firstLine"; ?>

732. Do bhaidh teine Thir Chonaill $
Length: long 40qq
Certainty: 2
Period:
  1. 16th ult.
  2. 17th early (c.1600)
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. church cp
Manuscripts:
  1. RIA625 O’Curry transcr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631
Prints:
  1. text DiD no. 81
  2. transl. Ir. Monthly 49, 372
Motifs:
  1. Envoi to saints (BVM & Peter)
  2. general grief for patron
  3. saying the Hours
  4. Friar
  5. Teach aoigheadh (guest-house)
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Apologue Subclasses:
  1. Colmcille got Derry from Aed mc Ainmirech
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do bháidh teine Tír Chonuill


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 81]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cct.


1 Do bháidh teine Tír Chonuill;

táinig díoth don déathoruinn;

gríos beo do bháidh ar dtreise

do-cháidh tre bheo ar mbaitheise.


2 Cia do shluagh Bearnais nar bháidh

lasair innighthe anbháil?

do loisg thall seanróimh ar sean;

ar neamhghlóir ann do hoirneadh.


3 Árus diadha Dhúin na nGall

lá a dheargtha - doirbh an fulang -

táinig thoruinn tuile bróin

do robhuing uile ar n-onóir.


4 Doire Choluim Chille cian ó shoin

do loisg teine é amhlaidh;

do bháidh grísneimh dá uair inn;

suail nar ísligh ar n-uirrim.


5 Rí Éireann - anba an t-eineach -

do bhronn Aodhmhac Ainmhireach

naomhDhoire na bhféarmhagh bhfionn

d’éarlamh raonmhoighe Raoileann.


6 Re mac Ainmhireach ann soin

rug buidheachas a bhronnaidh

Colum cráibhtheach craobh shéanta

naomh na bhfáithbhreath bhfíréanta.


7 An lá-sain féin - fíor an dáil -

do éirigh - anba an diombáigh -

lasair bhras teinntrighe te

dar las deirgtheine Doire.


8 Tre losgadh longphuirt Choluim

do ghabh brón síol saorChonuill;

brón a ionnshamhla re headh

ar shlógh lionnadhbha Lighean.


9 Doire d’éirghe an dara huair

táinig d’fhuil Chonuill chrannruaidh

d’árus séimh na sreabh leisggeal

badh-éin is eadh innisdear.


10 Córaide a uaim amhlaidh sin;

an rath céadna ar chath Leithbhir

fo ríor ní raibhe dá n-éis

a mbíodh i mbaile Bhroinséis.


11 Róimh chrábhaidh catha Éirne

cóir do Dhia í d’aithéirghe;

nír bh’é tol a mbráthar mbocht

báthadh do dhol san diadhacht.


12 Dá ndíoghbháil táinig thoruinn

uile i n-ar síol saorChonuill

tonn bháidhte - is béad lem chridhe -

tréad na háite hainglidhe.


13 Móide as díoth a ndul seacha,

fa crábhadh a gcéidbheatha

- dóibh do b’aithbheatha a n-umhla -

aithreacha na healadhna.


14 Budh tréad gan bhuachaill crú Cuinn

nó go gcruinnighid chuguinn

tre annsa i gceann a chéile

dream ler bh’annsa an aithmhéile.


15 Gér bhocht nír bhocht a gcridhe

ord na háite hainglidhe;

ní bhíodh a lógh orra ar-ís

gidh mór dtonna do thráighdís.


16 Ní d’iarraidh chlú ar chathaibh Breagh

do cheannchaidis fíon fuairmhear

’s ní do ghrádh comhóil cheana

acht d’onóir an fhoirghneamha.


17 Teach aoigheadh coitcheann do chách,

moladh Íosa i ngach éantráth,

fa gnáth aca ucht re hucht,

slata dar bhláth an bhochtacht.


18 Tréad báidh dar bheatha an bhochta

fuair do dhruim a dhaonnachta

glóir shaoghalta mar nar shir

i róimh chaomhanta an chreidimh.


