Poem in printable PDF format
Do b’fhearr mo
sheachna, a Shíle
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 41]
Tadhg Mac Dáire
cct.
1 Do b’fhearr mo
sheachna, a Shíle,
fiú ar fhéachas
d’iúl sheinlíne,
a throigh náir
chéimiodhan chorr,
nar cháir
éilioghadh orom.
2 Dom
dhearbhadhsa, a dhreach mhálla,
fuair tú nó ar tí
teagmhála
ceisd cheilge nar
dhiamhair dhún
nó is d’iarraidh
m’fheirge d’fhadúdh.
3 Narbh fhiú liom
labhra chorrach
tug mé ar
th’aghaidh urromach
re hucht
[coimhrighe], a chúl slim,
is rún oirbhire
im inntinn.
4 Do bhádar
adhbhair eile
liom bhós fa
bheith céilleidhe
sinn éadána ar
th’fhabhra mall
damhna th’éagcára
d’fhulang.
5 Níor chuir mé i
n-iongna oruibh
- cuid eile dom
adhbhoruibh -
gan bheith
fortuill i bhfoghluim
dod dhreich
fholttruim abhramhuill.
6 Ní [tú] as
cionntach, a chiabh lag,
’n-a bhfuil
d’aineolas orad,
a chinn sídh
bhoigInnse Breagh;
bídh ar
th’oidibhse a aithbhear.
7 [Céillidh
th’aitheasg], a fholt tiogh,
séaghuinn
osgailte th’aigneadh
lucht foghluimthe
acht nach fuair sibh,
a ghruaidh
dhonnghairthe dhílligh.
8 Do faighreadh -
feirrde m’aigneadh -
meise, a
bhaisréidh bhrághaidgheal
nach mealltair go
hollamh ionn
i gceardchaibh
ollamh Éirionn.
9 Dámadh ionann -
mar nach eadh -
oideas dúinn, a
dhreach áilghean,
ná
[hiongantaigh], a chiabh cham,
go mbiadh
[th’iomarcaidh] agam.
10 Dall cách i
gceird ar-oile;
cur riom, a rosg
seabhcoidhe,
i gcroiniceacht
níor chéim dhuit,
a shéimh
fhuighilcheart ordhruic.
11 Ní hionann
sinne is sibh féin;
ní chuirfinn, a
chruth soiléir,
geall ar ghníomh
ríoghnamhuil ruibh
do dhíol
d’fhíormhodhuibh ionnuibh.
12 Níor bh’fhíor,
a inghean Éamoinn,
- dámadh fhíor ní
aibéaroinn
red dhreich seing
mbairrleabhair mbinn -
go mbeinn
d’airrdheanaibh inghill.
13 Ní hinghill -
ní hiongna liom -
leat meise ar
mhaille gcéimeann
ná ar ghlór mín i
n-uair annuimh
ná ar fhuaim
shídh do shaorchlannuibh
14 Ná ar
dhuasaibh móra mionca
ná ar fhoisdine
n-aigionta
ná ar chruth
gcaomh mbonnbhán mbanda
ná ar chomhrádh
saor séaghanda.
15 Ní mar sin
duitse, a dhearc mhall;
do-rinnis
d’éagcóir oram
cur ghill na
[foghluime] féin
linn mar
[fhoghlaime aigbhéil].
16 Do bheanais -
níor bheanta dhuit -
a bhaincheann
chríche Cormuic
- bheith réidh ní
héadóigh uime -
béim san éagcóir
oruinne.
17 Feirrde an rún
do-rinne sinn
dámadh áil liom
nach léigfinn
led chneas
nglainrighin ngéag dtrom
méad bhur
n-aindlighidh orom.
18 Ar son nar
bh’fhíor a rádh ruibh
ní budh iomnár
let aghaidh
clár finnleargan
do ghruadh ngeal
d’imdheargadh uam
do b’éidear.
19 Do ghealfadh
mé an malaigh nduibh
’s do-ghéanuinn
dubh ’n-a dheaghuidh
do thaobh
chneasaolta mar chailc
do thaobh
mh’easaonta d’adhaint.
20 Na ruisg gorma
ar ghné an oighridh
do dheargfuinn
iad d’fhorfhoighlibh
gríosadh
th’aighthe acht nar dhual damh
[’s do] ghruadh
gairthe do ghormadh.
21 Gan chrithir
m’fheirge d’fhiuchadh
fa ndearnais orm
d’éiliuchadh
dod chéibh
bharrúrthais shaoir shing
do thaoibh
andúthchais fhuilgim.
22 Saoth liom
nach do mhnáibh Muimhneach
tusa, a bhanda
bhionnfhuighleach,
feadh do
bhaoghlaighthe im bhuain ruinn,
a ghruaidh
shaorghairthe shéaghuinn.
23 Dámadh d’Íbh
Briain do bharr slim
ní fhuighthea a
n-uarais d’uirrim
nó d’Íbh
Carthaigh Chuain Innse
- marthain uaim
don fhuirinnse.
24 Fuil Cholladh
fad chneas mar thuinn
lá na feirge dá
bhfeasuinn
nó fuil
mhaithmheach chaoin ó gCais
dob aithreach
dhaoibh a ndearnais.
25 Duach mhac
Briain do bheith umad
ó ’d-chuala, a
chúl bachullag,
an aicmeise fad
ghnúis ghluin
budh cúis
mh’aintreise oruibh.
26 Breitheamh
córach Clár na Niall
go bhfaice mé Mac
Uilliam;
ní am aghaidh as
cóir a dhul
cóir im fhalaidh
ní iarrobh. Do b’fhearr [Leg. ro bfhearr?].