firstLine"; ?>

762. Do fhidir Dia Cineal Conaill $
Length: middling 27 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 13th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. inauguration ode?
Manuscripts:
  1. Maynooth R 80 Aug. Russell 1843
  2. RIA 1422 Aug. Russell, exemplar of R 80
  3. Bodl. Rawl. B 514 O’Donnell poems 16c
  4. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  5. BL Egerton 111 O Scannail trscr. of RIA2
Prints:
  1. transl. Williams, Poems GBMCM no. vii
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. comparison of patron with own family
  4. poet invoking blessing
  5. Echo of another poem GBM 1 q.31cd
  6. Childhood, education, fosterage
  7. female occupations (sewing)
  8. Sea-voyage
  9. Proverbs
Poet Christian Names:
  1. Giolla Brighde (Bodl. Rawl. B 514)
Poet Surnames:
  1. MacConmidhe
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Domhnaill mheic Eigneachain
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill kg 1258-81
Apologue Subclasses:
  1. Fionn mc Cumhaill born posth.
  2. Tuathal Teachtmhar born posthumously
  3. O Neill
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Do-fhidir Dia Cinéal Conaill


[Williams, N. J. A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts Society 51, 1980), poem 7]


1 Do-fhidir Dia Cinéal Conaill

do chur in imshníomh tar ais;

táinig tre bháidh cridhe Colaim

ar fhíne cháidh Conaill chais.


2 Do bhádar tre éag an airdríogh

oireacht Éirne in éigin mhóir;

táinig don chuan a-muigh macámh

do chuir don tsluagh bacán bróin.


3 Ód-chualadar a theacht tairis

tearc éinfhear do an re a chrios;

fíu le a athair a huaigh d’éirghe

le sgathaibh shluaigh Éirne a fhios.


4 Nír chuireadar Ceinéal Conaill

céill do Dhomhnall Droma Cuinn;

ní beacht a chlos leis an gcéidfhear

a theacht go Ros géiggeal Guill.


5 Do-chuaidh do chrobhaing an airdríogh

éanchnú fa hairde ar an chraoibh,

gur líon mogal an chroinn chéadna

pobal do Chloinn Shéadna shaoir.


6 Is é súd Domhnall Ó Domhnaill;

ar ndul as do fhadógh grís;

do chuir don ghréin sal na síne,

gur ghabh féin an ríghe a-rís.


7 Domhnall mac Éigneacháin Fhánad,

éanchos fhulaing Innse Fáil,

gabhal tréan re teallach Conaill

do bheannach béal Colaim cháidh.


8 Lasair Fhíona inghean Móire,

máthair Dhomhnaill fa donn brat;

nochar fhearr athair a bhráthar -

rachaidh geall máthar don mhac.


9 Seanfhocal firínneach fiadhnach:

fearr beagán clainne ioná clann;

laogh gach bó dá mbé ar an mhachadh

ní hé is mhó ar an achadh ann.


10 Ar éanmhac ní hoircheas ceasacht -

ris an gCoimdhe ní cóir gleic;

gidh cubhra gach slat mhín mheasa,

bídh mac nach measa ionáid meic.


11 An mac bearar dh’éis a athar

áitigheas teallach go te;

ré a bhráithribh nó go dtí i dteimheal,

táirthir ní fa dheireadh de.


12 Fiacha Fionnaladh, flaith Éireann,

éanmhac do fhágaibh do chloinn;

ina leith do thuathaibh Teamhra

ar mbeith Tuathail Bearbha i mbroinn.


13 Rug a mháthair, múinis Tuathal

’gá thógbháil go teacht a chiall,

go rug Tuathal Teachtmhar Teamhrach

ruathar neartmhar seabhrach siar.


14 Torchair leis in íoc a athar

airdrí Gaoidheal isan ghreis,

dár ghabh Éirinn a Muigh Midhe

ar nguin Fhéilim Line leis.


15 I mbroinn do fágbhadh flaith Gaoidheal

ar nguin Cumhaill, - caistidh riom -

fear dár aithéirigh an fhéile,

flaithfhéinnidh na féine Fionn.


16 Cormac mhac Airt, airdrí Banbha,

i mbroinn d’fhágbháil, dob fhíor soin;

Teamhair Dá Thí fhuair dá éise;

do bhí in Uaimh Chéise fa choin.


17 I mbroinn do fágbhadh flaith Oiligh,

Aodh Ó Néill, gan ní ’na láimh,

isan tachar ar Mhuigh Macha

ar nguin athar flatha Fáil.


18 An mac óg sin, airdrí Bearnais,

i mbroinn d’fhágbháil - aobhdha an ghein;

go mbé an ghéag, a Dhé, ’na daraigh;

a Dhé, rob séad samhail sein.


19 Ní héidir gan iomad daoine

ag Ua Domhnaill Droma Cro;

uathadh ’gun rígh ó Mhuigh Meadha

tír ris nach fuil deala dó.


20 Ni hoircheas cronachadh Connacht

fa chuideachadh ar Chloinn Néill;

fáilleagán fionn catha Céise,

lionn bracha Déise bu-dhéin.


21 Ní córa cronachadh Muimhneach

fa mhac nDomhnaill, gidh dámh throm;

mac inghine do Mhóir Mhumhan

finnbhile slóigh Uladh n-oll.


22 Gach fear ar sál suaill nach oide

d’airdrígh Conaill - is ní cealg -

ó do tógbhadh i dtoigh Suibhne

toir ógdhamh Bruidhne Dá Bhearg.


23 Féachaidh bhar meanma, a mhná Éireann;

ó Fhiodh Gaibhle go Gleann Róidh

bean a hairdfhine ní fhoghbhaim

gan chairdine Í Dhomhnaill dóibh.


24 Do mhnáibh Síl Mhurchadha a Maistean

re mnaoi d’iarraidh gidh eadh raibh,

ingheana Cláir lionnghlain Laighean

ní hionbhaidh dáibh aigheadh air.


25 Dá sirinn ó Chuaille an Cheapáin

Cúigeadh Connacht go Cill Ró,

snáthad chaol gheal nocha gheabha

bean shaor gan a deala dó.


26 Maith a mháthair, maith a athair,

álainn a cheann, caomh a chorp;

ní fhuil toradh géige is ghloine;

moladh bréige oile is olc.


27 Domhnall mac Domhnaill Í Dhomhnaill,

damhna ríogh Teamhra Dá Thí,

treabhaidh ar tuinn oirir aga,

oiridh do luing fhada í.