19 San eaglais bhoicht nar bhocht céim

go bhfaiceam ar-ís iaid-séin

ar éinshlighidh sonn fa seach

an drong chéimrighin chráibhtheach.


20 Smuain mar tá Éire dá n-éis

cuir tre sheirc, a Shan Phroinséis,

ar Impire na n-aingeal

impidhe nach éadaingean.


21 An coimhthionól nar chleacht sgís

togbháil an bhaile i mbídís

sir ó chroidhe ar Cheard na ndúl

danab goire a fhearg d’iompúdh.


22 A Shan Phroinséis nar mhuidh mhóid,

guidh fa leith thuas an Tríonóid;

sul thuga sí éara ort

fa thrí déana do dhúthrocht.


23 Fa fhurtocht ar th’árus féin

nocht ar a aghaidh iaid-séin

a chóig chomhartha ar do churp

róid nach doghabhtha ó dhúthrocht.


24 Ar deis Dé go ndeachaidh sibh

dot ísliughadh dar-íribh

do shíor do chráidhis do chorp;

ní gníomh áinis an umhlocht.


25 Do thréig tu-sa do thír ghnáth

agus innile is órshnáth

is leabtha suain ar bheith bocht

go breith buaidh ar an mbochtacht.


26 Do thréigis fós - foirbhthe an ghlóir -

beirt órdha ar éadach ndeargóir,

is fíon ar an uisge fhuar;

a bhríogh dhuid-se ní diombuan.


27 Dar ndóigh ní dhiongna an Coimdhe

th’oba ar aoi na connailbhe;

do-rala Rí an bheatha bocht

’s do bh’í do bheatha an bhochtacht.


28 Ná léig feasd ní as sia ná so

ó tá th’impidhe ar Íosa

san Bhanbha fa ealta éan

leabtha falmha na bhfíréan.


29 Córaide a chur ’n-a chruth féin

dá snadhmthar ar-ís ei-séin

teach suidhe na mbráthar mbocht;

báthadh ní fhuighe a n-umhlocht.


30 Go gcluine sinne sonna

san mhainisdir mhíorbhalda

faoidh bróin mar do bhí reimhe;

fa róimh hí don aithrighe;


31 Ag moladh Dé leath ar leath

go gcluineam ceol a haithreach,

is ceol abaigh a héan mbinn;

ní cagail déar do dhlighfinn.


32 Go bhfaiceam a hiobhra ar-ís

fa bhláth mbuan mar do bhídís

’s a habhla feactha fanna;

balbha a n-ealta eatorra.


33 Do b’iongnadh Ultaigh dá héis

treabh shuaitheanta Shan Phroinséis;

gnáth éagnach ar ar gan fhál;

do ghabh ar gcéadrath claochládh.


34 Samhail dúinn iar n-a dol síos

ceardcha gabhann gan ghuailghríos,

beich gan mhil, teach gan tughaidh,

nó each gan idh n-urchumhail.


35 Guidh ar a son san tigh thuas,

a Phroinséis fa cruaidh coguas,

na guaisbheithre ó Ghurt Eine

lucht uaislighthe th’aitreibhe.


36 Conallaigh dá ngarmthaoi Glais

fiallach uaislighthe th’árais,

guidh go síordhuidhe ar a son,

cuir th’fhíorghuidhe let fhocal.


37 Guidh le laochraidh Fhóid Eine,

guidh leam i n-am d’áiridhe,

a chraobh dhíona an duille ghloin,

a Mhuire mhíolla mhiochuir.


38 A úir as airde ná neamh,

a bhean rúin Ríogh na n-aingeal,

a ghlór nachar ghnáthuigh coir

a mháthair, a ógh ionmhuin.


39 A ghéag fhíthe as uaisle bpóir,

lá na breithe ar Sléibh Si-óin

ag toigheacht dún i gcionn cáigh

nach liom do rún tre robháidh.


40 A Easbal dan hainm Peadar,

a dhoirseoir an Dúileamhan,

uch gan [sinn-ne] id ghar do ghnáth;

rinn-ne go rabh do robhádh. Do bháidh.