firstLine"; ?>

766. Do ghean craobhsgaoileadh na cColla $
Length: long 34qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Genealogical
  2. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 785(23/G/8)T.ONeachtain et al. 1711
  2. RIA 156(23/D/5) S. MacSolaidh 1715
  3. RIA 936 (C/vi/1)1718<1629, 1638 exx
  4. RIA 154(23/M/18)S.MacSolaidh 1718-23
  5. RIA 1137 (24/G/19) Vellum & 18c. paper
Motifs:
  1. nobility of patron’s ancestry
  2. function of poetry (tracing genealogies)
  3. liberality to poets
  4. cooperation btn Irish & Foreigners
  5. kingly functions
Patron Christian Names:
  1. Raghnall mac Somhairle
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill (1st Earl Antrim d. 1636)
Apologue Subclasses:
  1. Colla Uais: 4 yrs in Highkingship of Ireland
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Do-ghéan craobhsgaoileadh chlann gColla

[RIA 785 (23/G/8), 103]

[Séadna, Dán Díreach]


1 Do-dhén craobsgaoile[adh] chlann gColla

a cerd féin do duine is dual

beanfad ciaigh do chách da gcoibhnes

bia[idh] go brath gan fhoilches uaim.

2 Cerd is uaisle ord [an] f[h]ile[adh]

iúl dírech o dhre[i]m go dre[i]m

dhúinn as cóir a gcaibhres [leg. -nes?] fala

d’ainbhfhes cháich gabhthar gr[e]im.s

3 Clann oirbheartach Eochuidh Dui[bh]léin

dlíghther dhinne dul da n-iúl

trí leomhuin bloghtha gach bearna

d’feoilfhuil tholcha Teamhru(idh) an triur.

4 Fa híad a n-anama [leg. anmanna?] a ttosach

ó thús ag tuiremh an trír

triúr fuinedhach nar fhaomh aoinfhell

C[a]oireall Aodh Muiredhach mín.

5 Fainic er ainim íad da aithle

[In margin in diff. hand: ’ráinicc erainm (leg. énainm’)?]

an ógbhuidh dob oirdheirc gníomh

baister an t-ainm orra uile

gairm Colla ar gach duine díobh.

6 Mathair na gColla(dh) as cóir d’iomra[dh]

inghen airdrigh Alban fhéil

mor ghair(i)m d’oinech is d’uaisle

Oileach an t-ain(i)m fuair-si féin.

7 [Tig] Oileach go hinnbhear Colpa

cuiredh [leg. -id?] futha ferann gar

idir mín oirir is oirshlíabh

tír chloidhimh an gormfhiadh geal [leg. glan?].

8 Colla Da Chríoch nar chruaidh n-oinigh

anas ainsein san fhonn ghnáth

go bhfhuil go fóill frémha [a] aicme

’na séala choir cairte ag cách.

9 Deaghshliocht Cholla Da Chrioch ched(h)na

cosna[mh] a gclú do chleacht síad

siol Uidhir n[ach]ar ér iomghuin

frém duiligh a n-iarghoilr íad.

10 Mág Mathghamhna mór ré airemh

ar íadh aithghiall nír fhan sé

ar shliocht Cholla Dá Chríoch coimhreidh

urra ar nach bfert [leg. fríoth?] oilbhéim [é].

11 Mor gcogtha is formad fiochta

fuair síol gCealla [leg. gCo-?] fa gcríoch réidh

Ibh Maine gi mín a dutha[i]dh

go raibhe an tír futha[ibh] féin.

[in margin: ’Ibh Maine dutha Ui Chealla Ui Heachtuin Ui Mhadhaghain

o Cara go Gréin o Shruthair go Léim Con gColluinn’]

12 Sliocht Cholla Uais ar fud Éirenn

d’eis gach comhlainn dar chu[i]r síad

fághbhuid ríghshligh[th]e a n-íath oile

clíath mínighthe anóirr íad.

13 Colla Uais dob airdri(gh) ar Éirinn

d’aimdheoin cháich nír cheil an stair

ceithre blíadhna os gort na nGaoidhiol

gan locht ríaghla ag aoinfher air.

