firstLine"; ?>

751. Do chonnarc cheithre rabhaigh $
Length: middling 20qq
Certainty: 3
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lismore 16c
  2. RIA 1387(23/O/78) Uill.R.MacCoitir 1723
  3. RIA 3(23/L/17) S.OMurch.na Raith.1744-
Prints:
  1. (O Raghallaigh, Fili & Filidheacht Conn.)
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. imagery for patrons
  3. patron’s attractions for women
  4. patron’s prowess in war
  5. inauguration to kingship
  6. reim rioghraidh, regnal list
  7. subject decapitated ?
  8. Gravestone
  9. poet’s own mourning
  10. indication of heir’s identity
Patron Christian Names:
  1. Ruaidhri mac Cathail & Tadhg & Maghnus
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair d. 1350
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do-chonnarc cheithre rabhaigh


[T. Ó Raghallaigh, Filí agus Filidheacht Chonnacht (Dublin, 1938), 28-31]


1 Do chonnarc cheithre rabhaigh

sa mhainisdir mhíonchladhaigh;

ceithre saorthaise sgeol truagh

i mbeol t’aonchlaise i n-aonuaigh.


2 Cheithre cinn ad-chonnarc ann

i ndíth a gceathra gcolann;

a bhfaigsin is fatha cneadh,

sgatha ghaisgidh na nGaoidheal.


3 Ceann Chathail nar chlódh i gcath

is cinn a thrí mac meadhrach;

losgadh leam na ceathra cinn

le ngeabhtha gach eang dh’Éirinn.


4 Is é ar dtús do tógbhadh dhamh

ceann Chathuil na gcreach n-adhbhal,

ceann Taidhg a tealuigh Mhidhe,

mairg feaghuin dar bhfuairfhine.


5 Do tógbhadh dhamh na dhiaigh soin

ceann Mhaghnosa mic Cathoil;

gur léigeadh ceann Ruaidhrí rinn

suaill ní leam gach a luaidhim.


6 Copán tar chuid na dála

uaim do Ruaidhri rosgmhálla,

ro budh teann bhfinise air,

ceann mo chridhise an ceannsain.


7 Do chreidfeadh dá gcluineadh féin

mh’éagcaoine fá ghnúis ghlainréidh,

fada liom talamh thorad

a aghadh fhionn fhíorcharad.


8 Saoth leam Cathal an chneis ghil,

is trí mic cródha Caithil

na lann sean gcraobhuaine gcorr

ar feadh aon-uaighe d’fhearonn.


9 Cathal Teamhra sa thrí mic

toirrcheas uasal fá aoinlic,

cáidhe lán éanuaighe is fhearr

ós clár fhéaruaine Éireann.


10 Ionmhain cinn do cardaois mná

nar chuir iorghuil ar athlá;

gur loigh ionghoin orra soin

ionmhoin colla na gceannsoin.


11 Ionmhoin a gcinn sa gcolla

doirbh breath do bhreith eatorra

trí ríoghdhamhna a rí féin

ar tí fhionnBhanbha d’eichléim.


12 Ceithre seabhaic Sléibhe Breagh

nár ríoghamh aca acht éinfhear;

gairm thrí rígh orra uile

bídh sa Rolla Ríoghruidhe.


13 Ceithre toirthe mhúir Meadhbha,

ceithre cleatha claoinTeamhra,

ceithre naithreacha go neimh

nochar bhfaithcleatha idir.


14 Ceithre béithreacha Banbha,

ceithre leomhuin lánchalma;

ceithre dreaguin ón Bhaoill bhuig.

dob eaguil tar chaoir chómruig.


15 Móide as córaide a gcaoineadh

cheithre gabhla glanGhaoidheal,

gan a maca samhla soin

sa Bhanbha aca d’éachtoibh.


16 Ceathrar is calma ar ceann chreach

siad beodh neambaoth nimhneach;

ní fhuighe eachmhagh Uisnigh

ceathrar mar an gceathrursin.


17 Ceathrar ar nár bhearnadh bladh

Cathal aguinn na n-ionad

dá gach beirn do bheanfadh glas

feidhm don cheathrar do chleachtas.


18 Suighfidh a gCruachain choinnmhigh

chúpluigh bhláthmhur bhuabhoillghil;

tóigeabhuigh Teamhair re taoibh

bhfleadhaigh bhfóidfhearuigh bhfionnchaoimh.


19 Fuaras robhadh reampa soin

cinn atá ag traothadh mh’aignidh;

cinn chaithshleagh is chaor bhfogha

tre thaobh ndaithgheal nDonnchodha.


20 Robhadh sin a Cruachuin Chuinn

atá a fhiaghnuise aguinn,

fliuchadh haighthe d’feardhain ort

d’aithle an cheathrair ad chonnorc. DO CHONNARC 7c.