firstLine"; ?>

746. Do chim gach fear acht Fiacha $
Length: middling 27 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 348 Sean O Fearghail 1895
  2. Harvard O Byrne MS 1726 from 1622 ex
  3. TCD 1288 (H.1.14) A. O Dalaigh 1750
Prints:
  1. text LB no. 45
Motifs:
  1. patron’s liberality to poets
  2. Kingly Functions:binding men together etc
  3. Hostages
  4. Submission, tuarastal, coimirce
  5. contrast btn former joys & present grief
  6. poet’s own mourning
  7. poet exposed to attack by patron’s death
  8. Hunting
  9. Board games, gambling
  10. aonach (fair, assembly)
Poet Christian Names:
  1. Fearghal (mac Lughaidh) Harvard O ByrneMS
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh (mac Aodha)
Patron Surnames:
  1. O Broin (d. 1597)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do-chím gach fear acht Fiacha


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 45]


Fearghal Mhac Lughaidh


1 Do-chím gach fear acht Fiacha

eidir uaisle is airdtriatha,

’s daoine gan bhéim ar a mbloidh

’s a ndraoidhe féin ’na bhfochoir.

2 Do-chím a theaghlach tromdha

’s a ghaol ’s a lucht leanamhna,

’s ní fhaicim céile na gcliar

dá bhfaicinn gléire Ghailian.

3 Do-chím ollamhuin fhóid Breagh,

do-chím cliara na gcóigeadh,

feadh comhóil in gach caithir

fá onóir ’gá n-ardfhlaithibh.

4 A lucht do-chí nó do-chluin,

an truagh libh draoithe an domhain

fá threisi ’gá ttriathaibh féin

’s meisi gan Fhiachaidh ainnséin?

5 Nó an truagh libh, a lucht comtha,

do dhíoth cinn mo chobhartha

a mbí do thár oirn d’éigin

’s moirn ’ga lán dom leithéidibh?

6 Nó an truagh libh mo dhán gan díol

’s mo chion ag dul a ndimbríogh?

d’éis an tseisi ór slonnadh sinn

meisi an t-ollamh gan uirrim.

7 Ionann bhraithim go nua a-nois

an té as treise ó taoi am égmhuis,

is an tí as éidtreise iocht

ar tí m’éignei-si a n-aoinfhiocht.

8 Ní sheachnann sluagh dá mhéad mé,

guais leam gach lucht dá loige;

am chádhos do-chuaidh caithiomh,

tárras uair nách íocfaithear.

9 Créd an diamhair-si ar ndul air?

nó an truagh nách faicim Fiachaidh

ós é do fhédfadh m’fhurtacht

is do fhégfadh m’anocracht.

10 Ní fhaicim é lé treimhsi,

a chomhrádh ní chluineim-si,

a-muigh ar tolaigh ná as-toigh;

cá conair a bhfuil Fiachaidh?

11 Créd nach faicim flaith Laighion

a measg druadh ná deóraidheadh,

ag deaghthuar teasd ná troimneirt

a measg creachshluagh gcreachoirdheirc?

12 Ná a measg bandál ná brughadh,

ná mac ríogh ná ríoghcuradh

ag buain teasd a ndoibheart díobh,

a measg oireacht ná uirríogh?

13 Smacht flatha ré feadh síodha,

glés airm lé hucht móirghníomha,

uch nách cluinim far-íor uaidh

gníomh dá gcluininn an chéduair!

14 Créd nách cluinim mar do chleacht

Fiacha ag geimhleadh giall n-oirdhearc,

ná a ttús coinneadh crú deaghBhroin

ag toilleamh clú a gcaithbhearnain?

15 Ag sreathadh con ar chionn sealg,

ag deilbh chean ná ag cosg díbhearg,

ag cosg doirre sgol gan scíoth,

ná ag dol a gcoinne coigcríoch?

16 Do bhíodh againn, gach aoinfhear

do lucht dénta duanlaoidheadh,

luagh ar a nós a-nallain;

truagh nách ’na thós tárramair.

17 A chomairce ’s a chosnamh,

a thionnlagadh tarbhach-san,

a rún ’s a chomhrádh ré chois,

a roghrádh dún ’s a dhíoghruis.

18 Ionann fa m’fhachain scíthe

a chomthaigh ’s a choigcríche,

’s a mair don laochruidh Laighnigh,

a chaomhthaigh ’s a chomhairligh.

19 A mbí ag éagnach dá aithle

eidir chairde is chomhaighthe,

damh féin as foide leam-sa

féil broide na mbuidhean-sa.

20 Beag an chúis lúthghára leam

gach lá féile dá bhfaiceam;

mór bhflaith ’s gan eision orra,

sgaith ar seiseadh saoghalda.

21 Ní mó as cúis lúthghára leam

ól fleadh ná imirt fhithcheall,

ná rith deighfheadhach sadh seang

a ndeidheanach damh ndíleann.

22 Beag thógbhuid ceó dom chroidhe,

gníomh each ná lúth laochruidhe

ar maghucht ná ar maoilinn ghloin,

ná amharc aoibhinn aonaigh.

23 Ar cheól, ar laoidh ná ar leabhar

ní fhuil m’aire ag oibriughadh,

ar ghroigh mhuirnigh ná ar cuan con,

ar fuighlibh suadh ná seanchadh.

24 Gan fhaigsin Fhiacha ní fhuil

séd dá áille ar druim domhain,

ceól sídh ná seanchos feasa,

bheanfas dínn an doilgheas-sa.

25 Ní fhéduim, an uair do-chím,

gan chor gach ní a neimbrígh;

grádh na n-aoigheadh ós gach fhear,

gach aoinfhear slán acht seisean.

26 Truagh nách cluin mo chuid cridhe

mur táim lé headh n-aimsire,

d’éis loighe dom aigneadh air

gan chaidreamh oile d’iarraidh.

27 D’iath Laighion as dúthchus damh,

dó san chaill-sin do-chuamar,

lé neach dhíbh níor threabh mo thoil;

do-chím gach fear acht Fiachaidh.