firstLine"; ?>

760. Do dhuisgedh gaisgeadh Gaoidheal $
Length: very long 59qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Semus MaGuidhir 1727
Prints:
  1. Eoin MacCarthaigh Ph D (1994)
Motifs:
  1. envoi to Caitriona dau. Eoghan O Ruairc
  2. imagery for patron (liaigh cabhra)
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. liberality to poets
  5. harrying
  6. spartan life of warriors
  7. War with English
  8. prophesied deliverer
  9. proverb q. 18
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh Og mac Gofradha mhc Bhriain
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird (NLI G 167)
Patron Christian Names:
  1. Seaan mc Aodha B. mhc Cuinn mhc Chalbh.
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. Battle of Magh Mucraimhe
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do dúisgeadh gaisgeadh Gaoidheal


[Eoin Mac Cárthaigh, Poems on the Uí Dhomhnaill (circa 1641), unpublished PhD thesis, TCD, 1994; poem 2].


1 Do dúisgeadh gaisgeadh Gaoidheal,

fada a-nonn bhus neartmhaoidheamh;

an bhuaidh roláin rug an ceart

tug a honáir san uaisleacht.


2 Do tógbhadh meanma mac ríogh;

do reacadh tlás ar thréinbhríogh;

- ciodh acht guaisbhearta gníomh dte? -

díon na huaisleachta an éirghe.


3 Do coinnleadh coinnle an fheadhma;

tánaig claochlódh cinneamhna;

ar neart láimhe gi-bé bheas

is sé bhus sáimhe suaimhneas.


4 Ar feadh Éireann, theas is thuaidh,

tre ar adhain innte d’anbhuain,

beag dtarbha acht airmghníomh re headh

ag daighdhíon Banbha ar bhuaidhreadh.


5 Do chongbháil cháigh ’na gcreideamh,

d’ísleaghadh uilc eithrigeadh

- gá dtámaid, dá tréidhibh gill -

tánaig ar éirigh d’Éirinn.


6 Éireóchaid dáibh ’na dheaghaidh,

uaisle inse Muireadhaigh,

go dtí i ndiaidh a dtuile treas

biaidh gach duine ’na dhíleas.


7 Éire arís d’fhilleadh orthaibh,

fine Gaoidhil ghníomharthaigh,

budh é as tarrachtain iar dtrioll

dá sgé d’fhanndocraibh Éireann.


8 An drong chuirfeas le a cosnamh,

Banbha na mbrugh solasghlan,

d’éis a bhfaghla díobh do dhol,

ríomh a dtarbha is dá dtiodal.


9 Ní bhia ag an tí nach tuillfe,

dise ar gcur a cathaighthe,

don chrích bhuig shíodhchobhsaidh sháimh

cuid fhíorchosnaimh dá hanáir.


10 Is dóibh bhias a sochar soin,

síol gConaill dar teach Teamhair,

ar chosnamh más cinnte cion

um dhosmhagh ngrinnte nGaoidheal.


11 Clann Dálaigh na ngníomh ngairthe

d’iath Banbha is ceann cathaighthe;

teacht ’na hoidhreacht dóibh as dluigh

- slóigh go n-oirbheart ’na n-armaibh.


12 Fiú a gcosnamh ar chrích Logha

a-nois is a-nallana

tar neart gach díne dar dhluigh

ceart na ríghe dá rochtain.


13 Leath a n-uaradar d’anbhuain

ag clódh anfaidh eachtrannshluaigh

síol céamlonn Dálaigh - ós di -

ní thárraidh éandrong eile.


14 Gá dtám, is orthaibh dob oil

caill Banbha ríghNéill Fhrasaigh

ar fhás d’uíbh Conaill gan choir

rolainn fa a cás do chobhair.


15 San amsa mar gach n-aimsir,

fríoth do chloinn an Chonaillsin

d’inis Cuinn triath a tabhaigh

le buing Cliach do churadhaibh.


16 Oidhre Aodha nar éar sgoil,

pailm chumhra chloinne Dálaigh,

ní fríoth a fhear samhla soin

budh meadh chabhra dá cheardaibh.


