firstLine"; ?>

773. Do loisgeadh meise sa Mhuaidh $
Length: middling 21qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. Francis. A 25 B. MagNiallghuis c. 1610
Prints:
  1. transl. Eigse v, 150
Motifs:
  1. poet-patron relationship
  2. War with English
  3. symptoms of grief
  4. poet’s own mourning
Poet Christian Names:
  1. sname only (Franc. A 25)
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
Patron Christian Names:
  1. Domhnall (Gorm mac Seamais)
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill d. 1586
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do loisgeadh meise sa Mhuaidh


[Colm O Lochlainn, ‘Ár ar Ard na Riadh’, Éigse 5, 149-155]


Ó Gnímh cc.


1 Do loiscceadh meisi sa Mhuaidh:

a bhfad uaidh - anba an anbhuain -

lá m’uilcsi nírbh fhosgadh damh -

mo losgadh d’uiscce is iongnadh.


2 Ar ccur chaor ttuaithfeal tairrsi

d’uiscce fhuar don abhoinnsi,

mar budh uisge agus é ar goil

rom thuitsi agus mé ar marthoin.


3 In tráth do bhí ag báthadh cháigh

’n-a tuinn mhir budh mó ttormáin,

budh mó tteinn, budh treisi sriobh,

meisi san linn do loiscceadh.


4 Fada an Mhuaidh: do loiscc an lionn

ar thulchaibh tuaisccirt Éirionn

mná bréidgheala - buan an crádh - ,

’s a héigneadha fuar fallán.


5 Dul d’anfadh in mhara a méid,

sriobh mo losccaidh leithéid,

buain srothbhuinne sléibhe riom,

rothruime as déine dílionn.


6 In leis do loisceadh meisi

airde a fras a fuairise,

tonn do bhí dá geileas ghlan,

an ní as leigheas dár loscadh.


7 Do loisc lionn [mhór] an tuile

sinn ar n-oighidh énduine,

ar bhfosccadh ar ghoimh na nGall,

ar losgadh, ar ndoigh Domhnall.


8 Ar mbás síorruidhe is sinn beo,

ar ndíothladh uile d’éincheo,

teacht fan Domhnall Ghormsa ar ghuin,

ar bhfonnsa comdhonn cumhduigh.


9 Ar n-áitioghadh tíre ar ttreoir,

ar sciath eadrána ar aindeoin,

ar ndíoboirtne a-nos a nimh,

ar líogfhoircli ar ndos díttin.


10 Cloch [mhó]r gé théid ’n-a tarrsa,

fliuchaidh fraoch na habhannsa -

leith[ne li]nn Mhuaidhe [ná] in mhuir -

ar ngruaidhe is inn a n-Ulltaibh.


11 Dom s[haora]dh ar an Muaidh mir

ní díon dúinn ard tar íslibh;

[tug a] fearg iomluaighil oirn

ar thiormghuaillibh Lathoirn.


12 Do fhliuchadh an Mhuaidh misi

suil táinig a tuilisi;

ar ndul dí ar druim a coradh

sí dá tuinn dom thiormughadh.


13 Líonadh abhann d’fhearthain truim

dá ttáinic tuitim Domhnuill;

[do líon] ’n-a tiormach cumhadh

síon mhionshruth do mheadughadh.


14 Ní hionand ind ’s na haibhne

giodh ionand ar n-adhbhairne

ón dílind as lán gach linn

’s a-tám tírim dá tuitim.


15 Níor bheag d’Ulltachoibh re [a] n-ucht

sruth as é a cCúigeadh Chonnacht,

dá ccosnamh ar cloinn Domhnaill,

ag buing m’osnadh [n-]éagcomhlainn.


16 Croidhe iaroinn a n-am chatha

reacht liom go hécht ardfhlatha;

cloch ó ghormmuir thécht fan ttuind

congmhaidh ar n-éacht san abhoinn.


17 Meinic m’aigneadh dá fhéchain

mar Mhaol-umha a n-ainfhéachain;

beirt ghloine fan Muaidh misi:

mo chroidhe uaim inntisi.


18 Ionmhuin tiar taisi Domhnaill,

fuath liom a áit égcomhloinn;

ar ó nDuach a-tám don tuinn;

mo ghrádh is m’fhuath don abhoinn.


19 Meisi am dhalta ar Dhomhnall Gorm,

mo leag lóghmhar é, m’órchorn;

croidhe mo cholla a chroidhe;

croidhe í Cholla ar ccroidhine.


20 Ó nár bhuanaigh Dia Domhnall

mairg fhuair dá íoc anbhforlann

mar fhuair mé miodh a bhuabhall

nó fhuair é d’fhior énghualann.


21 Do ríoghroidh chródha Chláir Rois

a ndiaigh Dhomhnaill mheic Shémois

ní léir linn sósar nó sean;

sinn dá lósan do loisceadh. Do loiscceadh