14 Colla mBeann gér mhór an esbhuidh

is uatha oighre ’ga shíol

go bhfhuil a bhfert ag cloinn Cholla

as roinn cert don rolla ríogh.

15 Slogh líonmhar(a) an chlann-sin Colla

clann nDamhnuil thes is thuaidh

idir Alba[i]n(n) is f[h]onn Eirenn

drong d’árdfhuil na gceimenn gcruaidh.

16 Clann Domhnuill Guirm na long luchtmhar

lorg oile ní huaisle craobh

as do fhremh Cholla don chlann-sin

beim orra níor f[h]oillsi[gh] áon.

17 Clann nDamhnuill ó Cnoc (na) an Cluithe

cath fiochmhar ’narb ferr an fhían

decair buain a mbeirn da bhfille

cruaidh a bhfheidhm a ngrinnell glíath.

18 D’fuil Colla Da Chríoch go háirmhech

aicme Ó nAnlúain leath ar leath

an rolla is léar ann gach leabhar

le fremh Colla bear(th)ar breth.

19 An fhiorfuil chrodha Clann Heachtuin

is on gColla gcedna [a] shiolr

(i)s Mac Aodhagain na gcorn gcrosach

(i)s O Madhag(h)ain an flaith fíal.

20 Clann nDamhnuill Laighen lorg fíre [104]

fulang ainbhre(i)th ní heól daibh

a gcoga[dh] ní dóigh an drong-sin

moga(i)l sloigh a [................] áith.

21 An Chlann Domhnuill-sin chlair Connacht

coimes riu-san ga mo mairg

an ghasruidh(e) shluaigh do chrú Colla

do-chuaigh a gclú orra os aird.

22 Clann nDubhghaill tosach gach troda

don treibh ched(h)na don chaoir shlua[i]gh

cuid da nós deibeadh co doghraing

deiredh (i)s tosach comhlainn cruaidh.

23 Gabham a-rís an ráon cedna

go Cloinn nDomhnuill nar chlaon cóir

raon fiorghlan liom inn gach líne

rioghruidhe [leg. -radh] [na] n-eang side(dh) sróil

24 Clann Alasdrain mhic Eoin oirdheirc

Eo[i]n Cathanach ór chin síad

fir nar íar a gcrodh do chongbhail

re ríar scol dob órla[i]mh íad.

25 Giolla Easbuig fa hard menma

ba mór gach foirm da bhfuair se

Semus fuair geall ó gach ollamh

cenn slua[i]gh do gach aoinfher é.

26 Aonghus doba n-uaibhrech n-aigne

Alasdrann Colla cliath gháidh

Domhnall Gorm don daimh fa dhuasaibh

gair a chorn a gcluasaibh caich.

27 Somhairle a ndeghuidh na ndeghfer

ar dháil gconaidh nir chuir glas

lamh dob fherr buaidh is bronnadh

fuair geall o gach ollamh as.

28 Tarla [a]-nois a n-ait a athar

oighre dilis do dheóin Dé

’na seilbh féin do-chuaidh a gcedoir

an céim fúair ní heagcóir é.

29 Raghnall cennbhile Clann nDamnuill

díon a thíre tairgidh se

terc da chomhaidh clú da mhaicne

cnu(th) mullaigh a aicme é.

30 Dorus báis ré béula cogaidh

coimhed siothchana sur Ghallr

triath da gcreidid Goill is Gaoidhil

léigid cuing gach aoinfher air [leg. ann?].

31 Denadh comhairle chlíar Mumhan

aois foirfe nach fionnfa gó

mac Somhairle nach doigh deabhuidh

comhairle chóir dlíghther dó.

32 Na tuille[adh] se diomdha an Duilea[i]mh

doigh gach céim da chruth fhíall

maittim fa log(ar)forus f[h]latha

mordhorus ratha a ríar.

33 Clann nDomhnuill a ndiaigh a cheile

ar chur gclú do chuirfedh cairt

rioghdhealba nar chlodh a gcatha[ibh]

pór fhinemhna (e)achach [leg. -idh] Airt.

34 Ní airim a nós a-nallain

a-nois féin as follus so

[a]-tá an clú tar chách ’na dheaghuidh

r(i)ú go brath ni deaghail dó.