Poem in printable PDF format
Do leonadh Éire i
nÁth Luain
[T. Ó
Raghallaigh, Filí agus Filidheacht Chonnacht (Dublin, 1938),
283-93]
Muiris (Mac
Tórna) Ó Maolchonaire cct
1 Do leonadh Éire
i n-Áth Luain,
tug an t-eineach
go hégcruaidh
béd lér seoladh
cliar i gceas
Brian ón leonadh
gan leigheas.
2 Iarsma
Gaoidheal na ngleo dtiogh
fuighioll áir
maicne Míleadh,
créad nach
leonfaidhe as a los
méad an eolchuire
adhnus.
3 Ua Cuinn is
Tuathail Teachtmhair
ua Airt Aoinfhir
oirbheartaigh
ua Féilim leomhan
na leacht
leonadh d’Éirinn
a imtheacht.
4 Do bhithin an
éaga fhuair
Mac Diarmada
dreach neamhchruaidh
gan sgáth ar
dheoraidh ag druing
fáth an leonaidh
dá labhroim.
5 Tásg Briain i
mbeól gach aoinfhir
brón fan mBanbha
bheosgaoilidh
don tréad ó
Thuladh na bhFionn
a éag is cumhadh
choitchionn.
6 Crádh an leoin
do reacadh rinn
gé mór i ngach
áird d’Éirinn
ar Leith Cuinn do
luigh an léan
nír chuir a druim
ré drochsgéal.
7 Tré Brian ní
hiongnadh uch
ag cloinn Bhriain
Mhóir mic Eachach
neamhthuirse ní
dú ’na dhiaidh
sreabhchuisle do
chrú an chéidBhriain.
8 An fhíonfhuil
thíos thiar is toir
dar dhual ceannas
ar Chruachoin
síol gConchubhair
fá chiaidh do chuir
tromchumhaidh
Briain dá mbeoghuin.
9 A gcroidhe do
chuilg a ghoimh
Raghallaigh agus
Ruarcoigh
síol gConuill is
Eoghain Fhéil
crobhaing dá
bhfeolfhuil eiséin.
10 A bhás as díth
don deaghfhóir
síol Ír, Éibhir,
Éireamhóin
mé dá maoidheadh
nocha nár
a ngaoilfhear é
go hiomlán.
11 Atúsa maraon
ceann i gceann
fionnghuill is
uaisle Éireann
as nimhimneadh
d’ég an fhir
’s gach tréd
sídhinghean suilbhir.
12 Do treathagoin
treana cumhaidh
aoiriosadh a
ollamhain
túath is cliar do
chráidh re headh
ní bhiam re
mnáibh do maoidheadh.
13 Do Mhagh Luirg
as léan fada
cinn-bhile crú
nDiarmada
guais seal na
dhiaidh a dhochar
liaigh ar gcneadh
do chneasochadh.
14 Bráighe mur
Brian re hathaidh
d’fhuil
oir(r)dheirc Chuinn chéd-chathaigh
ó Áth Luain siar
les an sruth
nír thriall go
Cluain i gcumhdach.
15 ’S ní tháinic
don taobh eile
aniar ó Bhél
Bóroimhe
d’fhuil Eoghuin
ná Cormuic Chais
d’feolfhuil
oir(r)dhairc an Fhorghais.
16 Do thionóil go
Cluain na gceall
forghla uaisli na
hÉireann
leathan líon
Ciaráin na gCros
díon a fhiarráin
nír bh’uras.
17 Caoga
triathfhlaith do threibh Néill
is tríocha ó
Chruachoin chlaidhréidh
i gCluain fa
leacaibh loma
is gan fheacaidh
eatorra.
18 Diarmad Mór
flaithrí bhfear bhFáil
adhnacal Chluana
Ciaráin
do thogh mac
Cearbhoill na gcath
an tslat do
threabh druing Theamhrach.
19 Airdrígh oile
a aithghin soin
Maoil Sheachloinn
mac Mhaoil Ruanaidh
maitheadh a locht
fuair an fear
a chorp i gCluain
do cuireadh.