17 Do ghabh sé do chás fa a ceann,

buime shíl Néill, iath Éireann;

gan ghuais re nguin, gan ghrádh cruidh,

lámh do chuir ina cabhair.


18 Ar lasadh a lot neimhneach,

is Éire i n-airc fhóirithneach,

tug fíorchor dá cara ó chneidh

cara fhíorthar i n-éigin.


19 Usaide dá céibh chúlchais

nach suidhe i seilbh andúthchais

dá bhfógra - dál a dlighidh -

lámh fa Fhódla d’fhóiridhin.


20 Sea-án déidgheal nach daor cuing,

dan dú ceannas chláir Conaill,

ní hionchuir i n-iongnadh air

fionnmhagh Criomhthainn do chabhair.


21 D’fhíorua Cuinn mheic An Chalbhaigh,

cóir do Bhanbha bharrabhlaigh

tabhairt caoi a socrachta soin

ar aoi docrachta i ndeabhaidh.


22 Ní hionann daoire i ndearbhghoil

d’aoinneach ’s d’oidhre Toirdhealbhaigh

fa chrích gcróirighin gConnla

d’fhóiridhin na hathardha.


23 Is é tug teandáil teintigh

ó chuan Doire daingintigh

- sgéal bhus fiach go bráth ar bail -

go hÁth Cliath aga cabhair.


24 Is é nach an ó fhoghail

dá buain a broid orchradhaigh

do ghuais teagmhála treas dteann

i dteas eadrána Éireann.


25 Do bhrígh fhurtachta fhuinn Breagh

do liaigh cabhra chlann Míleadh,

an laochthuir nach gabh ó ghreis,

ní saorthair a lagh leighis.


26 A tuitim féin ’na fiachaibh

do mhionn súl shíl shaoirFhiachaidh

tug sé, a heasgar na hinse;

measdar é don Éirinnse.


27 Fiú a dhochar i mBanbha Breagh

- tearc brat nach tiugh le a thilleadh -

’s nach aghadh a horláimh sin

a taradh d’fhoghbháil idir.


28 Dochar oile a aithghin soin

fa Bhanbha i dtráth a tabhaigh

fuair an rí Cormac, ua Cuinn;

a chlí ar chomhlot níor chogaill.


29 Ríghe Banbha, thoir is thiar,

gabhais Mac Con mac Maicniadh

fa rath toile gan tubha

iar gcath Mhoighe Mucramha.


30 Tríocha bliadhain do-bhí sin

’na airdrígh ós fhunn Éibhir

- féinnidh daghraith go ngné ngloin -

’s dob anfhlaith é mun n-amsoin.


31 Níor mhair an tansa ar thréad Cuinn

acht Cormac gan chás n-iomraill,

glac dhóidleabhar go ngné ngil,

’s dob óigleanabh é idir.


32 Gan chead a chinn do thógbháil

do bhí Cormac cruthógnáir

’s an eingse, ar seal nos socraigh,

feadh treimhse gan tarrachtain.


33 Ar dteacht i n-oirbheart gidh eadh

do Chormac chríche Gaoidheal

- mór gcathsdair ar a ghráin ghliadh -

níor sháimh don mhacsoin Maicniadh.


34 Brugh Cuinn do Chormac na ngiall

fágbhais Mac Con mac Maicniadh

d’omhan re a ghníomhradh goile,

rodhamh bríoghmhar Bóraimhe.


35 Smacht Meic Con do cuireadh dí

leis an gCormacsa ad-chluintí

fuinn dhealbhdha fan míne muir

ríghe Teamhra gur thabhaigh.


36 Tearc airdrígh do shuidh ó shoin

i gcrích Cuinn ós treibh Tuathail

- mór lóchrann n-ordhraic don fhuil -

acht mórchlann Cormaic Codhail.


37 Ionann sa chách a gcor sin

ar n-a n-aithne as a n-airrdhibh,

- mór ngleo-ágh dá hanlot air -

Seo-án is Carmac Codhail.


