firstLine"; ?>

743. Do charas crios mo charad $
Length: short 9 qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Mayn. M84 S. O Murch. na R. 1738-47
  2. RIA7(24/L/13)S.OMurch.na R et al.1738-
  3. RIA 256 (23/G/23) MOg O Longain 1800-
  4. NLI G 362 E. O Mathghamhna 1816
  5. Mayn. M96 M. Og O Longain 1817 Cork
Prints:
  1. transl. Dan na mBr. M. no. 16
Motifs:
  1. Friar
  2. use of legal terms
Poet Christian Names:
  1. Aonghus (RIA 209, 252, 255)
  2. Colm Cille (RIA 256, Mayn. M96, NLI G362)
Poet Surnames:
  1. Saint
  2. O Dalaigh (Fionn)
Patron Christian Names:
  1. Francis
Patron Surnames:
  1. saint
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do charas crios mo charad


[Mhág Craith, Cuthbert: Dán na mBráthar Mionúr I, Dublin, 1967, poem 16]


Crios San Froinséis


File anaithnid .cct.


1 Do charas crios mo charad;

díon é ar fhuath ar n-easgarad;

go ria fios ar sláinte sinn

fáilte reis an gcrios cuirim.


2 I n-ainm an Athar neamhdha,

gabhaim crios ar gcinneamhna;

fód sealbha dar gcris-ne an corp

slisne dearbhtha dhon diadhocht.


3 Lé ró ghráidh do ghabhadh linn

crios Phroinséis - feirrde mh’inntinn;

cia an lorg is teasmhara tnúdh

ón Ord measardha Mionúr?


4 Naomhtha a-niugh a ainm dá éis;

naomhtha riamh fearta Phróinséis;

naomhtha a n-ord is a n-obair;

naomhtha an lorg do leanodair.


5 Daoine is óige ’s is umhla;

daoine bochta bráthurdha;

daoine is sine ’s is saidhbhre;

daoine tridhe táthailghe.


6 Daoine dísle Dé Athar;

daoine is uaisle ordachadh;

dream naoidhe is buaine beatha

daoine nuaidhe náireacha.


7 Daoine is caoine cás labhra;

daoine is aobhdha agallamha;

lucht seang dá n-éirghe ambuadh

an dream céilldhe cumannbhuan.


8 Próinséis naomhtha is naomhtha stair,

ceann oirdheirc an uird chrábhaidh,

ós cara é dá fheabhas

go gcara mé a mhuinteardhas.


9 Go mbia liom ’na láimh ar gcúl

guidhe an Uird mhíonghlain Mhionúr,

lé gach fios nar anad as!

raghad ’san gcrios do charas. DO CHARAS