Poem in printable PDF format
A fhir táinig re
tásg mBriain
[McKenna, L.:
The book of Magauran, Dublin, 1947, poem 4]
Tadhg Mór Ó
hUiginn
1 A fhir táinig
re tásg mBriain,
tugais mhise fa
mhóirchiaigh;
mh ’ucht ó sgeol
an táisg is teinn
mo dheor do
fháisg óm incheinn.
2 Aithne ar a
thásg tug mise
agud re n-a
innise,
fáth mo bhas
dteinn is sé sin,
do sgeinn mé as
got fhaisgin.
3 A fhir tug damh
damhna déar
sgaoileas tásg
Briain ní baidhbhsgéal,
freagair cách
créad a oighidh,
ní gnáth éag gan
fhiarfoighidh.
4 Mar do
fhiarfoigh fheacht oile
Mac Liag tásg
Briain Bhóruimhe,
cneadh neimhe
niamh an fhuighill,
Brian eile is
eadh fhiarfuighim.
5 Don ghlór
a-deire, a dhuine,
foirbthéachtaid
na fásuighe;
biaidh finneisgir
n-a feor bhug
don sgeol
innisdir agud.
6 An sgéal
deimhnighe dhamhsa
olc a fhulang
agamsa;
iomdha déar gon
sgoil don sgeol,
ar an sgéal ní
fhoil áithcheodh.
7 Adhbhur sgeanma
na sgéala
tugais lat - lór
d’aithmhéala;
rom ghabh meisge
don mheadhur,
meisde dhamh a
ndeimhneaghudh.
8 Is
d’iongantaibh Innse Fáil
Brian mar innise
d’agháil;
is truagh ’s is
doiligh a dhul
gan shluagh
d’oighidh n-a fharrudh.
9 Muna fríoth gá
chosnumh cath
créad tárraidh
Teallach n-Eachach ?
Brian mhac
Donnchaidh díon na gceall.
cá líon torchair
n-a thimcheall ?
10 Cáit an
adhaighsin an uilc
i raibhe lucht an
longphuirt ?
an mórshlógh
do-ním gach neach
do-chínn man
slóghmhór soichleach.
11 Nír leigthe
don mhuintir mhóir
dá dtabhradh
uaisle is onóir
seabhac
fionnMhuighe Fabhair
gan ionghuire
éanadhaigh.
12 Ní léamhadh
biodhbha buain ris
mar do bhádar dá
mbeidis
cách dá gach
leith do fhlaith Bhreagh;
nír bhreith nar
mhaith a mhuintear.
13 Longphort í
Eachach Uisnigh
- líonmhar éacht
an adhuighsin -
rob amhdháigh an
lios ar luigh
dh’fhaghbháil gan
fhios i n-asguidh.
14 Cách is eadh
fa-deara dháibh
an t-olc
fhuaradar dh’agháil
sa bhaile re
hucht an uilc
ní raibhe lucht
an longphuirt.
15 Ní chadladh
gan chéad n-a thigh
nó ní badh mhó do
mhuintir
airgneach
ruaigdheas Beann mBoirche
gor mheall
uaigneas aonoidhche.
16 Ag biudh ná ag
digh tar an dáil
nír chleacht dó
uaingheas d’fhagháil ;
ag sduaigh
Dhuibhe re n-a dhul
nochon uair duine
diultudh.
17 A dhílsiughudh
ná a dheithbhir
nír chomhain re
choimhighthibh;
nír dhílsigh dáil
dámh ndeoradh
gach dál dáibh ro
dhílseoghadh.
18 Brian, a
dheoradha an domhain,
dainimh dá bhar
ndeorodhaibh
seoladh sluaigh
do theacht fo theagh;
tearc uaibh
deoradh do dhlighfeadh.
19 Táinig
doineann n-a dheaghaidh
do-chuaidh iasg a
hinbhearaibh;
léir gach laoi ar
an samhradh sin,
do bhaoi adhbhar
gon aimsir.
20 Fada gach lá
geimhridh gearr
dá mhuintir ó
nach maireann;
is faide dhamhsa
ná dhóibh
nírbh fhallsa
aige m’onóir.
21 Anaoibhinn
damh fo-dheachta
i n-éagmhais
m’fhir aoinleabtha;
gairid liom lámh
re hó Cuinn
’s a lamh fam
chionn n-a cearchuill.
22 Ro badh gairid
liomsa is leis
aonúir taram is
tareis;
truagh, a Dhé, ’s
gan a dhul uaim
gan mo chur is é
i n-aonuaigh.
