firstLine"; ?>

728. Dlighthear don bhrathair bheith umhal $
Length: long 37qq
Certainty: 4
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA1235 (C/ii/2) 15th - 16th cents
  2. TCD 1340 (H.3.19) 16th c., 17thc. add
Prints:
  1. transl. McKenna, PB, no. viii, pp. 32-5
Motifs:
  1. King’s officer: fear brataighe
  2. umhla
  3. imagery for saint q. 35 etc.
  4. the Incarnation
  5. the Five Wounds
  6. renunciation of the world
  7. poverty a virtue
  8. disciplining the body
  9. subject a friar
  10. poetry offered to saint
Poet Christian Names:
  1. Pilib Bocht (TCD1340)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Francis
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. His constant tears
  2. Francis’s stigmata
  3. Francis granted Lucifer’s place in Heaven
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Dlighthear don bhráthair bheith umhal


[McKenna, Lambert: Philip Bocht Ó hUiginn, Dublin, 1931, poem 8]


1 Dlighthear don bhráthair bheith umhal

ón umhla gintear grádh Dé

gidh nach biath doladh ’n-a dheaghaidh

toradh na bhfiach dleaghair dhé


2 Dá bhfuilngeadh éanduine it onóir

an uile mhartra a Mheic D[é]

duit achd muna dheach i n-umhlacht

teach ór thuit a udhnacht dé.


3 Is móide as ionmholta an ísle

gur bh’é romhainn do reacht gnáth

do bheith ní as umhla ná umhal

th’umhla a rí an cumhan le cách


4 Oidhre Dé i meadhón a mháthar

mead a humhlacha is eadh rug

feirrde an sgéal Muire dá moladh

féagh a dhuine an toradh tug.


5 Buime oileamhna ’n-a héagmhais

nír fhaomh Críosd gá céim as mhó

rí an chruinne gur oil i n-ísle

ag soin buime as dísle dhó.


6 Luaithe ná líonadh na mara

maidhm an díomais ag drud ria

san mheanmain muna thí an tuile

ceanglaidh sí an duine re Dia


7 Aingeal nar bh’umhal dá riaghail

is ris bheanas bríogh mo sgeoil

nar ghabh tréan ar thail a mheanman

do bhéar air dearbhadh fa dheoidh


8 Gur fholmhaigh ar airde a dhíomais

dréim re a athair do b’é a mhian

mar fhuair cead na n-aingeal oile

nead nar cailleadh roimhe riamh.


9 Le Lúicifear an lá tugadh

teach Ifeirn do b’adhbhar caoi

léim fa thuairim ’s a theagh cumhang

nír thualaing neamh fulang faoi.


10 Gach aingeal do thuit san teinidh

i dteaghdhais Dé na ndeich ród

cuirfidh Dia anam ’na ionadh

fá mbia calann iodhan óg.


11 D’eis an díomais do dhul fúthaibh

flaitheas nimhe na naoi gclann

dá thoirbheart don tí do toghadh

do bhí oidhreacht fholamh ann.


12 Fuair ionadh aingil na soillse

San Froinséis i bhflaitheas Dé

a thagha go n-a thrí hordaibh

cara an tí do ordaigh é.


13 Éanbbráthair lér bh’annsa an bhochtacht

buachail tréada na dtrí n-ord

gearr ó do ghabh an raon reamhainn

saobh dhamh nach leanainn a lorg.


14 Na sgéala sgriobhthar ’n-a bheathaidh

ní bheid gan nochtadh ní as sia

a chuid do phéin uain na hóighe

fuair do réir a dhóighe ó Dhia.


15 Do fuilngeadh leis go lá a pháise

pian chruaidh ar a gcuireadh barr

do fheith sí an t-anam go hionnraic

do bhí a chalann ionnloit ann.