38 Gá fios nach dáilfeadh Dia dó

tre fhulang uachta is anró

mar fríoth le Cormac clár Breagh

ádh na ndonnshlat dar díbhsean.


39 Ní chronaigh a dheacra dó

a bhfaghann sé d’ulc ’s d’anró,

- fonn cladhshocair na gclár bhfionn -

do ghrádh anacail Éireann.


40 A thriath Finne na bhfonn dtais,

tugais anáil don eaglais;

dot fhoinneamh, a chas na gcean,

do las coinneal ’san chreideamh.


41 Dot fheidhm cosgair, mar gach cion,

do dhúisigh gaisgeadh Gaoidheal,

a bhrath céile chláir Uladh

dan dáigh Éire d’fhuasgaladh.


42 Searc Phádraig do chloinn Chonaill

tug do theacht dá n-úrchrobhaing,

a ghníomh leómhain mar leantair,

’s ar shíol Eóghain oirbheartaigh.


43 Tú do chan Colam Cille,

ortsa fuair Fionn fáisdine,

a sgath rodhocair fa rinn,

a bhrath anacail d’Éirinn.


44 ’Nós (?) Adhamhnáin, a fholt lag,

do labhair Ultán orad

- cuire le bhfaghair gach fáidh -

’s do labhair buile Bearcháin.


45 Tusa bun bréithre gach naoimh

’s is tusa an mílidh macaoimh;

tú as phosd don tairngire tinn

do chosg ainbhfine d’Éirinn.


46 A Sheaáin ó iath Eamhna,

tú cairptheóir na cinneamhna;

mór clú do chéime ar gach cor;

ar fhéile is tú toghthar.


47 A chur is a chosg teannta,

a shéimh, a dhraig dhíleannta,

tú nach maoth ar brú bearna,

tú an laoch go gclú gcinneamhna.


48 Tú an macaomh go méin reabhraidh,

ort fhéachaid an ingheanraidh,

a chruaidhneimh ar chúl do gha,

a lúdh buaidhridh na Banbha.


49 Tú shuidhfeas i seilbh bhar sean

ar gcosg anbhuana is airgneadh,

a dhíon Uladh ar fhéin Gall,

dod chéim curadh gan chonchlann.


50 Budh aoibhinn duit, a dhearc mhall,

ar gcosg faghla fuinn Fréamhann,

soighidh go seanCholt budh-dhéin

’s go seanphurt Oiligh ais-séin.


51 Budh éad le hEamhain Mhacha

mar chuirfe di a deacracha,

ós seilg th’fhiallaigh dleaghair di,

Teamhair dot iarraidh uaithe.


52 Budh aoibhinn fa dheóidh duitse

i n-áit bhar bhfleadh bhfíoruisge

i n-iongnais ghreadh ’s do ghealgha,

tioghfhrais na bhfleadh bhfíneamhna.


53 I n-áit do chuisleann catha

budh ceól, a chleath fhionnMhacha,

mar chuimhne ar chéidfhios do chean,

fuighle th’éigeas is th’fhéinneadh.


54 A rún na mban ó Bhreaghmhoigh,

a ua Cuinn ó chuirmTheamhraigh,

tú d’Éirinn is béin a broid,

a chéibhfhinn go néimh neamhloig.


55 Tú fhóirfeas an mór ’s an mion,

tú coinneal ghaisgidh Gaoidheal,

tú an uairse ar fhud na Banbha

tug uaisle ina n-athardho.


56 Inghean Eóghain as chaoin cruth,

planda ríoghfhola Ruarcach,

ar n-annsa dá toinnchneas tug

nach oircheas damhsa a dearmad.


57 Méin cheannsa, aobhdha, umhal,

teisd ar nach téid urdhubhadh,

tearc mná budh cuirthe i gcomhar

a-tá uirthe ag ardaghadh.


58 Béal déadsholas nach daor cion,

baincheann oiris na n-aoidheadh,

glór ramhall go méad molta

nach carann séad saoghalta.


59 Maith do char Caitir Íona

clódh uilc, múchadh míghníomha

is gach foirmshlighe as dual di

- ní tuar oirbhire a hairrdhi.