firstLine"; ?>

742. Do chaithfinn cara cuirte $
Length: long 32 qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 6 (23/I/40) c. 1700 Co. Offaly
Prints:
  1. transl. D na mBr. Mionur no. 18
Motifs:
  1. imagery for saint
  2. role of BVM
  3. disciplining the body
  4. Beatitudes: 8 ways to Heaven
  5. Friar
Poet Christian Names:
  1. RIA 6
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Patron Christian Names:
  1. Francis
Patron Surnames:
  1. saint
Apologue Subclasses:
  1. St Francis stigmata (appeared on his statue)
  2. Francis: Rule dictated by Christ
  3. Birds
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do chaithfinn cara chúirte


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 18]


San Froinsias, cara cúirte


Ó Cléirigh .cct.


1 Do chaithfinn cara chúirte;

eaglach duine domhúinte;

feirde cara thall as-tigh

fala ann, má dho éirigh.


2 Gidh iomdha adhbhar fala

a-tá ag Críost dom chiontadha,

cá fala as nach bhfuighinn síodh

’s mo chara ar uilinn airdríogh?


3 Nír éirigh fós fearg an Ríogh;

mairg dar éirigh A eisíodh!

A fhearg, i dtós a tuile,

a searg fós do fédfuidhe.


4 Do-ghébha mé - maith do thuill -

ar impidhe m’fhir chumuinn,

cé a-tá dubhadh ceatha um chionn,

turadh seacha dá siriom.


5 Céim nach rug aoinfhear oile -

Phroinsias, ar bhfear pártoi-ne -

céim san bhochtacht ós cionn cáigh;

is liom a fhortacht d’fhagháil.


6 Fleadh gan fhoirceann aige soin

ar fhleidh diombuain an domhain;

buaine leam an rogha rug

ré ndola i gceann mo charad.


7 Proinsias naomh ní nár linne;

mór an t-adhbhar intinne;

ní dhligh meisi gan meanma

’s a threisi i dtigh a Thighearna.


8 Fiche bliadhan do bhí soin

ag treabhadh fa chuing crábhaidh;

ar threabh, ó do-chuaidh fa chuing,

’s a threisi do-fhuair na hiothluinn.


9 Do dhol ar neamh na naoi ngrádh

do-rinne an t-eolus iomlán;

is cóig róid d’fhine Ádhaimh

chóig cridhe mo chompánaigh.


10 Do chreid do chlár na Tiomna;

do lean lorg an Tighearna;

do iarr mar obuir ar dhuine

grian tobuir na trócuire.


11 Do-chonncas dó, is dearbh a-nois,

go n-airdeochadh an eaglais;

rug a dhlaoi don reacht reimhe;

do bhaoi a theacht i dtairngeire.


12 Cíoch Muire do mhínigh soin

A chédfhearg re cloinn Ádhoimh:

fearg Dhé do réidhigh a-rís

dé do éirigh in Aisís.


13 A-tá cara chuirfios linn,

Proinsias agam it oirchill;

ní fhuil mh’anam ar h’eineach;

sguir, a chalann choimheigheach!


14 Fada nar féchadh roimhe

an blas-soin na bochtoine;

fuair do bhlas ar an mbochtacht

nach clas uaidh a hanshocracht.


15 Do chreideadh féin - foirfe an sén;

fa congnamh é do fhírén -

a mhian go n-uighbheadh dá éis -

gach pian dá bhfuilngeadh Phroinséis.


16 Ní chuala gur chin roimhe

- dá measainn a mhíorbhoile,

ní léir leam leath a mhíorbhal -

neach do mheall a mhaithghníomhradh.


17 Do fhosgladar uatha féin

chúig cneadha ar chorp an fhíréin

a pháis gur thabhaigh a thoil;

samhail a bháis ’na bheathoidh.


18 Aoinfhear dég do dhúsgadh dhó

is fiche fuair ó Íoso;

a bhfuair - cá foirfe fearta -

ní foighthe ar uaill aigeanta.


19 Más fhíor do luighsiod láimh ris

d’éisteacht a fhuighill mhilis;

ciall iongna don ealtain én;

iomdha ar a fheartaibh uirsgél.


20 Aisgidh bheag nar bheag toradh

d’fhior fár cuiriodh cathughadh;

rug leis dá ingnibh ar iarr;

leis do imdhigh a ainmhian.


21 Dá chruas ní chuala martra;

cá mó cuid dá chumhachta

nar fhég go hiomdhaidh ngrísi

an ghég d’fhiodhbhaidh Aisísi.


22 Grása Dé fa-deara sin

umhla ag duine ó na dúilibh;

fíon Duidsi ar n-a dhéinimh dhe

céilidh ón uisgi h’aithne.


23 Do-chuala cách iad dá éis -

do-níodh an fírén, Froinséis,

- lón is oircheas don uile -

foilchios mór do mhíorbhuile.


24 A Íosa, ní haithreach libh,

tuguis neart dó ar na dúilibh;

beag más mhó bhur bhfearta féin;

uaibhsi, nó, eachtra an fhíréin.


25 Bráthair d’ord éigin dá éis

do fhiafruigh d’fhioghuir Phroinséis;

do bhí d’iongnadh ’na oidhidh

nar iongnadh hí d’fhiafroighidh.


26 Líonuis tnúth ’na thimchioll sin

an bráthair - fa beart doiligh;

tug sé gá síorghuidhe sin

míorbhuile Dé gur dheimhnigh.


27 Tonn fhola as gach áladh dhi

d’fheartuibh Dé is dó do rinne;

tig ón deilbh dá dhíoghuil féin

feidhm ar fhíonfhuil an fhíréin.


28 Lá eile le hintinn ghlain

leis mar nar lór a riaghuil

téid do bhoing a diamhra dhi;

ní coill riaghla do rinni.


29 Goirid dóibh ina dhiaidh sin

nó go bhfacaidh rí an ríchidh

i ndealbh chésta ar a cheann;

fésta do b’fhearr don fhíréin.


30 Buidhean bheag dá bhráthraibh féin

do leansad lorg an fhíréin;

a lorg do leanmhoin ó shoin

do mheabhroigh ord an érloimh.


31 A-dubhairt duine dhíobh soin:

“ná cuir oruinn, a athuir

- teagoimh go dtiaghuir tar modh -

riaghuil budh eagail d’iomchor.”


32 Briathar Dhé ar a dheireadh soin

do-chluinid fós - fáth baoghuil

fuair siad san chomhrádh do chan

gur iomlán iad dá uamhan.