firstLine"; ?>

77. A fhir theidh go Fiadh bhFuinidh $
Length: middling (29qq)
Certainty: 3
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Elsewhere (Rome)
Classes:
  1. personal
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. (RIA MS no. 743)
  4. RIA6 c.1700 ?Co. Offaly
  5. (Stoneyhurst)
Prints:
  1. text (O’Rahilly, MD ii no. 52)
Motifs:
  1. Conquest the fruit of God’s anger
  2. pilgrimage
  3. Rejection of Lutheranism & Calvinism
  4. exile
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire mac Mathghamhna RIA743 BOC
Poet Surnames:
  1. O hUiginn (i. an t-easbog RIA6)
Apologue Subclasses:
  1. Tadhg O Dalaigh left Ire. to become Friar
  2. Mary Magdalene and Martha
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

A fhir théid go Fiadh bhFuinidh


[Thomas F. O’Rahilly: Measgra Dánta II, poem 52]


Maolmhuire Ó hUiginn


1 A fhir théid go Fiadh bhFuinidh,

mo-chean toisg dá dtriallfaidhir!

Críoch naomhdha thirmlinnte the,

maordha an fhirminte uaitse.


2 Do-bhéara cúl (mo-chean duit!)

don Róimh, don Eadáil ordhraic,

cúl don Spáin ngairgbheódha ngrinn,-

dáil re n-airdeóbha th’intinn.


3 Cúl don Fhrainc na ród dtairtheach

do-bhéara (beart neamhaithreach!)

iath nách samhail d’iath oile,

’s aghaidh ar iath Úghoine.


4 Nát-congbhadh go soiche sibh

fuacht earraigh ná gaoth gheimhridh,

fuinn mhíne na magh ndata,

ná gal síne samhrata.


5 Gach feidhm dá bhfuileónga sibh,

is th’aghaidh ar Iath Fhuinidh,

cuimhnigh féin ar áille an fhuinn

’s ní sáimhe céim ar chearchaill.


6 Dá bhfaicfe uaid ochta a beann,

céadradharc innse hÉireann,

beanfaidh dhíot ciaigh do chroidhe,

biaidh i n-íoc bhar n-eolchaire.


7 Ar fhuilngis riamh roimhe soin

d’olc idir thír is tonnmhuir,

ní badh cumhain led chroidhe,

ná pudhair dá pudhraighe.


8 Ní thréigfe tú ar dtocht a-nonn

Inis Fáil na bhfiodh gcnódhonn,

do chríoch siar, seal a-bhusain, -

mo-chean triall san turas-sain.


9 Fairgse a sreabh, siobhal a fuinn,

fairgse a coillteadh ndlúith ndíoghainn,

radharc um cheann a calaidh,

amharc is fhearr uarabhair.


10 Ní fhaicfe nathair nimhe

san chrích álainn ainglidhe;

rogha leaptha clúimh a cladh,

úir tara deacra déanamh.


11 Aoibhne a hoirear, áille a sreabh,

cnuas a fiodh, iasg a hinbhear,

lúth a greagh is caoimhe a con,

saoire na bhfear, cá bhfaghthar?


12 Tír nár thréig a cuing chreidimh,

tír is umhla d’fhoighidin;

measardha a tír is a tonn,

tír is easumhla d’fhorlann.


13 Ar Dhia amháin badh anta d’fhior

i n-éagmhais innse Gaoidheal,

’s ní ar dhocamhal dá dhocra,

ná ar shocamhal shaoghalta.


14 Fuilngidh Dia dúthaigh a sean

tre anuabhar mac Míleadh,

tír ainglidhe fá n-aidh tonn,

fá rian ainbhfine eachtrann.


15 Gan fhágbháil oirir Bhanbha,

gan anmhain ón athardha,

mo-chean len héidear é a-nois

gan tréigean Dé ná a dhúthchais.


16 I ngioll ar Dhia is deimhin linn

gi-bé do fhúigfeadh Éirinn

le triall gan tocht tar a ais,

go madh rian go port Pardhais.


17 Maith do thuig Tadhg Ó Dálaigh,

do rad cúl dá chompánaibh,

do thuig an iris do b’fhearr,

do dhruid ó inis Éireann;


18 Do threabh le hiathaibh oile,

do thogh bheith i mbochtaine;

do thréig a thuile ’s a thráigh,

do léig do dhuille an domhnáin.


19 Méad ar n-annsa ag fearaibh Fáil,

d’oilithre is feirrde a bhfagbháil;

cúl re fréimh fhionnGhaoidhil d’fhior

céim ionmhaoidhimh re a áireamh.


20 A dhocracht anmhain uaidh sin,

móide is anta ó Fhiadh Fhuinidh,

gé madh leasg aigneadh d’fhuireach

i measg chaidreabh gcomhaidheach.


21 A-deir an chlí i gcogar riom,

dá n-anar ó iath Éireann,

badh náir an céim re a char rinn

damh féin a-mháin dá mairinn.


22 Mo leas féin is foghnamh cáigh

go bhféadfainn innte d’éanláimh;

do-chiú a lán re a dhéanamh dhún,

dá féaghadh madh ál iompúdh.


23 Do-chiú thoir don taoibh eile

beathaidh n-aonda n-ainglidhe,

gan rún i gceilg ná i gcionaidh,

gan tnúdh, gan fheirg n-eisiodhain.


24 Gan raon do rochtain an uilc,

gan chúis, gan chaoi ar a fhóbairt,

acht an chlí fá chuing choidhche,

gan bhuing re ní neamhfhoirfe.


25 Gan ualach oile d’fheidhm throm,

gan cuing ionghaire anmann,

lór an chlí is collaidhe im bun,

tromoire í re a hiomchar.


26 Iompúdh go hÉirinn tar mh’ais,

nó mé d’anmhain ’na héagmhais,

stiúr, a Dhé, ar an iúl inne,

gi-bé iúl is innille.


27 Idir Mhuire Mhaghda-léan

’s Marta mar so san soisgéal,

rug an Coimdhe breith mbunaidh;

a bhreith oirne is iomchubhaidh.


28 Is iontuigthe dháibh is dún,

na cairde ler fhearr mh’iompúdh,

giorra an ré róm is reampa;

fám chlódh is é is inleanta.


29 Mo charaid is caraid Dé

go dtuillid beatha is buainré

san chrích fhionnghlain fán mín muir;

ionmhain an tír i dtiaghair.