Poem in printable PDF format
Dlighthear
deachmhadh as an dán
[McKenna,
Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 7]
1 Dlighthear
deachmhadh as an dán,
ní deachmhadh
nach dlighthear díom
mac Muire
leanfaidh a lógh
mór n-oire i
ndeachmhaidh gan díol.
2 Ní [dhlé]
a-bhos treabhadh [an] tnúidh
gá treabhadh
a-bhos gé bhím
tall ní
treabhthar acht a ndóigh
cóir an
deachmhadh rann don rígh.
3 Nó go bhféagha
cia ór chin
[a] Dhia [ní
dhéana] achd a thoil
[gér chuir] tú
éan [insan] uibh
féagh nach fuil
do chnú ar na cnoibh.
4
.........................go trom
séala an
chroinnsin i n-ar gcionn
dá taobh nó go
dtreabhthar thall
ón deachmhadh
crann ní saor sionn.
5 [Is] cára a
ndeachmhadh do Dhia
a dtreabhthar ’s
na tána bó
gabháil a
dheachmhaidhe is dú
tú ar bhfagháil
ceathraimhe cnó.
6
......................leas na lúb
nar mheas romham
an dá ród
an bhuainbhreath
acht gidh é an t-éag
féag agus mé
uaibhreach óg.
7 Ná creid gomadh
cairde bhuan
ar cairde ná leag
do lón
tuig fan
deachmhaidh cnó agus caor
nach ró saor
th’eachraidh ná th’ór.
8 Iomdha anáir
iongnadh uaibh
dob iongnadh an
fhagháil sídh
a Dhé gémadh dall
an dáil
nach mé do sháidh
crann id chígh.
9 [Im] iar nocha
gabhaim guais
ina n-iarr ní
fhaghaim sbéis
mo chiall gé do
chuir i mbaos
dá dtrian dom
aois fhuil ar m’éis.
10 Ná bíoth a
diomdha ’nar ndiaidh
ó nach diongna an
cíoch an chóir
sguireadh feasda
cneadh an chígh
go mín is cneasda
bean bhróin.
11 Gut fhoghail
is iomdha iad
biodhbha romhaibh
ar gach ród
ná héirigh mar
sin ar séad
a fhir na dtréad
réidhigh ród.
12 Is ceannach ar
nar chóir dhlaoi
dar gceannach mar
do chóidh sé
féagh leat gur
rígheadh an rí
ná glac ní do
díleadh dhé.
13 A-nos is é am
an iuil
[ré] thall agus
a-bhos bídh
is é fa dhó dhuid
a réir
a chuid féin dá
ró don rígh.
14 [Má thag]ra tú
a rí na ríogh
ní dú d’agra acht
ní nach nár
mása laoidh
treabhthar gan tuar
an deachmhadh
duan daoibh dom dhán.
15 Dá mbeath gan
eachraidh gan ór
neach as a
dheachmhaidh do dhíol
mímheanma ní
dhligh mar déar
sgéal fir na
fíneamhna is fíor.
16
...............fíneamhna féin
’s na fíneamhna
[fo]ghtha [is] tír
an tann far
bhreathnaigh a mbuain
ní fhuair barr ón
deachmhaidh dhíbh.
17 [Cia hé a]
dhuine uainn lér bh’ál
gach a bhfuair
uile don fhíon
go dtug sé do
Dhia na ndúl
a thnúdh gidh cia
ara mbé bíodh.
18 [A síol ar an]
bhfearsain féach
an deasgaidh do
dhíol go luath
gá dám achd nír
chumtha i gcríoch
fríoth na tulcha
lán [dá] luach.
19 Táinig dó grás
Dé na ndúl
nír bh’é cás ina
chás bhuan
[gar díon] do
chleathaibh a chraobh
[is] sreathaibh
caor go bhfíon bhfuar.
20 [Ar dteacht
toraidh] ar an ród
do ba tearc a
samhail súd
trom do
mhíleadhaibh dá mhéad
drong géag don
fhíneamhain úd.
21 An fear thug a
thoil don rígh
mar thug a thoil
’n-a toil bhuain
gur bh’fhíriomdha
agus cuid cháigh
tuig fan tráigh
fhíneamhna fhuair.
22 Ná [gad déis]
dod dheoin fa dhlaoi
tar éis an sgeoil
do sgag mé
tairg gan a
neamthal fa ní
mairg ar a mbí
deachmhadh Dé.
23 A Dhé dámadh
daidhbhior d’fhior
nó madh
saidhbhior gach re seal
do dhíol is
déanta ar dá chor
gach modh dhíobh
dá bhféadfa fear.
24 Ní leat an
[t-arbhar] ná an t-ór
dar leat is
damnadh a dhíol
ní leat féin an
chnú ná an chaor
fa nar fhaomh tú
réir an ríogh.
25 Gidh roibheag
ní dú fa dhlaoi
mása chnú nó a
hoiread é
ná breathnaigh ar
bheith gan ní
go mbí ar leith
[ó] dheachmhaidh Dhé.
26 Dlighthear
gach deachmhadh do Dhia
mar dhlighthear
deachmhadh na gcnó
a neamhchuimhne
is ní nar dhú
más í an chnú ar
ndeachmhaidhne dhó.
27 Ná breathnuigh
gan íoc san uibh
íoc an
deachmhaidh mar a-dir
a dtéid duid do
na deich gcnoibh
tuig soin san
leith ina libh.
28 Don uile
dheachmhaidh gá dám
ná breathnaigh
uile nach iarr
leat a naoi dá
gach ní uadh
gidh fuar a-taoi
fan tí as triar.
29 Ní mar do ní
an saoghal suas
ní maoladh do ní
bhar nós
gidh fíriomdha
gné dod ghrás
’s é ar fás na
fíneamhna fós.
30 Crann na
haithne ar a bhfríoth faill
’n-a fhíoch as a
haithle rinn
do leathnadh brón
as a bhoing
deachmhadh an
chroinn mór do mhill.
31 Beag a-nos do
chíd n-a gcionn
a-bhos achd gé
bhíd go teann
cách fan
deachmhaidh ní budh dall
tall an tráth
gheabhthair a ngeall.
32 [Mása lead] as
luaithe a-nonn
mud luaithe budh
beag an barr
mar as dú an
comharsa id cheann
budh gearr
romhamsa thú thall
33 Glóir nach
carann ós a cionn
do ghlóir ag an
anam ann
taobh re a ndligh
dá ndeach a-nonn
nír chom mar sin
an teach thall.
34 Cneadh an
ochta is í rom fhóir
docra iná gach ní
do ním
fuair bean san
deachmhaidh do dhúil
nar sheachmhaidh
dhúinn cneadh an chígh
35 Gidh bé do
cuireadh im cheann
achd é as a
[dtuighear] an tonn
is droichbhreath
[munab] réidh riom
más liom féin an
troightheach toll.
36 Dá bhféaghainn
ar Dhia na ndúl
a ndéanaim ar
Dhia nír dhual
re haithneadhaibh
Dé gá dám
achd sé lán
d’aithchneadhaibh uam
37 Caitir Íona
mh’fhírfhréamh eoil
[agus Míchéal]
míolla ar m úidh
mo sheise
d’aingeal is d’óigh
glóir na deise is
daingean dúinn.
38 Mé taobh re
Froinséis na bhfeart
Froinséis is sé
saor ar locht
mar táthair a Dhé
gá dulc
mé as a ucht im
bráthair bhocht.
39 An saoghal as
ghar dod ghuin
na car an saoghal
mar sin
lia a chabhair
iná gach coir
tabhair ó thoil
do Dhia a ndligh. Dlighthear.