20 Do ghabh
Ciarán an ghlóir ghlic
éigne Sionna an
eich oirrdhirc
is maighre
Muaidhe ’na líon
Guaire Aidhne na
n-ilghníomh.
21 Bradáin
Bhóinne do thoidheacht
cuid oile dá
iasgaireacht
’s bric Bhaoille
go Cluan na gcliar
saoithe nar
chruaidh ón Choirr-Shliabh.
22 Fa ríghte ar
tuladh Dhá-thí
Toirdhealbhach
trén is Ruaidhrí
an dá mhír
chruadha ó Bhóinn Bhreagh
a róimh Cluana do
cuireadh.
23 Cluain fa húir
adhnuicthe dháibh
uaisle Connacht
clann Cholmáin
glór gan iomrall
gan locht linn
go tocht
fhionnghall i n-Éirinn.
24 Beag díbh
ráinig róimh a sean
ó bhuaidhreadh
Gall is Gaoidheal
ón uair sin go
nár dhleacht dháibh.
a bhfeart don
Chluain sin Chiaráin.
25 A chóir ní
bhfuair re fada
go bás Briain Mic
Diarmada
ráinic a cheart
Cluain anois
a leacht sa uaigh
san eaglois.
26 Maith an díol
do dáileadh dhi
i n-íoc ar
imthigh thairsi
Brian ón
gcraobhBhúill nar chruaidh cáil
fa naomhúir i
gCluain Ciaráin.
27 A
n-aoinfheacht ris an réimh seang
do leonadh
oineach Éireann
beid go cian re
chéile i gCluain
Brian is an
fhéile in aonuaigh.
28 Fear a thuicsi
sa thoirbheart
a einigh is
uasoilbheart
deightheist i
gcriaidh is dleacht dó
na diaidh as
tearc an tanso.
29 Ar mhórdhacht,
ar mhéin, ar chaidhne,
ar dhaonnacht, ar
dheaghaithne,
nocha béim do
chaithreibh Chuinn
ní léir a
aithghin aguinn.
30 Meanma bhog ag
dáil a dhuas
foighide, neart,
is neamhchruas
beag easbaidh na
dhiaidh do dhul
i bpearsoin
Briain do bhádar.
31 Ní bhfuair
cara i gcruth leasa
locht acht méad a
mhaitheasa
ná ’bhiodhbhadh
ar mhac Meadhbha
an tslat
d’fhiodhbhadh fíneamhna.
32 Le barr
cumhachta is croidhe
do chleachta a
gcomhnuidhe
an fhlaith dá
ngéilleadh dá ghaois
maith do
dhéineamh nach déndaois.
33 Iomthnúth
cáich do bhíodh re Brian
feadh Banbha na
bhfiodh bhfoiltfhiar
mionn súl is
buime na mbocht
ar uille a dhul i
ndaonnacht.
34 Fiche dá
fhreimh ní ríomh beag
Brian an
t-aonmhadh flaith fichead
mór roinn buadha
ó Bhúill na sreabh
fa úir Cluana do
ceileadh.
35 Mar do dhiall
riú ’na reachtuibh
i dtromdhacht sa
dtoirbheartuibh
nír bhfhiú a chur
i n-uaigh oile
do thogh Cluain
na gcosmhoile.
36 Tosach ratha
ráinig Cluain
san riocht a
raibhe an chéad uair
d’aithle Briain
ón mBúill idir
biaidh an úir fa
oirmhidin.
37 Leanfaidh siad
go Cluain a chorp
uaisle foirne
chláir Chonnacht
tré Bhrian ón
mBúill dá dtogha
triall don úir a
n-énrogha.
38 Gaois
beodhacht agus buga
do bhí i mBrian
Mac Diarmada
réidhe fá ór, fa
ealbha,
glór is tréidhe
tighearna.
39 Dá madh gnáth
tré dhul dhuine
saobhadh na ndúl
ndaonnuidhe
go mbiadh gach
fairge ’na fuil
tré Bhrian na
Cairge as cosmhuil.
40 ’S ní bhiadh
sriobh acht ’na linn láin
iar n-éag
chinnbhile Cruacháin
ná luindir i
ngaibh gréine
tré chuingidh
chláir Choirshléibhe.
