firstLine"; ?>

761. Do feachadh fulang Gaoidheal $
Length: long 43qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Curry trscr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
  3. TCD 1280 (H.1.6) Hugh O’Daly 1758
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. hostages
  3. spartan life of warriors
  4. War with English
  5. hosting, sluaigheadh ?
  6. historical precedents
  7. Sea-voyage
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Cuchonnacht Og
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1609
Apologue Subclasses:
  1. Storm wrecks ship while salmon fishing?
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do féachadh fulang Gaoidheal

[O’Conor Don, 253a]

In fer cédna [Eochaidh Ó hEoghusa]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Do féchadh fulang Gáoidheal

beg dhíobh nár dhamh diosgáoileadh

gur fóighredh crúaidh a ccogadh

tóirnedh úaidh níor fháomhattur.

2 Do t(h)óirnid menma a mhac máoth

do fromhuid fedhma a bfiorláoch

do f(h)illedh algas gach fir

rángas grinniol an ghaisgidh.

3 Do t(h)ochluid a ttáoibh shenga

ó chognam cholg ndrithlenda

do sní fíodhbadh cinnderg crann

fíoghradh geilldherg a ngúalann.

4 Do dergoid renna a rosg ccorr

lé teirce súain a sáorchlann

do gorm snúadhbhaine a sles nglan

lé tes fúarmhaille n-áosmur.

5 Do máoluid loinne a láth nglíadh

do dergoid dóide a ríghníadh

do g(h)oirid gidh grúaidhe a lann

do snoidhid crúaidhe a ccathbharr.

6 Ni dhechaidh ga ttamuid ris

tuir catha na cenn flaithis

na neach dhiobh da ísle d’f[h]uil

fán ccrich-si nÍr gan fhéghain.

7 O chath Echtronn ré hathaidh [253b]

fúair fine Chuinn Chédchathaigh

d’ulc téchtmhoighe na ttrí bfer

ní nach (bf)édfaidhe d’áiremh.

8 A-táid ina tturthaibh glíadh

’ga sníomh ré sealad n-imchían

tar cenn slúaghfhairche bfer bFáil

gan tseal n(-f)úaraighthe d’fhágáil.

9 Maith an t-am do éirig sin

Connocht óg Mhág Uidhir

ré bél snithe slóigh Gháoidheal

frithe is cóir do commáoidhemh.

10 Aithbheó[gh]adh Gáoidheal ghuirt Bregh

cabhair rér córa feitheamh

sníomh beóchroidhe bedg ós rinn

serg a heolchuire d’Éirinn.

11 Coiméd cághais in ratha

táirseac glíadh ghuirt fionnMhacha

grís bheó fan(a) hedoigh Emhuin

féghoin gleó ré nGáoidhealaibh.

12 Buinne rabharta a rinn ghlíadh

torchor ratha fer nOirghiall

snoidhe dornchla dergadh renn

beogadh ré horcra nÉirend.

13 ’Na am féin ro-s fiuch a nimh

airdrigh manchach Mag Uidhir

re bél toirinnte tinn cáigh

ré linn coimhfhillte gconáigh.

14 Fan túairim a ttáinig sin

d’furtacht Gháoidhiol guirt Fhionntain

tig Lugh lé fíorrún bforráin

a brugh mionúr Manannáin.

15 A riocht a mheic samhla so

tig Conn a cCruachain Mhéadhbha

d’aithle a broide ar báidh Temra

a laimh oide a oilemhna.

16 Mar an ccédna a ccruth a fhir

tig Cormac mac Airt Éinfhir

da riacht tealuigh na dtri ríogh

gur dhealaigh í ré himsníomh.

17 Mag Uidir fhuilnges dhocra

ar n-eirge a háois macdhachta

do sgáoil ces glóire Gáoidheal

bhes is cóire a comhmáoidhemh.

18 A bfúairsiod d’ulc ní díth dáibh

go breith orra d’úa Se[a]áin

gár thocht do térma a ccogadh

térna gach olc fúaradur.

19 As e a bfúaradur d’olcuibh

as foircenn da n-anocroibh

d’éis a benta as beó an chogail

’ma decra is teó tárthattur.

20 Do-bheir d’ógbaidh fhuinn Lughaidh

úain caithmhe ced cómhsanadh

ré fhada (f)úaraighthe a n-each

aga cruadhbhairrthe a ccráoiseach.

