firstLine"; ?>

734. Do bheannaigh Dia dun meicc Piarais $
Length: short 10 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. RIA 998 (23/F/21) Vellum 16th cent.
Prints:
  1. text Carney PB no. iii
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. comparison with all others
  3. liberality to poets
  4. house
Poet Christian Names:
  1. Domhnall (RIA 998)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Teaboid mac Piaruis
Patron Surnames:
  1. Butler lord of Caher d. 1596
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Do bheannuigh Dia dún meic Piaruis


[Carney, James: Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D. 1400-1650), Dublin, 1945, poem 3]


Domhnall Mac an Bhaird


1 Do bheannuigh Dia dún meic Piaruis,

port as fearr dá bhfacaidh neach;

nír ghnáthaigh sé an múr gan meadhuir,

re dún mar é bearair breath.


2 Sliocht a bheannuighthi biaidh choidhche

ar chúirt an fhir as fhearr lis;

ní fhuair ceart nach cóir dá chridhe,

tearc dámadh cóir righe ris.


3 Ní holc an dóigh dénamh chuice,

Cathoir dhaoineach Dúna hIasg -

ní buan file ar chúl na comhladh -

múr as tighe, as roghlan riasg.


4 Ar feadh m’eólois ar fhiadh Mumhan

múr mur é ní haithnidh damh,

mo chean fear innte do hoileadh,

treabh shlinnte na ngroigheadh nglan.


5 Cosmhail triall gu teagh meic Phiaruis

an phuirt aird, an aignidh réidh -

maith cuairt an duine nach dochraidh -

an chuire shuairc shochruidh shéimh.


6 Lucht friothólmha ar feadh an dúnaidh

do dhaoinibh óga as fhearr lúdh;

mé a-réir, nírbh iongnadh ar aisling,

san bhfionnbhrugh réidh fhairsing úr.


7 Dá bhés tarla ag Teabóid Builtér,

beag a mhaoidheamh, mór a ghníomh,

tug grádh Dúna tar gach domhan

lán súla gach roghan ríogh.


8 Maith an fear gá bhfuil an teagh-soin,

teagh as uaisle oiread slóigh -

rún muirir a méin an teaghlaigh -

’gun bhuidhin réidh mheanmnaigh mhóir.


9 An dream gá bhfuil tnúth re Teabóid

ar a ttarla an teisd as mó -

a chlú gan adhaint ní fhédfa -

malairt rú ní dénta dhó. Do bheannuigh Dia.


10 An teach a mbí bean mar Mháire

measaim féin nach fuighe sé -

as dáigh as a cruth a carthain -

guth bhus náir do dhaghthoil Dé.