firstLine"; ?>

767. Do ghean seanchas ar fhuil Fhiachaidh $
Length: long 41qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540c(C/iv/1) 17c O Maolchonaire
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. eulogy of personal appearance
  4. qualities of patron’s character
  5. nobility of patron’s ancestry
  6. praise of patron’s feasts
  7. liberality to poets
  8. prowess in war
  9. pun q. 25
Poet Christian Names:
  1. Muiris (mac Briain Oig, RIA 540)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Uilliam (mc Uaithne mc Laoisigh)
Patron Surnames:
  1. O Maolmhuaidh (fl. c. 1584-1659)
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Do-ghéan seanchus ar fhuil Fhiachaidh

[RIA 540 (C/iv/1), 168v]

Muiris mac Briain óig Uí Máoilchonaire cecinit

[Séadna, Dán Díreach]


1 Do-dhén senchus ar fhuil Fhíachaidh

aicme do fhás ó fhuil ríogh

leannáin Banbha da ttrágh tuile

calma a n-ágh gach duine dhíobh.

2 Gach ar fhás ó fhíonfhuil Fhiachaid[h]

aithne dhamh-sa a senchus soin

slata réidhe go ró n-anma

a ccló a chéile tarla a ttoil.

3 Do-gébhthar úaim ni hiúl seachráin

sencas na ríogh ó Ros Cré

fir tréna nar dhóigh i ndeabaid[h]

sgéla an tslóigh ó thealaig[h] Thé.

4 Ughdoir eoluis chriche Cobhtaibh [leg. -thaigh?]

clann Uí Máoil Conaire ó Chlúain

dóibh rob fes gach neach don Niallfhuil

sa leath thes ’sna tríanuibh thúaidh.

5 A-tá liom ar lorg na sinsear

seanchus shleachta Fhiachaidh fhéil

dhamh as dúal bud-dhecht a ccaomhna

cert na slúagh as maordha méin.

6 An cédghlún as oirches d’áireamh

Uillíam Ó Máoil Mhúaidhe gan oils

do gradhaig me an curaid[h] calma

ré thuraid[h] da ttarla ar ttoil.

7 An daro glún úaithne amhra [169r]

athair Uillíaim fa glan gne

áoinfer dár chóra geall gaisgidh

fa crodha an cenn aistir é.

8 Athair Úaithne na n-arm liomhtha

Laoigseach fa láochdha go hég

plannda d’fuil Gaoidheal na ngormlann

tuir re maoidheamh comhlann chéd.

9 Toirrdhealbac mac Taidhg nar tubadh

tríath Fher gCeall bérad go á bhun

mac Muircheartaig Óig féil amhra

fa róid do chléir Bhanbha a bhrugh.

10 Mic Fearghail flaith mór na Mide

meic Donnchaidh nar dhiúlt do dháimh

láoich nar thuirsioch gcen an chineadh

Uisneach Bhreagh do dligeadh dháibh.

11 Athair Dhonnchaidh na ccrann ccorcra

cóir a iomrádh in gach úair

Toirrdhealbac[h] fa tríath ar thríathaibh

íath goirmiúbhrach Fhiachaid[h] fúair.

12 Colín mac Aodha Óig áluinn

athair Toirrdhealbaig[h] fuair fonn

mac Aodha Móirr Muighe Rathan

cuire ríoghr na ttachar ttrom.

13 Athair Aodha Móir fúair flaithes

Fergal fa hárdfhlaith an fhuinn

mac Fionnghuine fúair na fríthe

sdúaigh fionnmhuighe chriche Cuinn.

14 Meic Floinn meic Cathaoir nár cáineadh

curaidh fa treisi in gach tír

meic Taidhg meic Domhnaill díol toile

ag díon ghormfhuinn toighe an trír.

15 Dondcad mac Máoil Mhúaidh meic Buadhaig

na mbreath ndíreach nar dhíon locht

fa chosmail don fhéin a n-iorghail

gasruidh réidh nar biodhbaid bocht.

16 Meic Máoil Mhúaidh meic Lorcáin Loingsigh

laochruidh fhíal fa trén ar thóir

meic Donncaidh fa díon a ndeabaid

fion conchair go medhair mhóir.

17 Meic Maoil Mhúaidh ’gun Múaidh do hoileadh

ag ua bFíachrach flaith an fhuinn

fer or slonnadh an slúagh síthe

lér bronadh búar chríche Cuinn.

18 Duineachair ni dúal a dhermad

dregan áigh go menmain mhir

fa cráobh chnúais don chléir fa rodhóigh

gúais dréim re honóir an fhir.

