firstLine"; ?>

747. Do chiu meirghe chatha Cuinn $
Length: very long 46qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th ult
  2. 15th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA703(23/H/8)S.OLong.1864<1712ex
Tracts:
  1. q. 10
Motifs:
  1. imagery for patron (lock of door etc)
  2. personal appearance
  3. banner, mailcoat, axe, helmet
  4. nobility of blood
  5. honour from Eng. King
  6. prowess in war
  7. caithreim
  8. harrying, cutting orchards, crops
  9. creach, cattle-raiding
  10. hosting (of tri catha Connacht)
  11. mercenaries, Albanaigh, buanna, amhas
  12. war with Foreigners
  13. Highkingship
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach Og m. Aoidh & m. Aine
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair (Donn, chief 1384-1406)
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do-chiú meirge catha Cuinn

[RIA 703 (23/H/8),.51v]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Do-chiú meirg(h)e chatha Cuinn

tosach dho-righneadh romhuinn

is rian lochta feirge faoi

am [leg. an?] meirge corcra ad-chiathaoi.

2 Do-chiú san eirr suaithnidh sroil

clann Cuinn cosmuileas tionoil

’mun ccochoilleirr dhon cloinn-se

’na rochoinnneill rianshoilse.

3 An onchu ceann na ccuradh

as cúis eagla an t-ollmhughadh

feargaghadh do-chiam ’gun ccoin

as deargrabhadh d’fiadh Fhionntoin.

4 Gidh bé bhus baránta dhuid

a-ta ni teibeadh comhruig

ort a réalta mhaoth mheirge

fraoch deanta na díbhfheirge.

5 Oncú séanta síl Chréidhe

a cholg as cúis aigmhéile

fraoch na coinghleaca ar an ccoin

gaoth oighreadhta dhá n-armoibh.

6 Iocfuid le ní luaghail docht

trí seanchatha slóigh Chonnocht

ar tteachta na ttrí n-oireacht

as deacra í d’ialloigheacht.

7 An céadchath leis an coin sróil

tiocfaid a ttús an tionóil

laoich ó bhFiachrach n-úr n-aighne

fialchath ór nDún Domhnaill-ne.

8 An dara cath as cuairt tinn

ag teachd san comhdháil choitchinn

foireann téighthe na cclach ccuir

cath Bréifne leis an mbratuig.

9 Fuiléanguid as feidhm deacair [52r]

bheith re a cois a ccoinghleacaibh

cumhain le cath O Maine

rath bunaidh na brataighe.

10 O Conchubhair na cciabh lag

fear taisgéalta ar thir námhad

leis an mbréid srolchon séanta

bóchrodh théid do taisgéalta.

11 Do-ní le a choin as cuairt neirt

fiadhach laoi fa Loch Deirgdheirc

creach o bhrú Shionna as da sheilg

an giolla do chrú an Chroibhdheirg.

12 Da fhiadhach ordhruic an dáil

a ruatar a Ros Comáin

tráth a chéidfhiadhaigh le a choin

éigciallaidh cách ar ccúloibh.

13 Tángadar tionól folaigh

clann Uilliam is Albonaigh

’na cheann is cath O Maine

ceann do rath na ríoghraidhe.

14 Ga bhfaicsin is an bfaithche

’na ccipeadhaibh córaighthe

re hucht nGall do fhíoch a fhuil

crioth ar gach ball da bhalluibh.

15 Ni haghuidh thug ar an ttor

do fhéad gan bheith a mbaoghal

téid ar leirg Locha na nÉan

do seilg an chatha ón chaisléan.

16 Ga ttú acht tainig ón troid

nochar iarr comhthrom comhruig

nír chleacht a fhionnachtain air

teacht d’iomarcaidh ’na aghaidh.

17 Gluaisidh thrá Toirrdhealbhach Óg

toisg dhár gríosadh an ghealfhód

gan clódh a chéimeann a ccath

mar smól tré léibeann lasrach.

18 Innioll iombhuailte orra

crithre ag eirge eatorra

fuil re taobhaibh loma lann

tre chraobhaibh corra cathbharr.

19 “As leat-sa bud[h] tugtha troid”

ar an ttriath úr i Fhánoid

“ó comhbháidh Gall na gabhaigh

a Mhongain clann cConchabair.”

20 “Lúireach throm is tuadh fhaobhrach

tárthais féin feidhm robhaoghlach

mar gach mac amhais oile

gabhais at na hiorghoile.”

21 As í comhairle ar ar chinn

gan fuil a cnis do choigill

do ráidh go madh rogha leis

dáil a fhola tar aithis.

