firstLine"; ?>

739. Do bhriseas bearna ar Bhrian $
Length: long 43 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Thanks mp
Manuscripts:
  1. Francis. Lib. A25 B MagNiallghuis1610-
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  4. RIA1387 (23/O/78) UillR. MacCoitir 1723
  5. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R.1744-
Prints:
  1. text DiD no. 82
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. Envoi to another patron
  3. Envoi to ‘saint’ (The Holy Cross)
  4. nobility of patron’s ancestry
  5. Attack on poet
  6. Patron’s prowess in battle
  7. Patron’s caithreim
  8. saying the Hours
Poet Christian Names:
  1. Maoilsheachlainn na nUirsgeal BOCDetc
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Brian mac Domhnaill mhic Mhuircheartaigh
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair (d. 1440)
Apologue Subclasses:
  1. Seirglighe Con Culainn
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 82]


Maol Sheachlainn na nUirsgéal Ó hUiginn


1 Do bhriseas bearnaidh ar Bhrian;

ní gabhtha dhó mar dhímhiadh

gidh bearna do brisde leam

ar chisde fheadhma Éireann.


2 Gé bhrisim air im aonar

beirn le beagán iolfhaobhar

brisidh caithbhearna ar chéad fear

géag as aithreamhla aigneadh.


3 Ní hionann agus é féin

meinic bhriseas beirn n-aigmhéil,

ar tuir mBearbha níor bhlaghas

bearna as a bhfuil foltanas.


4 Urchar beirne do bhriseadh

dom iomarcaidh aigei-sean

is béimeanna ar a mbí neimh

is trí géirreanna gaisgidh.


5 Dá mhanaois bhrisde bearna

aige agus lann loinneardha;

an tsoighead gémadh í ann

nocha bí a hoiread agam.


6 An t-arm ler bhriseas bearnaidh

ar chuingidh clann dToirdhealbhaigh

ní fhuil ag an dearccorr dhonn

leathtrom nach cuir i gcomhthrom.


7 Do ríneas beirn do bhlaghadh

air a hucht na healadhan

cóir labhra dá char i gcéill

mar tharla dhamh is doi-séin.


8 Seacht leithbhliadhna do léigeadh

gan chánaigh gan choimhéigean

Magh Inghine an Sgáil far sgoil

ó fhinnbhile Chláir Chobhthoigh.


9 D’ionadh a n-áirgheadh nó a n-each

ní coigillte ar chionn Chairbreach

fear uaim i n-oirchill a gcruidh

ná cluain oirchinn dá n-eachaibh.


10 Mac Raghnailte an rúin chéillidh

gabhais fearg an bhflaithfhéinnidh

mar nar seachnadh uaim don fhior

cluain a eachradh nó a áirgheadh.


11 Ní nar bh’iongnadh dhó dá dhruim

mh’fhearg mhór-sa re mac Domhnuill;

lasaim go fear ar bhfeithmhe

gur bhean asainn imirche.


12 Brisdear agam ’n-a aghaidh

bearna ar Bhrian Ó Conchobhair;

a bhaile ránag a-rís

tánag a bhaile i mbímis.


13 Níor briseadh - beag dá uaisle -

bearn air acht an aonuair-se

ó aois leinbh gus an lá a-niogh

gé tá re beirn do bhriseadh.


14 Mar sin nach aithrisdir uaidh

go ndearna an Cú ón Chraobhruaidh

bas ghéigshlim far ghrádhach mná

lámhach éigrinn acht aonlá.


15 Lá dá raibhe i nDún Dealga

Cú Chuluinn cruth naoidheanda

óidh na gcuradh ar an gCoin

slóigh Uladh i n-a fhochair.


16 D’éis an óil ar n-éirghe a-mach

dá bhfacaidh an fhian Ultach

crann go nduille fheactha fhaon

ealta ag luighe dá leathtaobh.


17 Líonaid dá n-annsacht uile

mná Cúigidh chlann Rudhruidhe;

gá cur do budh deacra dháibh

cur ris an ealta d’fhagháil?


18 Do dhóigh a lámhach an laoich

iarraid ar athair Chonlaoich;

teilgthear uadh na heoin áille;

fa tuar leoin is lúthgháire.


19 Marbhthar le Coin an chleasraidh

ar itghibh na n-inghean-sain

na heoin don dírim dheaghbhan;

fírrinn ceoil a gceileabhradh.


