firstLine"; ?>

770. Do horadh ainm an einigh $
Length: long 32 + 4qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 744 (A/v/2) 17th cent.
Motifs:
  1. envoi to spouse (Mary dau. Henry Talbot)
  2. imagery for patron (coilean)
  3. eulogy of personal appearance
  4. qualities of patron’s character
  5. nobility of ancestry
  6. single exception to general condemnation
  7. patrons liberality to poets
  8. functions of kingship
  9. almsgiving
  10. personification of abstract
Poet Christian Names:
  1. Peadar (RIA 744)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. Teaboid mac Ribeird, ua Sior Lucais
Patron Surnames:
  1. Dillon (outlawed 1690)
Apologue Subclasses:
  1. Lion lashes himself to fury with his tail
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do hóradh ainm an einigh

[RIA 744 (A/v/2) ‘Dillon Duanaire’, 35a]

Peadar O Máoil Conaire cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Do horadh ainm an einigh

do sgáoil glas a ghéirgheimhil

do thríathaigh ’s na róid a reabh

fa íathaibh na ccóig ccóigeadh.

2 Gé tá sé ré seal gan suim

eineach oirrdheirc chláir Chríomhthuinn

fá oiréd go sáobh mar sin

gan doimhéd ag aon d’úaislibh.

3 Do sháoil trá ceann a cceanns

eineach úaisleadh fhuinn Eireann

a bhláth gur guineadh sa ghart

’s go bráth nach bhfuigheadh furtacht.

4 A-tá sé meallta ’na mheas

an t-eineach d’iúl na n-écceas

ré háoinfhear gan ghleó ré ngoil

do sgáoileadh ceó da cumhaidh.

5 A sgél sé [leg. As é?] do sgáoil sgél gan tlás

deaghúa súaithnidh Sior Lúcás

an tréinearr as tais gan tocht

géibhionn a ghlais da fhurtacht.a

6 Oighre Ribird an rúin ghrinn

Teabóid Díolmhain dreach inghill

a réim ’s gach romhagh do leath

séigh lér hóradh an t-eineach.

7 A-táid ríamh díaidh a ndíaidhs

Díolmhainigh nár ob airmghlíaidh

deighfhir as glórmhur ’s gach gleann

ag móradh einigh Éireann.

8 Connmhaigh Teabóid súas mar sin

mar gach aithir dá aithribh

in gach dú tilidh go te

clú a einigh ’s a úaisle.

9 As é céiddeoch fúair go fíor

millsén einigh gan imshníomh

dár oirrdhearcleath ainm an óig

an phailm thoirbhiortach Theabóid.

10 Fúair go dearbh ó Dhía na ndúl

tiodhlaicthe tra mur fhortún

dá ghnúis ní gúaisnimh an grádh

cúis do úaisligh a iomrádh.

11 Don tiodhlaicthe tugadh dho

árdchrann toraidh chnó ccumhra

a cheartghlár gur thé ’s gach teagh

searcghrádh Dé 7 daoineadh.

12 Búaidh tola is tuigse feasa

búaidh inntleachta is aitheasa

[i]s búaidh áirdghnimh ar an fhior

fúair ó Áirdrígh na n-aingiol.

13 Gach búaidh ré n-árdaighthear óig

tug an Tríonóid do Theabóid

an frosghlan do ghigil ó ghuths

eidir chosnamh is chúmhdach.

14 As ionann bhós bhíd ’na thigh

as gach áird dona háirdibh

[u]mun drithle óir as earrghna

sirthe slóigh go hinfheadhma.a

15 Lionmur fós ar lár a lis

drong líomhtha do lucht áinis

gan teagmhais gan bháos bhearta

eaglais as áos oireachta.

16 Coimhionann bíadhtar ’na bhrugh

Teabóid dúasaclach Díolmhan

gach am gan omhan ’s gach cruth

an dall bodhar ’s a[n] bacach.

17 Láoch foirbhthe ré freasdal dámh

Teabóid as aidbhseach iomrádh

’s a ngach (?) cúis díleas a dhál

túis gan mímheas an macámh.

18 Flaith chosnas clú na córa [35b]

árdaightheoir na honóra

an gleóghal rinncheart a réim

leómhan ar inntleacht eiséin.

19 Do sgaith an leómhan go léir

tar ainmhinntibh gach óiléin

a ngach dú gan ceilt dá chor

ar chlú neirt is ar nósbhladh.

20 An leómhan léidmheach gan on

nír umhlaigh d’áon ar dhomhan

a ngartr is a ngníomh mar so

acht do mhacr ríogh nó ríoghna.

21 Annamh fós aitheantar air

fearg an leómhain go lonnghail

’s a reacht gíodh léir is gach log

acht (?) ré(i) teach[t] tréin a námhad.

22 An tan theagaid a náimhde

ar mhagh álainn easoirgner

an lá-soin ní díon da ndol

fásaidh a bhrígh ’s a bhorrfadh.

23 Búailidh ainnséin go docracha

dhá earbhall ubhallchnapach

a cholann gan cealg ’na ghar

go ngabhann fearg is fúasmadh.

24 Ionnsaigheas [leg. -aidh?] íad dá aithle

do-ní colla ciorrbhaithe

gan suim ágha ag an fhéinnidh

san droing dhána dhithchéillidh.

25 An drung chlisde nach cíallach [leg. ciallaidh]

corraidhid don chéidíarraidh

dá ttaighleóir gach tan mar so

d’aimhdheóin a ccur catha.s

26 Do-níd síothcháin druim ar dhruim

an leómhan ’s a lucht cumainn

gíodh gníomh docair a dhála

go mbíonn socair síthchánta.

27 Eisean an leómhan gan locht

Teabóid búidh beó na cConnacht

do sgaith an léamhanr go [......]

ar mhaith ar mhéin ’s ar mhúnadh.

28 As íad an dírim dhoilighr

lucht égcóra as aindlighidh

’s mar chluinid a chomhradh gle

sguirid da bfhorlán [...........].

29 Breithiomh isligeas olca

Teabóid ’s a n-áos annsmachta

ar loingseóir go mían molta

doirseóir dían na dáonnachta.

30 Deaghmhac Róisi an ríoghrúin ghloin

Día dhá dhídean ar dholaidh

órchall gach forais an fer

lóchrann soluis na sinnsior.

31 A-tá gan lot san óg úr

árdgháol íarladh is bárún

go soiléir gan lúagh iar locht

coilén do chúan na mbeannacht.

32 Gombadh hoighre síor gach seal

Teabóid ar íath a aithreadh

láoch raith as díre mar so

flaith as míne ’s as mórdha. Do hóradh...

33 Do char Teabóid trá mur sin [40a]

bean lé hóradh an einigh

mar ríoghain chnúasaigh gan chol

d’fhiurfhuil [leg d’fhíorfhuil] úasail na Sagsan.

34 Inghion Sior Hannráoi cruth cáomh

gég mhóras meas na macaomh

a tréighe cosnaidh ’s a cáil

cosmhuil ’s a céile conáigh.

35 Maith a meas ’s ar [leg. as?] m(h)órdha a méin

Muire Thalbóid tháoibhréidh

a lúagh san am-sa ní lag

dhamh-sa ní dúal a dearmad.

36 Féile úr inntleacht ghlan ghlanr

do dhóirt Día san óig uasail

gníomh as dúal ó dhúthchus di

an sdúagh chúlchas go ccáoimhe. Do char