Poem in printable PDF format
Do-ghéan céile do
Chathaoir
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 69]
Aonghus mhac
Doighri Í Dhálaigh .cc.
1 Do-ghén céile
do Chathaoir,
lámh thrén nár
thuill éntathaoir,
cneas séimh ler
éirigh oirbheart,
féinidh lé [a]
n-éir uasailbheart.
2 An Cathaoir-si
is céile dhamh,
gomadh é bhus sia
saoghal,
cara ceall [ca
céile is fhearr?],
ceann ar réi-ne
go roicheann.
3 Sul do thogh
ollamh eile,
dó tugus tús
m’aimsire,
gnúis rachaoin is
réidhe roinn,
Cathaoir mar
chéile cumuinn.
4 An í a dhreach
shéghuinn shubhach,
nó a labhra caoin
carthanach
tug tromghrádh do
gach duine
nó no a chomhrádh
cialluidhe?
5 Níor bhraith mé
cumhgach croidhe,
ná a thaisi a
ttráth iorghoile
ar mo
shaoirchéile bhfial féin,
ná mian
aoinchléire d’aimhréir.
6 Ní cuirthe dhó
ar gcúl choidhche,
mac Aodha an airm
fhaobhairthe,
cion na
gcéidleannán do char,
géigbheangán do
fhiodh uasal.
7 Tig tuile
shiobhlach seirce
dom chéile óg
inneilte
fá imlibh cuain
mo chridhe,
nách imdhigh uair
d’áiridhe;
8 Fíoch leómhain
a lá catha,
fírinne fós
ardfhlatha,
’s ró féile ar
nách foghthoir faill,
a n-onchoin
fhréimhe Raghnuill.
9 Ísleóchuidh
ógmhac Sadhbha
trén Danar fhóid
fhionnBhanbha;
cuilg géirreann
leabhra in leómhuin
feadhna Éireann
airdeóghuidh.
10 Rug meirén
Muighe Luraidh,
lámh ghasda,
gníomh seabhcamhuil,
geall ó
fhírsheabhcuibh gach fhuinn,
re sídhealtain
eang n-áluinn.
11 Méin Aodha, a
cheinél ’s a chruth,
atá ag Cathaoir,
clú saoghlach;
lámh ainmneamhuil
nár fhaomh béim,
Aodh ar
airrdheanaibh eiséin.
12 Minic do bhí
ar bheagán sluaigh
d’fhuil Raghnuill
laochruidh lannchruaidh
ó Bhearbha soirin
go sál
doighir na
feadhna ar fadádh.
13 Ní léig eagla
ar an fhuilioch
an cara ná in
comhuighioch,
ná radharc a n-am
fheadhma
d’amharc na lann
loinneardha.
14 Madh lia a
laoich a lá catha,
madh lia a
bhfogha faobhracha,
tuillfidh cách
tathaoir a ttroid
do Chathaoir in
tráth teagmhuid.
15 Slighthe a
ngleó do dhírigh dháibh,
mearghasraidh
meic mheic Seaáin,
mór ród do
réidhigh rompa
in féinidh óg
árrochta.