Poem in printable PDF format
Do chros féin
duit, a Dhúilimh
[Brian Ó Cuív, ‘A
Pilgrim’s Poem’, Éigse 13, 105-9]
Muireadhach
Albanach Ó Dálaigh cc.
1 Do chros féin
duit, a Dhúilimh,
a
ghealbhráighdigh ghormshúiligh,
mo lochta dhuid
’na deaghaidh,
a chorcra bhuig
bhairrleabhair.
2 A-tá mise, a
mhala sheang,
’ga hiomchar
dhuit go ndícheall,
dá bhliadhain ar
mo dhruim dhi
gan bhuing re
fiadhain Féine.
3 An chros-sa
tugas óm thigh
chugad, a Íosa
aingligh,
feidhm dlighidh
is ní dochar
dot fhilidh a
hiomachar.
4 Gníomh dá
ndearnsamar dhi-se
ní héidir a
innise,
tuigidh féin an
fear ’sa chros
gidh beadh dá
réir do-rónas.
5 Tángamar tar
thrí maraibh
go Muir dToirrian
dtonnchladhaigh
ó chuan Éireann
ar n-athchur,
a stuagh
mhéirshliom mhalachdhubh.
6 Ó do chuireas
an gcrois n-óir,
a Dhé Athar, ar
h’altóir,
tabhair brat
dualach dhamh-sa,
a shlat bhuadhach
bharrcham-sa.
7 An sclaimhín
úr-sa, a Athair,
tugas ód chéibh
chlaonscathaigh;
imtheacht leis, a
Choimdhe, is cáir,
gurab feis
choimhdhe is chonáigh.
8 Ní scing ní
hionar ní heach
chuinghim ar do
chúl ndruimneach,
ní léine do
mhaothshról mhín;
ní claochlódh
scéimhe an sclaimhín.
9 Béara-sa leat
luach h’éadaigh -
moladh do chúil
chaoimhghéagaidh -
an gcéin bheas an
chalann chriadh
agus mh’anam ar
aoinrian.
10 An gcéin bhus
lámh an lámh-sa
is budh corp an
corpán-sa
do réir do
bhreath biaidh an lámh
go ndeach fá
chriaidh an corpán.
11 An corpán
truagh a-tá sunn,
a Mheic na
hÓighe, a anam,
- anchroidhe
sochaidhe sin-
’na chrochaire
don Choimdhidh.
12 An ceann-sa
cuirfead-sa id chuing
is an lámh-sa id
bhais mbarrchuirr,
mo chos dod réir
tuig dod thigh,
do chros féin
duid, a Dhúilimh.