghníomha nír gheall Muire;

ceann síodha na n-uile a hainm.


7 Téid na sealbhadh ar sén uaire

d’éis a bháis gin gur bheart ghnáth;

a rí d’oighidh a mbeirn bhaoghail

feidhm doiligh do chaomhain cách.


8 Tar éis oighidh oighre an Dúilimh

nar ndúthaigh féin filltear sinn;

go rug sidhe a huaigh le hoirbheart

fine nach bhfuair oighreacht ind.


9 Beiris mac - fa móide a hóghacht -

nír fhás gort badh gloine síol;

do geineadh clann a gclí Mhuire

crann do-ní dá dhuille díon.


10 Fearthain trom ler tráigheadh mh’fhala

d’fhuil an ochta do fhear sé;

cioth re mbás do fhear dá fhíonfhuil

do bhean fhás do dhíoghuil Dé.


11 Guais a fhine an uair do bhreathnuigh

breith chluiche do chuir a luas;

go ndearna eol tre fhuil ccíogha

do chuir a sheol síodha suas.


12 Nír chuir a ccrích cluiche timchill

san taobh deas go ndearna rian,

do leig fa a chineadh clár croidhe,

nír thileadh lán roimhe riamh.


13 Teacht an mheicsin ní mairg tárraidh

toisg far dearbhadh díoghrais bháidh;

rí caránta ar an óigh d’oighre

baránta slóigh coimhdhe cáigh.


14 Gur chuír a ndlús díon a cinidh

cur na haghaidh nír fhéad sé;

as bean deighfhir do bháidh biodhbhadh

do bháidh theinidh diomdhadh Dé.


15 Fás an fheadha do b’fháth faoilte,

fiodh dan duille díon ar sean,

ceithre croinn do iomchair t’oighre,

coill thiomchail le coimhdhe ar gcean.


16 Gur cheannchais dóibh dúthaigh sheilbhe

ód shuidhe ríogh rugais léim;

nár dod chloinn gan diall re dúthaigh

do bhiadh gan roinn fúthaibh féin.


17 Do aontaigh sé ar son a chinidh

cead a bháis - nír bheag an toil;

dul tar bhás t’oighre nar éidear

do-roighne an grás d’éigean air.


18 Do Mhuire óigh nír fháth fulaing

féchain thromluit an taoibh dheis;

lot far n-éigean do-chí ad chroidhe

gur éigean dí loighe leis.


19 D’fhior mh’fhaladh gér oircheas diultadh

ní dual turbhadh fa theagh n-óil;

móide as náir mh’ éimhgheadh dot oighre

éinfhleadh gráidh do-roighne róinn.


20 Go guin an taoibh tarla fúthaibh

fód mearbhaill nar mhothuigh siad;

ceo na faladh ar fhuil n-Ádhaimh

gur glanadh d’fhuil t’álaidh iad.


21 Gur fhágaibh féin flaitheas nimhe

neach eile nír fhuaigh ar sídh;

bás t’oighre dar ndíon gur dheonaigh

do-roighne ar ngníomh deoraidh dín.


22 Na ham féin gur fearadh t’fhuilsi

anfadh tuinne tarla rinn;

fuil t’álaidh fam luing do leathnaigh

ar thuinn mbádhaigh seachnaidh sinn.


23 Feadh ar mbreith ó bhreathaibh námhad

do-ní feidhm dob inmheic ríogh,

dob fhiu an naoidhin dar ainm t’oighir;

sgaoilidh gach snaidhm doiligh dhíon.


24 Ar fhuil ccroidhe ar ccaomhna a thréada

a ttriall uadha as adhbhar sgís;

cóir a mhaoidheamh gur fhéag oirne

[do] sgaoileadh tréad t’oighre ar-ís.


25 A bhfuilngthear dhí as dearbhadh cumhacht;

cia an t-aoinfhear nar hainceadh lé?

fala an chíoghochta as réidh róine,

ríoghanta an céim óighe hé.


26 Gearr a-rís tar éis ar cceannaigh

cló mh’ainchean gur aithlíon sinn;

a bhas re crann dún gér dhathaigh

clann ’s a ccúl re a n-athair inn.


27 Muire ógh an uair do toirrcheadh

téid dar ccaomhna - fa céim mór;

do ghlan nél caille na cruinne

dér aille na n-uile ógh.


28 Cuisle an taoibh an tráth do bheoghon

beag don chluiche nar chaill siad

gur shnoigh dá ghaol comhlaidh ccroidhe;

nír chobhraigh saor oile iad.


29 Gur ghluais dar ndíon do dhruim toile

tar thuinn mh’fhaladh ní fríoth áth;

deacair a rádh nach fear fine

do lean tre lár ccroidhe cách.


30 Do dhruim toile tug dar ccaomhna

cead a bháis nír bhronnadh soirbh;

diongna an ní ler dhearmad díoghail

do dhearlaig rí a fhíonfhuil oirn.


31 Do luach altruim oighre an Dúilimh

díon na n-uile as éidear lé;

dul nar seilbh tar chead na córa

ní beag an feidhm ógha hé.


32 Do ghluais sé fa siobhal oirdhreic

don fhior ghonta as ghoire fearg

d’éis a chneadh d’adhnadh ar heighir

fa theagh bhfaghadh beiridh beadhg.


33 Gur réidhigh rinn do rún croidhe

cosmhail re sluagh sinn gan bhun;

má fríoth síodh na fhuil ót oighre

fa fhuil ríogh ní doiligh dul.


34 Muire ógh - cá hairde cumhacht? -

le caomhna a gaoil do ghabh sin;

iongnadh lé ó a leanabh cíghe

dá mbeanadh sé dhínne a ndligh. Dl.