19 Athair Dhuineachair fúair áireamh

iomdha cath ar chách do bhris

molad[h] d’Anmchaidh é san am-sa

ni rannfaidh me an rann-sa ris.

20 Mac Duineachair oirrderc oile

oighre Broin le mbeirti búaidh

laochruidh mur thuile in gach tachar

laochraid Mhuighe Rathan rúaidh.

21 Donn Cathaoir ó chathaibh iomdha [169v]

ainm an áirsigh nar ob glíaidh

rug búaidh ar gac cloinn go cálma

go bfuair roinn do Bhanbha Bhríain.

22 An cédghlún do fhás ó Fhíachaidh

Eochaid[h] Fionn ga bern nar bhris

ar neart lann fa leth da fhine

gan neach ann ag righe ris.

23 Gach flaith fhíre da bfúair cennus

a ccrích Fhiachaid na bfiodh bfíar

ag sin íad gan léim tar líne

síad ag dréim re righe ríamh.

24 An tan fuaradar íath Uisnig

aicme chrodha nar chan brég

síol Múaidh fa tréinfhir an tan-soin

slúagh nar éiligh gasraid Ghrég.

25 Cia don fhuil-sin Fhiachaid airmgheir

nach bfúair flaithes fath gan bhréig

go mac Úaithne na sleagh síthe

Uaithne cean gach tíre í ttéid.

26 Ionann d’airrgibh is d’fuil iad-séin

is oighre Úaithne a n-am óil

cosnuigh a chert mur a chinedh

cosmail nert is dligeadh dhóibh.

27 Fuil Fiachaid is Eochaid Doimlén

an da fhíonfhuil ór fhás sé

fios a senchais linn a leabraibh

nemhthais grinn do mheabraigh mé.

28 Do len Uilliam d’úaisle is d’oirbhert

airdhena fola Néill náir

léir san sáoirfer as séimh aigneadh

méin Gaoidheal tar caidremh cáigh.

29 Fúair on Trionóid togha dealbha

’s daonnacht do dhénamh da thoil

tug féile 7 fos a labhra

Ére do chlos anma air.

30 Ar onoir ar dheilbh ar daonnacht

as doirbh d’áoinfhear breth a bharr

searc na cléire clúain na n-áoidheadh

céile shlúaigh Gaoideal is Gall.

31 Gach rí gach flaith ór fhás Uilliam

tar an úaisle fa íath Bregh

le maith tainic tós a fhlatha

rainic nós gach flatha an fer.

32 Deaghmac Uaithne nar thuill toibhéim

tarraidh d’oighreacht fhine Néill

nach terc fíon ag féin á bhrogha

a ghníomh féin da chora a ccéill.

33 Gnáth iad [i]na fhíonnbhrugh fairsing

d’aithle a bfogra ó thrén go tren

síad da ríar fa mhuirn gan mhaoidheamh

clíar fa chuirm ag sgaoilead sgél.

34 Lúath ar ógbhaidh a dhuin dathghloin

ag dáil chorma ar chlannaibh súadh

giodh iomdha clíar go géig nGáoidheal

ni léig gan ríar áoinfher úaidh.

35 Teagusg as ferr fúair a bhiodhbhoidh [170r]

gan búain uime ar úathadh slóigh

do láoch Rathan na sleagh sénta

fedh tachor nír dhénta dóigh.

36 Searc Uilliaim bhíos aga bhiodhbaid

beithir Cruacháin nar chan gó

an ré lán as ferr fa bfuighe

gradh leam mur gach duine dhó. Do-dhén...

37 B(h)íaidh ’na chédghlún oirrderc áirimh

Úaithne Óg do dheghtoil Dé

a ndeóidh gach áoin da réim reimhe

bud léir í láoidh eile é.

38 Banfhlaith Bhreathnach d’fuil na hÉirionn

ag Úa Laoigsigh na lann sen

toibhéim dhá taobh nocha ttarla

craobh roiréidh ó Bhanbha an ben.

39 D’fíonfhuil áirdrigh chriche Cobhthaigh

an chraobh toraid as mór mes

rug búaidh in gach áird ar fhéile

ni mairg fúair mur cheile a cnes.

40 Cenn síothchána ingen Uilliaim

airrdhe na mná do mhes mé

mín ré cléir ’s as cenn do bhochtoibh

ar léir lem do lochtaibh lé.

41 A maith féin ní maoidenn Mairgrég

da mhed dháilius is dúal dí

an chráobh fhíal gan seadh sa saoghal

do len clíar ’na haonar í. Do-den...