22 An chúis nocha cuirthe a bhfad

do bhris sé ar an sluagh námhad

dob é díbeann a ndála

gan dígheann a ndioghbhála.

23 Ní dheachaigh dia do thoice

duine o dhreagan bhuannoite

don comhaonta a los a lámh

a Ros chlodhaolta Chomán.

24 Tuigim ge táid a leabhraibh

sgéala troda Toirrdhealbhaigh

gur mhó ina a teisd ó a tabhairt

do a ceisd is a contabhairt.

25 Cuid oile d’fhiachaibh na con

tugadh fa turas neartmhor

creach na Bealtaine o Chluain Ca

le sduaigh sheabhcaidhe Shionna.

26 Ni dheachaidh uadha tar ais

gan loighe a leabthaibh othrais

a chreach o Chorca Mhogha

leath a lochta leanmhona.

27 ’Na bhuannaighe ar bharraibh gort

do bhí shé ár shluaghaibh Connocht

fa bharr connlaigh gur cuireadh

clann Chonnmhaigh dho cuartuighedh.

28 A talmhuin do tharruing sin [52v]

abhallghort an fhuinn Mhainigh

go lot a lubhghort ccumhra

do loc(h) umhlocht n-agullmha.

29 Gur chaith a arbhar ’sa fhéar

comhnaighe nír cleas éidtréan

do-rinne a bhfionnMuigh na bhFeart

’sa bhiodhbhuidh ime a n-éineacht.

30 Buain a ngort buing a mbileadh

a nuaill leis do laighdigheadh

Magh Luirg fa cách no gur chuir

níor ghnath ina builg bhaoghuil.

31 Do chreachadh crice O Maine

téid ga toisg budh ághmhaire

a chlo nir iomlán da éis

dho nir iomnár an fhaisneis.

32 Mar dho thuil a thonn uaille

tig d’iomarcaidh anbhuaine

géag shíotha Uisnigh tar ais

ar ccluinsin díotha a dhúthchais.

33 San machaire ar na mhárach

tainig turas éadálach

each san each is bó sa bhoin

do cló as-teach is na tuathuibh.

34 Créad acht cúitioghadh curadh

mar dho fhoir an t-urrdhubhadh

’na cheo teasbaigh a-tá sin

la dho mheabhsain dha muinntir.

35 Níor chubhuidh re a chéibh ndrolaigh

oighre cloinne Conchobhair

a bhfuilngeann d’ulc ’ma onóir

cuibhreann do purt Phártholóin.

36 A-dearam riot as radh cáir

o taoi re hanbhuain dh’fagháil

ar bheathaidh nach damhthair dhuit

na seachain chathraigh Chormuic.

37 Cuibhdhe dhíot a dhearc malla

Éire dh’adhbhar teagmhala

o taoi ag car anbhuaine ort

fa mhagh ccladhuaine cConnocht

38 Na trí Cathail cuimhnigh dhi

an sluagh trom-so an tráth ghluaisfe

cuir ós aird da ttí a tTeamhraigh

na trí Taidhg a Toirrdealbhaig.

39 Ná ceil a tTeamhraigh Dha Thí

teacht romhat don da Ruaidrí

binneisse ar tteacht don teagh

beart na finndeise féinneadh.

40 Da roiche ráth na ccuradh

comhmhaoidh an dá Chonchubhar

na cúig Aodha uair oile

smuain a craobha cumhroidhe.

41 Cuimhnigh leat as lór dho gheall

dá Thoirrdhealbhach ad thimcheall

a threas um thulaigh Theamhrach

cubaidh don treas Toirrdhealbhach.

42 Colpa seada is troigh thana

tugais ó Bhrian Bóramha

suaithnidh ann duthchas dála

barr cúlchas mar chamana.

43 Do mhiannach Aodha t’folt fann

’s do bhraighe mar bhlath n-abhall

ag soin t’oighreacht o Áine

goirmdhearc fhoil mar amáille.

44 A sheabhaic uasail aille

a léim cluidh na comhrainne

a bhas mar connmhadh um chrodh

a ghlas comhladh na Cruachan.

45 Fa raith cCobhthaigh cuir dho líon

o fuarais faicsin airdríogh

ge madh baoghlach bheithir dhe

a bheithir fhaobhrach Aidhne.

46 A ridire riogh Shacsan

a lot críche comharsan

a chraobh Mughna ar mhéad ttoraidh

a ghéag chumhra ó cConchobhair.

47 Toirrdhealbhach a Teamhraigh Chuinn

Ó Conbhubhair cneas séaghuinn

téid a ndoimhne gráine a gha

oighre Áine agus Aodha. Do-ciú...