firstLine"; ?>

727. Dlighthear dhiom cuimhne an Chalbhaigh $
Length: middling 18qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540 (C/iv/1) O Maoilchonaire 17th c
Motifs:
  1. imagery to describe patron
  2. qualities of patron’s character
  3. poet invoking blessing
  4. Childhood, education, fosterage
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh (RIA540)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Calbhach (An)
Patron Surnames:
  1. O Maolmhuaidh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dlighthear dhíom cuimhne an Chalbhaigh

[RIA 540 (C/iv/1), 164r]

An fer ceadno cecinit [Goffraidh Mac an Bhaird (160r)]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


[Catalogue: ’... To the son of Margaret Clifford. This poem is regarded by the transcriber as part of the foregoing.’ (The ’foregoing’ being Soirbhidh a Chríosd don Chalbhach; cf. last line below and end of q. 15.)]



1 Dlighter dhíom cuimhne an Chalbhaigh

slat don fhíodhbhuigh órabhluigh

fa díon d’ollamhnaibh fhóid Bregh

follamhnaigh [leg. -aidh?] na ccóig ccóigedh.

2 Bláth an mhaicne ó mhuigh Éile

lér ghein rath roréidhes

gég ó lubhghort cáomh Cnoghbha

craobh go n-ughlacht n-ughdardha.

3 Én gribhe d’ealtoin Uisnigh

cáor go mbruithnigh mbeóluisnigh

d’íarsm[a?] chrith(i)re Cormaic Chuilt

drithle dob oirrderc adhaint.

4 Foillíocan go bfás n-innimh

cuisle don fhuil fhirinnigh

ógfhoichne a hithir na bfionn

crithir togaibhthe ar ttuirionn.

5 Dóthchas dá ndlighim labhra

planda don phór ochtarrdha

do fhás ó Níall na Náoi nGlas

dar ghíall gach sáoi le senchas.

6 Baramhoil rén beitte súil

leanb dar dherlaic Día an fortú[i]n

éiffeacht sen solabhra sháimh

cedh acht comharrdha conáigh.

7 Taibhreadh andsa ina fhéghaidh

briocht toile ina thaighéradh

da rían is raibhte re rath

aithne as cíall gun Chalbhach.

8 Don tslatán ó shith Seghsa [164v]

ni benfadh barr fírchendsa

slat a chomháoisi dar chin

san fhoráois[-s]i mac Milid[h].

9 Rainic macán mhoighe Bregh

búaidh n-egcoisg a n-áois náoidhen

búaidh mbarumhla búaidh mesa

búaidh n-aradhna is n-áinesa.

10 Breth don Chalbac[h] Ó Máoil Mhúaidh

a ccuigedh Meidhbhe an mharcshlúaigh

’sa Midhe mhín maicne Floinn

fa tír cairte da chrobhoing.

11 A oidedha um Bhuill bhendghloin

a ghaolta um Bhóind mbinnealbhaigh

fuinn leathchorra as lán da sheirc

bud sámh eatorra á ingheilt.

12 O Cruachan na ccladh sgathach

ar hoileadh Conn Cédchathach

soirin go senráith na Níall

derbhdháith h’oighir á Uilliam.

13 A macaoimh a mhic Mairgrég

sibh go foill ge fochainghég

bíaidh ceinnbhile aga radh ribh

gud dheirbhfhine a cclár Cobhtaigh.

14 A mhic Uilliam Í Maoil Mhúaidh

[a] gein do dhealbh Dia ar deaghúair

a bhláth a mbél a thoraid[h]

le sén a ttráth tangabhair.

15 A d[h]úsgadh drithlionn deighNéill

is Cairbre an chuilg fhrithirghéir

a shéla fíre na bfer

do sgéla dhínne dlightior. Dligthior...

16 Fiú a fhíalus re hógoibh cniocht

an mac-sin Mairgrég Clifiort

úidh na nGáll-sa ar ghuidhe lais

cuire nách fallsa fúarais.

17 Gidh íad a bhraithre naomhsa

guidid mórrath don mhacáomh

tréd do dhligh díall re comhtha

do ghin ó Níall natharrdha.

18 A hucht na n-érlamh ’s na náomh

a choimhsigh na ccerd neamhchláon

re doilgibh ni díosc do rath

soirbhidh a Chríosd don Chalbhach. Soirbhidh...