20 Ar roinn na healta don fhior

níor dhearmaid umpa acht Eimhear;

do bhí ar Eimhir reacht fan roinn;

deimhin nar chleacht an chomhroinn.


21 Gealltar uaidh ’n-a éiric sin

na céideoin eile d’Eimhir

do thornfadh ar thaoibh an chnuic

ó chraoibh na n-orchar n-orrdhruic.


22 I gcionn trill teagaid go cách

dá éan go n-éagcosg neamhghnáth

- cia nach tabhradh óidh orra? -

go slabhradh óir eatorra.


23 Tug bainchéile Chon Culuinn

grádh dearmháireach dofhuluing

don cháraid iongantaigh éan

thánaig d’fhionnochtaibh oiléan.


24 Agrais Eimhear an fhuilt truim

a chunnradh ar Coin gCuluinn

fan dá éan gér dhainimh dhó

gan sgéal ’n-a haighidh umpa.


25 Dá uair nó a thrí teilgthear lais

na heoin áille is níor amais;

do bhí ar confaidh mar do chuir

trí horchair tar na héanaibh


26 Feadh bliadhna ní dheachaidh dhe

athtuirse na n-éan síthe;

ní hiad imtheachta na n-éan

as inleanta acht an t-uirsgéal.


27 Gan éinéan riamh roimhe sain

do dhul do dhaltán Chathbhaidh

gan bheirn ar Bhrian do bhlaghadh

riamh acht d’fheidhm na healadhan.


28 Ní gabhthar géill na teangadh;

bearn ar Bhrian do bhriseamar;

níor thadhaill bheirn nachar bhris

dá lamhainn a fheidhm d’aithris.


29 Líon timchill gacha tíre

i n-oirchill na hairdrighe

rí Sligigh is sé sheolas;

ní mé idir fhoillseoghas.


30 Do-fheadar budh éigean damh

cúl re cineadh a mháthar

ar Bhrian muna bhear dá cheilt

ar bhean a Trian an Tuaisgcirt.


31 Fogus d’fhéin Mhurbhuigh mi-se,

ní fhéadaim a innise

mar do bhlagh a gclacha chuir

’s a chatha fa mhagh Murbhaigh.


32 Ar Mhagh Luirg na learg solas

dá n-áirmhinn a urradhas

a ndearna Brian d’fhoghail ann

do bhiadh ’n-a fholaidh oram.


33 Na táinte bó do bhean díbh

dá n-áirmhinn ar an airdrígh

Fir Mhonach ní budh réidh rinn;

i bhfolach go léir léigim.


34 Síol Muireadhaigh is Manaigh

do chuirfeadh im cheartaghaidh

bheith ag tuirimh na dtreas thug

bheas gidh duiligh a ndearmud.


35 Goill Connacht do chur dom dhruim

nó a n-iarmhoireacht ní fhéadaim

a bhreatha troma [ar a] dtigh

ná a chreacha orra d’áirimh.


36 Ní fhuil éintír aca so

nach bí cuid éigin aca

ag gabháil le a chneas mar chailc

d’fhagháil treas nó dá dtabhairt.


37 Ní bhí anbhuain i nUltaibh

ná coimhéirghe i gConnachtaibh

nach é triath an Tobair Ghil

as cliath chogaidh dá chairdibh.


38 Cara ná deargnámha dhíbh

ní fhuil d’urradh ná d’airdrígh

d’fhine Chuinn dá gcuir leis-sean

gan tuinn dá fhuil uimei-sean.


39 Le foluibh uaisle iomdha

is le tréidhibh tighearna

do chosain Brian clanna Cuinn

ó Bhanna siar go Sionuinn.


40 Ní mionuighthear a Mumhain

bearna ar Bhrian Ó Choncubhair;

ní thig fian Eamhna dá fhios,

bearna ar Bhrian gé do bhriseas. Do bhri.


41 Bás inghine Í Bhriain do bhlagh

mo [chroidhe] - créad nac blaghfadh?

do ghnáth ní lugha do lá

mo chumha an tráth fa dteasdá. Do bhri


42 Móide do bhriseas bearnaidh

m’onóir a hucht Toirdhealbhaigh

gan chur ris i dtráth tugha

ar chách do bhris bearnadha.


43 Na trátha le mbrisinn beirn

a chroch Dé, ar dheamhnaibh Ifeirn

uaim ar dhearmad ag dola

ní neamhlag uaidh m’arodha. Do bhri.