firstLine"; ?>

753. Do chuaidh mo shuil tar mo chuid $
Length: short 7 qq
Certainty: 4
Period:
  1. 16th ult.
  2. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. love poetry
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. Giessen MS 1267 (RevCelt. 16) 1684-95
Prints:
  1. text O’Rahilly, DG i, no. 88
Motifs:
  1. Pains of love
  2. Proverbs
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Do chuaidh mo shúil tar mo chuid


[Tomás Ó Rathile: Dánta Grádha no. 88]


Eochaidh Ó Heódhasa.


1 Do chuaidh mo shúil tar mo chuid,

oram féin ní bhfuil mo neart;

ní chreidim, - is cuma leam

má tá an sgéal is fearr gan teacht.


2 Dá ngealltá mil ar gach mír

dhamhsa, a bhean ó a mbím i bpéin,

as t’fhocal ní fhuilim teann, -

each do buaileadh ’na ceann mé.


3 Asam féin do beanadh leam,

nochan as glór dár gheall sibh;

sástar an santach le bréig,

truagh nár mealladh mé mar sin!


4 An gealladh-soin agad féin

beag an tarbha ’na dtéid damh;

ní bhéaradh ar chrioth im chrúibh,

dá mbeith cabhair dúinn i ngar.


5 Do chuaidh dhíomsa gan bheith bocht,

ní hadhbhar do chosg mo phian;

t’fhocal-sa ’na ghealladh mná,

’s mé féin dona mar tám riamh.


6 An t-anam-sa an uair do mhar,

truagh nár dhruideas i ngar duit;

duine dona adubhairt riamh

go madh fearr ciall ná cuid.


7 Nó go gcreide mé na mná,

ní chreideabh féin go bráth duit;

más an mhaith is goire dhúinn,

do chuaidh mo shúil tar mo chuid!