23 Dursan gan mo
losgudh lais
an oighidh fuair
go bhfaghmais;
truagh nach rabha
tall as-tigh
’s a chara ann
n-a éigin.
24 An adhaighsin
n-a fharradh
fa-ríor nocho
rabhamar;
do loisg soin mhé
thiar gom thigh
Brian thoir agus
é i n-éigin.
25 An t-olc
fhuair re n-a agháil
ní thug air a
iomghabháil;
do fhéadfadh
Brian gan bhreith air,
do leith na diagh
ní dheachaidh.
26 Usu leis, gér
dhocra dhó
ná a dteicheadh -
’s nir theich rompo -
a bhfuair do
sbairn eile ann,
an teine is na
hairm d’fhulang.
27 Nír marbhadh
d’arm Ghaoidheal ngeal
go bás Briain is
nir báidheadh,
nír loisg teine
riamh roimhe
Brian eile badh
easbhoighe.
28 Díol Briain nó
oighidh nar fhearr
fuair a lán
d’uaislibh Éireann;
fios gliadh na
saoirríogh gar slógh
Brian ar aoindíol
’s a n-urmhór.
29 Do marbhadh
Chobhthach Caol Breagh
do loisgeadh i
dtigh theineadh,
marbhadh
Cobhthaigh ro bo creach
torchair re
Labhradh Loingseach.
30 Eochaidh
Oireamh uair n-a thaigh
ba shlogh
Mhórmhaoil mheic Mhongaigh
. . . a thruaill
go tuinn
man losgadh fuair
i bhFréamhuinn.
31 Conuire i
mbruidhin Dá Bhearg
do thoit re
hAingceal n-airmdhearg;
do briseadh geis
[bhruidhean] mBreagh,
an bhruidhean
leis do loisgeadh.
32 Airc bhruidhne
ar mbrisiudh a geas
do fhuair Cormac
Con-loingeas;
an bhruidhean nír
bhán a dath
far cuireadh ár
na n-Ultach.
33 Do ghabh Éilim
gan fhalaidh
teach ar Fiacha
Fionnalaidh;
dá adhbhar gon
ghaoith fa ghul
marbhadh an
laoich ’s a losgudh.
34 Mac Earca an
earrla leabhair
Muircheartach
mhac Muireadhaigh
an teine más
fhíor do fhuair
’n-a dhá dhíol
eile i n-éanuair.
35 Diarmaid mhac
Cearbhaill na gcath
do thoit le hAodh
nDubh ndíomsach;
do marbhadh tuir
thighe Breagh
ar Muigh Line, ’s
do loisgeadh.
36 Brian mhac
Móire mór an gníomh
do fhuair oighidh
na n-airdríogh;
teine n-a
gharrdha do ghabh,
eire anma na
n-easbhadh.
37 Do laisg an
lucht do loisg teach
air an t-eangnamh
’s an t-eineach;
tuir Bhanbha mar
do bhaoi is-tigh
damhna guil is
chaoi a chluinsin.
38 Is beag orainn
n-a fharradh
na huile eile
fhuaramar;
gach easbhaidh
dar bhean riamh rinn
go Brian nochan
eadh áirmhim.
39 Acht muna
fhuil ag Dia dhamh
éirghe n-a
dhiaidh do dhéanamh
ní éir mé do
eadar as,
leagadh mar é ní
fhuaras.
40 Tar gach
tuisleadh tugadh damh
gus a-niugh
do-nínn reabhradh;
díol Briain ósa
lánolc leam
ábhocht n-a
dhiaidh ní dhingneam.
41 Ní rach
d’iarraidh neich a-nois
a Choimdhe -
créad ma rachmois?
seoid na sluaghsa
gá dám dáibh
a slán uamsa dá
n-éadáil.
42 Ní bheinn gan
éadáil d’agháil
dá maireadh Mág
Amhradháin;
ceannsa Dhé go
bhfagha an fear,
cara mar é ní
fhuigheabh.
43 Ar éis díola
mo dhána
is [orduighthe]
m’éadála
ionmhain cách do
chanadh ruinn
ag sgaradh cá
tráth tiocfoinn.
44 Nír éar duine
re n-a dhul,
docraide a dhul
don tsaoghul;
dámadh eadh ro
badh buan Brian
an fear man-uar
nírbh ainfhial.
45 Teach Briain
do bhris mo chroidhe,
teach mar theach
mBriain Bhóraimhe
teach n-ar
ghairid samhlá sin
nach mairid
ramhná is raifhir.