41 ’S ní bhiadh
tré bhás an deighfhir
dá madh nós é ar
aitheighidh
iasc i dtráigh ná
tairthe fiodh
acht pláigh dá
aithle is oighriodh.
42 Eineach
Guaire, gaiscidh Finn,
breatha reachtgha
an rí Féilim,
teagasc ríogh
Cormuic í Chuinn,
sa ghníomh
oirdhruic do fhoghluim.
43 Do Bhrian fá
haithghin oile
Murchadh mac
Briain Bóroimhe
nó mac an Chairte
chalma
slat aithne gach
ealadhna.
44 A mhian féin
fuair gach duine
ón tshaoi mur
Laoch Liathmhuine
seoid uaidhe fós
do gach fear
do nós Guaire na
nGaoidheal.
45 Dob eision fós
don Bhanbha
aoinfhear órtha
ar n-ealadhna
ar ndul uainn don
Bhrian Bhaoille
ní biam uaidh gan
éagcaoine.
46 Re Mac Liag na
leabhar ngeal
atáim ionchomhair
ar imneadh
ger ba adhbhal
chiaidh ó chroidhe
iar marbhadh
Briain Bhóroimhe.
47 Ní lugha mo
bhrón tré Bhrian
Nuadha file mac
Maicniadh
frémha a dhá shúl
mar do shil
mo dhéra ar lúth
rem leicnibh.
48 Mé tré Bhrian
na conchlann cráidh
tar éis Dá Thí do
theasdáil
ar ndul uadh do
biorcruaidh Breagh
ger truagh
Ciothruaidh dá chaoineadh.
49 Gach
baidhbsioch i n-iath Uladh
broncabhadh (?)
tré Chonchobhar
thall nír mhó a
mhairg i n-Ulltaibh
mo chailg na cló
i gConnachtuibh.
50 Geall gach
bróin do dáileadh dhi
ge théad mo
thuirsi thairsi
cumhadh Torna fá
Niall nár
tré Bhrian as
ollamha ar n-uchán.
51 Mochean an
leaba lighe
dá mbeinn iar
mbuaidh aithrighe
re thaoibh fan
bhfuairlic a bhfuil
i gCluainMhic an
tSaoir tsalmghloin.
52 Tearc re a
linn i gClár Chriomhthain
baoghal nach
biaidh d’Eirionnchaibh
fear a chéime na
chló ar bhladh
Éire dá ló do
leonadh.
DO
LEONADH.
53 Le truime a
thoradh do thuit
eo rosa chríche
Cormuic
cliath fhoscaidh
nar aduigh oil
samhail Oscair i
n-iorghail.
54 Tar éis Briain
is soilléir soin
trí buadha
dhuille an domhain
crann nar chogail
a thoradh,
clann obair is
adhmholadh.
55 Trí bliadna
triochad trí mhí
do Bhrian mhac
mic Ruaidhrí
’na fhlaith ar
lorg a shleachta
fa maith ord na
hoighreachta.
56 Teach
Miodhchuarta, muir Meadhbha,
Caruig na
bhfleadh bhfíneamhna
ag Brian do
bhíodh san mbaile
fíon is cliar i
gcomhnuidhe.
57 D’aithle
Briain an bhronnuidh bhí
na saoithe anois
is neimhfhi(?) [leg. neimhní?]
tearc duine dáibh
as cara
do thráigh uile
an ealadha.
DO
LEONADH
58 Céd lá
challainne Feabhra
lá mhéadoighe a
mímheanma
do ceileadh i
gCluain a chorp
teimheal uaidh ar
ar n-amharc.
59 Ó ghein Íosa
gur éag Brian
dá thrí is
triochat ar énrian
sé chéd is míle
gan mheing
brég san líne ní
luaidhim.
60 Ní shaoilim
roimhe go raibh
a samhail so do
mharbhnaidh
ag neach dá
fhlaithréim mar leacht
gan chaithréim
creach is coinbhliocht.
61 Léir san
aimsir fuair re linn
gur chuir a ainm
fa Éirinn
lór d’iomrádh an
uairse ar neach
uaisle iomlán is
eineach. DO LEÓNADH.