Poem in printable PDF format
Do chodail ar
bhfear faire
[Mac Cionnaith,
L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 21a]
1 Do chadail ar
bhfear faire;
ní husaide
m’ionghaire
gan mo thoil-se
ar tí a feithimh
toirse ’n-a chlí
[choimhithigh].
2 Is éigin go
dtiocfa as-teach
a bhiodhbha nó
Dia dúileach;
mo theagh do
b’adhbha fholamh
feadh an abhra
d’osgoladh.
3 A námhaid dá
rabh reimhe
móide adhbhar
oirbhire,
teacht don toigh
i mbí a bhiodhbha
nach hí toil an
tighiorna.
4 An réasún aga
raibhe
cumas m’anma
d’ionghaire,
do leag uille ar
an anmain
nach beag truime
a thionnabhraidh.
5 Bíd a charaid
diomdhach dhíom
bíd easgcaraid an
airdríogh;
ar n-iompádh ó
Dhia dhamh-sa
cia nach iompánn
oram-sa.
6 A imtheacht as
a ionadh
m’oibrighthe dá
fhoillsioghadh;
croidhe díosg
riamh ní roibhe
i mbiadh Críost i
gcomhnoidhe.
7 Tréigean a mhic
móide as náir
ná budh urusa a
admháil
ar fhear éintighe
oile
go dtréigfidhe a
theachtaire
8 Gur beanadh
grása Dé dhe,
an réasún ar
bhfear faire,
ar an anmain mar
fríoth faill
a chríoch is
amhlaidh fhágbhaim.
9 Cia an cara dá
dhísle dhamh
i n-éagmhais
oidhre ar seathar
ar bhfás d’eite
lúidh mo locht
as creidthe
dhúinn dar ndúsocht.
10 Do-ghéabham
feasda ar bhfaire;
a-tá i n-oirchill
m’ionghaire,
m’fhairei-se gídh
dál deacrach,
lámh thairise
thoirbheartach.
11 Lámh a carad
do chabhair,
lámh as bhorb re
biodhbhadhaibh,
lámh nach
teagaimh achd re tréan,
lámh nach eagail
don fhíréan.
12 Iomchraidh sí
an domhan ’n-a durn,
iomchraidh neamh,
iomchraidh Iofarn,
lámh arab iomdha
aire,
clár tiomna na
trócaire.
13 Moluid ar-aon
a heineach
an cara ’s an
coimhidheach
lámh do chuir ár
an einigh,
lámh i bhfuil ar
bhfóiridhin.
14 Lámh as
comhthrom dá cineadh,
lámh fhuilngeas
ar n-aindligheadh,
coimhdheas a
grádh dá gaoltaibh
lámh fhoilngeas
ar n-easaontaidh.
15 Gabhaid na
dúile a nduan féin,
gabhaid éanlaith
an ai-éir;
molaidh an trágh
’s an tuile
lámh thobhaigh na
trócuire.
16 Lámh thréan
ara tréan cara,
minic fhóireas
m’easbhadha
ag claonadh gé
a-tám ó a toil;
lámh nach baoghal
dá biodhbhaidh.
17 Do bhuail
buille as bhaoghal damh
re linn díleann
do dhortadh;
lámh bhuailte an
dara buille
dál a cuairte
chuguinn-ne.
18 Dá cosg ar
cionn na breithe
cia hoile re
n-éisdfidhe
lámh gan
naomhuidhe ar a neart
naomhMuire is
nach ál d’éisdeacht.
19 Bhar ngaol
nach géabhaidh re hais
tiocfa lá, a
lucht an díomais;
an uair fa
bhféachfaidhear sibh
féachfaidhear
cruaidh a chloidhimh.
20 An lámh do
loit an tairnge
go raibh Críost
dá comhairle
gur fhás sí air
as ar n-ucht;
nochar mhair dhí
achd a diadhacht.
21 Corp Íosa
d’éis a leactha
fan óigh re hucht
n-imtheachta
fuair ó ghuin
báis ’n-a bais-se,
páis ar a bhfuil
fiadhnaise.
22 [A chara
nochar] chronuigh
[a] buain eisde
d’Íobholuibh
an deaslámh do
dhol dá halt
ar son na
n-easlán d’fhurtocht.
23 A-tá ar cumas
a chóig méar
dá ngabhthar leo
mo leithsgéal
iul an róid do
dhíorghadh dhamh
[tar gníomhradh .
. . . . .]
24 Do budh eagail
ar n-éara
- d’éis báis ní
huair aithmhéala -
muna bheith tús
aice ón éag;
dlús as caithte
re ar gcoimhéad.
25 Ní fhuil i
gcomhthrom rem chion
foghnamh m’anma ó
aois naoidhion;
beag nar thoguibh
an mheadh mhé;
do choduil ar
bhfear faire. Do chaduil.