firstLine"; ?>

750. Do chonnaic me aislingthe $
Length: short 9qq
Certainty: 1
Period:
  1. 14th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. Aisling
Manuscripts:
  1. RIA 1134 (23/E/29) Bk of Fermoy 15th c.
Prints:
  1. text Stud. Hib. iii, 31-2
Motifs:
  1. Envoi to BVM
  2. allusion to Fiannaiocht
  3. siodh, fairies
  4. aisling, vision
Poet Christian Names:
  1. Gearoid Iarla (Bk Fermoy)
Poet Surnames:
  1. MacGearailt, Fitzgerald
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do chonnaic mé aislingthe


[Mac Niocaill, Gearóid: Duanaire Ghearóid Iarla (Studia Hibernica, 3, 1963, 7ff.), poem 14]


1 Do chonnaic mé aislingthe -

go saora Dia mhé ar náire -

mo bheith i mbruach glaislinne

don taoibh thiar do Chionn tSáile.


2 Tharla i siodh bhláith bhothachmhór

sinn, feadhain ba mhaith maise,

mná áille ’gár gcomhfhostódh

re headh gcian isin mbaile.


3 Do-bhearthai ’na n-éinfhearaibh

ar muinntear do lom láithreach;

do gheibhmis ’na ngléibheathaidh

iad arís arna máireach.


4 Do curthaidhe fá a gcolnaibh-sean

creasa lánfhuata leathair;

mná díobh is iad d’oslaigeadh,

is iad fa lucht ceangail.


5 Dob iongnadh an chomhairle

bheith ’gá gceangal gach n-oidhche

’s go mbíth a leath oslaigthe

díobh ar dtoidheacht don tsoillse.


6 Do bhí dream dár maithibhne

in uamhaibh doimhne dorcha

eadrainn d’uathbhás aislingthe

mar do bhí mo lucht comtha.


7 Múscladh ainnsein agamsa;

ní inneos leath a bhfaca;

breitheamh ar ar chanas-sa

do-ghéabha sul bhus fhada. Do c.


8 Fear na sleighe snaisgile,

mac Í Dhuibhne an séimh solas,

minic do fuair aislingthe

mar an taidhbhse ad-chonnairc.


9 Suas go teagh na trócaire

ar dtéarnódh ris gach teannta

go rugair mhé, a óghMhuire,

leat isin gcathraigh neamhdha. Do.