21 At-a a ccumus a ccuradh

fuireac ré fleidh d’alltughadh

sgáoiledh sluaigh toirrchim a dtigh [254a]

gan oirchill ar úair n-éigin.

22 Gan derbhadh (a) ríogh a rinn glíadh

gan féchain fuloing oigniadh

gan sniom feindedh ré feidm n-áigh

gan sgeinm ré héigen n-anbháil.

23 Ga sedh do shliocht Gáoidhil Glais

ríghnes loige ar lucht otrais

gan gáoinedh do grúaidhibh cnedh

suainim cháoilshleg gan chóirgedh.

24 Nír sechmhoidh d’fuil nGaoidheal nGrég

an fuaradh-sa mac Mairgreg

do tuil mur thonna an anfa[i]dh

an mhuir orra d’allmur(a)chaibh.

25 Do legadh leis an lan siúil

fuair lé menmoin fer n-ainiúil

dob é [am?] a ndénmha dhó

bann da n-érma d’iompódh.s

26 Fa crich Bhanbha an brúaigh róid(h)shin

dála an éigne urchóidigh

do-ní ag coimdréim ré cath nGall

rath gan oilbheim ní anann.

27 Cinél dh’éignibh na haithfe

na dúile ó dtá an tuirchuirthi

giodh máighremhail a méid sin

téid ar airghenoibh úaisdibh.

28 Téid tar gach éndhuil ele

da snamh fan sreibh muiridhe

terc bríogh mur neimhbriogh a nirt

ríomh a feidmgniom dob eimhilt.

29 Fosdaigh an long fa lán seóil

sa tuinn anfoidh da haimhdheóin

ar mbeith ar a bháoithleim rod

nach roich áoinchéim da hionad.

30 Saithidh a slios na loinge

renna ingnedh n-íaranda

ré grían an ghlasmhara ghloin

go n-íadh asnadha an ártraigh.

31 Ní bhí ag loing da ngabhann greim

ar n-aithne an éigne foirtill

le dtáir d’urgrain is d’omhan

daigh a bfagbháil fhúasgaluig.

32 As í an long thornus fá a tenn

na Goill-si ag asgnámh Eirenn

bac a heidtreisi do fhéd

an t-éigne-si mac Mairgrég.

33 Do-bheir coingidh an chóigidh

bann an éigne urchóidigh

ar cor ré coimhréim a dtinn

Lugh ina coimréim d’Éirinn.

34 Do chuir ar Ghalloibh guirt Fhloinn

snaidm geill a ngeimiol cumhaing

glas téigle ar senmfhogur sáil

érnughadh éigne ar édtráigh.

35 Do leig lé láochruidh bfuinigh

bann loinge ag léim d’angcuiribh

nó rioth menma geill íar nglas [254b]

nó reim ealbha ar a heólus.

36 Móide is máoidhte a Mhég Uidhir

sgís ógbhadh fhuinn ríoFhuinidh

a-nú is fabhairsi gach olc

ód chobhair-si a Chú Connocht.

37 As í a hanbhúain bur n-imnedh

críoch Chuinn na ccúan léibhionngheal

bídh dícheal is usa ann

snidhter thusa ’na tiomchall.

38 Duit is úalach a hoire

ort is orchra a heólchuire

an ghéginnsi fár ghlé Lugh

as é a heigin-si th’úamhan.

39 A n-aghaidh a raibhe ríamh

do sháoirsi ag ógbaidh Oirghiall

tair a sáoirsine re seal

dáoirsine dháibh a dheiredh.

40 An dream nach tigedh o a ttigh

d’fios Gaoidhil re gairmslúaighaib[h]

dáoine dán nemhghoire a-niugh

earnoile sáoire a shinnsear.

41 Tú fa dera a ndénuid(h) soin

ort is máoidte a Mhég Uidhir

barr oire a fódmhoigh na Niall

do loighe ar ógbaidh Oirghiall.

42 Iongnadh duit-si mur dheala

a ccuire a ccionn oighedha

d’aicme caomhCholla chláir Airt

’s dáorchlanna cáigh da ccoguilt.

43 Mall dóibh go ndeachaidh at ucht

fúasgladh cháigh a Chú Connocht

do sgáoil geimhiol ghuirt Bhanbha

deiredh uilc na hathardha. Do...