firstLine"; ?>

735. Do bhearam seal re saobhnos $
Length: short 6qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th early
Classes:
  1. Love
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. TCD1423 (H.6.21)J. Chambers 1774-81
  3. RIA 257 (23/G/24) M.Og OLongain 1795-
  4. RIA 253 (F/iv/2) M. Og O Longain 1813
  5. RIA 1382 (23/O/73) T. Hickey 1814-30
Prints:
  1. text O’Rahilly, DG no. 6
Motifs:
  1. Puns
Poet Christian Names:
  1. Laoiseach (TCD1423)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird (RIA253,257,1382 &c)
Patron Christian Names:
  1. Grainne
Patron Surnames:
  1. Cname only
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Do-bhéaram seal re saobhnós


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha no. 6]


Laoiseach mac an Bhaird.


1 Do-bhéaram seal re saobhnós,

ní bhiam re baothghlór banda;

na mná dhíobh ba díol tola

ní hiad a-nosa is annsa.


2 Acht gidh iad na mná sgiamhdha

is mó iarrthar le fearaibh,

isí an bhean díobh badh Gráinne

badh sáimhe liom im leabaidh.


3 Agam dá mbeadh an bhantracht,

mná Alban is mná Sagsan,

do b’fhearr liom beagán páirte

ón mnaoi is Gráinne dá bhfaca.


4 Bheith gan choirce gan chruithneacht

beag do thuigeas gur bh’easbhaidh;

ní ionnta do bhí ar gcáisne,

acht bheith gan Ghráinne is eagail.


5 Níor cheist oram dá ndeineadh

goid nó éigean ó dtiocfainn;

mo mhallacht ar m’fhear páirte

nár fhágaibh Gráinne im iothlainn.


6 Bean is Gráinne don bhantracht,

bheith ’na hannsa ni shéanfam;

tug sí mo chiall ar claochlódh,-

seal re saobhnós do-bhéaram!