firstLine"; ?>

737. Do bhriseadh cunnradh ar cach $
Length: middling 30qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th c., 17thc. add
Prints:
  1. text DiD no. 21
  2. transl. Ir. Monthly 58, 590
Motifs:
  1. envoi to ‘saint’ (Christ)
  2. tribute (cios, cain)
  3. imagery for God’s grace
  4. role of BVM
  5. Christ as kinsman, BVM as kinswoman
  6. the Devil
  7. Original sin
  8. use of legal terms
Apologue Subclasses:
  1. Adam & Eve - the Fall of Man
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Do briseadh cunnradh ar cách


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 21]


1 Do briseadh cunnradh ar cách,

an cunnradh ’n-a bhriseadh bíoth;

an cor do ceangladh re cách

fáth meanman a dhol do dhíoth.


2 Ar ndol fa reachd nDiabhail dúinn

ar riaghail tar cheart do-chuaidh;

do rad bean ubhall dá hóidh

ler bhean an chóir . . .


3 Do-rinne ar námha rann rinn

crann na cána nó gur chaill;

an uaisle do-chuaidh ó cloinn;

ar mbuain an chroinn fuair-se ar bhfaill


4 [A] éara ní fhuair ón mhnaoi

- ar Éabha dá bhuain do bhí

neimheagla as ar mealladh mé -

sé ar ngealladh deigheagna dí.


5 [Don] tuigse ar ar tréigeadh neamh

an céidsheal mar thuig-se toil

- mince as aimhleas dí ná dhamh -

ainbheas do ghabh sí ar a son.


6 An ghlóir ó do ghrádhaigh súd

fan gcánaidh sul do-chóidh siad

do chealg [bean] uathaibh tre éad;

tréad gan bhuachail do b’eadh iad.


7 Bioth ’n-a umhla budh ál leis;

gan a chumhna is nár a-nois

aingeal Dé gé a-dubhradh ris

do bhris sé an cunnradh re a chois.


8 A-tá fala ar gach droing díbh;

don chloinn nach rabha dá réir

do-[bhir] an breitheamh bheith cóir

ar bhreith dhóibh nó a bhfeitheamh féin


9 Táinig [a] ghábhadh fa ghnaoi

Ádhamh mar ráinig an rí

is cara ler hagradh é

fala Dé dá n-admhadh hí.


10 Abhall na cána gur cheil

’s a námha d’fhulang ’n-a fhail

ionnarbadh dá shíol ó shoin

gach coir díobh d’iomardadh air.


11 Truagh, a Éabha, is goire ar ngaoil

- séana ar gcoire nír dhual dúinn -

narbh ionann méin deit is dáibh

- méin do na mnáibh reic a rúin.


12 Ní dhiongnadh díoth budh díoth leis

síoth ar mbiodhbhadh sul do bhris;

oruinn ó do-cháidh ’n-a [chrois]

toghuim a-nois an fáidh fis.


13 Do chuir Éabha ór fhás gach teidhm

séala ar bhar gcás - ní cás soirbh;

is tearc nach tánaig fan ngairm

snaidhm rer námhaid mar eacht oirn.


14 Tualaing gach neach nighe a chean;

dá mbeath ar mo chridhe [ag] cur

sealbh an anma ó Dhia do dhol

an cor snadhma ní bhia ar bun.


15 [Moch] as a n-ucht léigthior leam

- gá dulc - an céidchion im chionn

- a-tá an baoghal gidh eadh ann -

crann is bean ler saoradh sionn.


16 Is í le chéile is an chroch

is géire do bhí dar mbrath;

liaide duine ag dul ’n-a teach

cor na gcreach ar Muire a-mach.


17 Grás Dé, gidh radhána a rádh,

sás gabhála na sé slógh

do hinnleadh le rígh na ríogh;

díol an lín d’innbhear an ógh.


18 Bean dá ránaig grás is gnaoi

ní tlás re námhaid do-ní;

ar ionchuibh mná dála Dé

dána don té a-tá ar mo thí.


19 Le ar dtagra go mbearar buaidh

dleaghar [a] agra ar an óigh

gur bhuing bean an dúthaigh dhíbh

neamh do budh tír dhúthaigh dhóibh.


20 Cia eile budh daingean damh

Muire [gar] cailleadh [an car];

a gealladh ó bhíos n-a bhun

gealladh dol síos ar ar son.


21 An cunnradh nochar chead daoibh

cungnamh gur chead dá bhar siair

cor le a cairdibh ins an gcóir

cóir don mhaighdin dol ’n-a dhiaidh.


22 Ar gceangal dá bhféaghthaoi faoi

a-déarthaoi gur mealladh mé;

do tréigeadh san fhosadh hí

crosadh sí más éidear é.


23 Fuair eidhreacht tre ghníomh a ghaoil

do dhíol ar seinshliocht re ar siair;

gach sochar dá ndingne dhóibh

cóir d’inmhe dochar ’n-a dhiaidh.


24 An chóir dá mháthair do mharbh

mo bhráthair nó gur fhóir orm;

an uair fa rugadh lé an leanbh

tugadh sealbh Uain Dé ’n-a dorn.


25 Gar dá chéile ar bhfuil ’s ar bhfeoil

ní uil ar gcréi-ne acht dá criaidh;

maith ar gceart ar Moire mhóir

gidh tearc cóir duine ’n-a dhiaidh.


26 Fuair nós ar a humhla ón fhior

is le humhla ar dtós do threabh;

Moire gin gur thruaill a tol

ní har a gloine fhuair fhear.


27 Le ar siair chridhe is dolta dhúnn

slighe na bochta ar a mbíodh;

do ghabh reamhaibh - ní [réim] chlaon;

leanaidh a chaor féin an fíon.


28 [Monadh] olc do budh olc lé;

i dtalamh gidh bocht do bhaoi

tug gach maith fa dheireadh dhí;

deighfhear do-ní maith don mhnaoi.


29 Do-chóidh an fhala ar a hais;

a ghlóir nocha rabha ris

go rug an leanbh céim san chrois;

réidh a-nois an bhearn do bhris.


30 Ó fríoth lat créachta an chló

créachta nach fríoth le mac mná

nír fhás go héag ceo ar do chlú,

a chnú bheo don tréad dá dtá. Do briseadh.