16 Lá éigin dár aigill Froinséis

fuighle an airdríogh do b’é a sheadh

cumhnuigh ar mo chrú dod chobhair

ollmhuigh thú i gcomhair mo chneadh


17 Ar labhrais riom do rún croidhe

ar cairde ná cuir a-nois

do dhéan do thoil a-táim ullamh

dáil soin do cumadh re a chois.


18 A Dhé dá ndeachaidh an ísle

do fhágaibh tú ar dteacht ’n-a fhail

a móid nar mhionaigh a chrábhadh

fioghair na gcóig n-áladh air.


19 An cló ór buaileadh boill do cholla

a chúig litre na luit úd

braithidh gach luibh féin a fréamha

céir i bhfuil bhar séala súd.


20 Go bás do bhádar ag sileadh

srotha fola ar fud a bhal

céim do budh dheacra dá dhochar

gur léir sleachta th’othar ann.


21 Fear brataighe oidhre an airdríogh

’s an t-ord foirbhthe dá bhfuil sé

fir sin do b’airde san ísle

ag sin cairde dísle Dé


22 An uair thuilfeas a thonn feirge

iarraidh a ghrás budh glór díosg

cia as ionchuir re hucht na tuinne

achd lucht iomchuir cuinge Críosd.


23 Is eagail i n-am na ronna

leis an rígh nach rach a leath

ar lá an toghtha gé tá neimhchion

ortha an lá beirthior an bhreath.


24 ’N-a adhbhar bróin do na beodhaibh

ní bhia thall achd mar tá a-nois

caoinfid na mairbh deirge a dhatha

meirge is airm catha ré chois


25 I bhfioghair na croiche céasta

i gcroich a-bhus do bhí sé

ar n-acaire feadh na feirge

fear brataighe deirge Dé.


26 Gidh lia a-nois áit ag a ordaibh

iomdha thall táinig ’n-a dheoidh

fa sgéalaibh an té do toghadh

géabhaidh sé an domhan fa dheoidh.


27 Eaglas orrdhraic im urd Mionúr

gidh mór d’annsacht fhuair ’n-a dhiaidh

ní tugadh dhí tol budh thruime

gur thogh rí an chruinne fa chriaidh.


28 [Ní táirche] i n-Aisis dá ordaibh

Ara Céli as suaithnidh clú

do marbhadh don chloinn dar chóra

roinn talmhan na Rómha rú.


29 Sliabh Si-óin is iad do áitigh

don athair thoghtha tá ar nimh

fearainn uaisle a chlann re a chéile

is uaisle [an] barr sléibhe sin.


30 Ní raibhe ag na ciontaibh chuige

an cholann gur chuir ’n-a tochd

slighe chao[l] nar iadh ar n-athair

naomh riamh do chathaigh re a chorp.


31 Gan losgadh a lár na teineadh

tig Froinséis gá feart as mhó

beart cháis nar bh’eagail don éarlamh

leabaidh bháis do déarghadh dhó.


32 Tarcaisne tug ar an saoghal

San Froinséis ar feadh a ré

fear nar thogair [an] teagh comhóil

fear cogaidh don onóir é.


33 Dóigh nachar déanta dár náimhdibh

don naomh as treise tá ar nimh

cur in-a cheann ceadh ná budh baoghal

fear nar mheall an saoghal sin.


34 Slat íseall do b’airde géaga

do ghnáthaigh riamh ní réim dhíosg

dortadh déar i n-aice a umhla

fréamh na slaite cumhra Críosd.


35 Luibh uasal fhóireas a chneadha

créachta an anma an uair as lia

iomdha buadha ar bláth na luibhe

snáth uama an duine re Dia.


36 Dá n-éirgheadh lem oide múinte

measaim gomadh mór an gníomh

seol mo chroidhe an uair as ísle

buain mo thoile dísle dhíom.


37 Go dtugadh dhamh duais mo laoidheadh

lá cairde ná cuireadh sin

ar dhíon m’anman achd an t-amsa

faghbhadh síodh dhamhsa nar dhligh. Dlighthear,