firstLine"; ?>

775. Do mealladh cach no O Cearbhaill $
Length: long 39qq + prose
Certainty: 1
Period:
  1. 16th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 1386 (23/O/77) John O’Daly 1848
  2. RIA 24(23/M/34) E. O Caoimh 1684-
Prints:
  1. transl. Knott TD no 34
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. poet invoking blessing
  3. patron’s liberality to poets
  4. rise of amhran
  5. cattle-raid, creach
  6. War with English
  7. fertility in true king’s reign
  8. house
  9. craftsmen
  10. brughaidh, farmer, hospitaller
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (RIA 24)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Maolruanaidh mc Seaain & mc Eisibeil
Patron Surnames:
  1. O Cearbhaill d. 1532
Apologue Subclasses:
  1. Leap into Paradise
  2. Walter Map’s pig
  3. O’Grady’s servant & pepper and aniseed
Meter Vars:
  1. crosantacht
Poem:

Poem in printable PDF format

Do mealladh cách nó Ó Cearbhuill


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 34]


1 Do mealladh cách nó Ó Cearbhuill,

cuid dá sgéalaibh;

cia do mealladh ann ar-íribh?

am d­á fhéaghain.


2 Drong díobh ré coimhéad a gcnuasaigh,

nár char féile;

is drong bheanus geall do Ghuaire,

ceann gach cléire.


3 Ceist ar chliaruibh na gcúig gcóigeadh,

cóir a ceangladh :

an é fear na mbó do bhronnadh

’smó do mealladh?


4 Ionnmhus croibheal agus caisléan -

cách dá gcarthain;

a chuid féin do chaith ó Cobhthaigh,

maith ar marthain.


5 Léigthear le cách ollaimh Éireann

uatha ar amhrán;

nó gur chaisg fear Cliach a gcomhrádh,

sgiath gheal Ghabhrán.


6 Is truagh gan cách mar Ua gCearbhuill

fán gcrodh gcoimhréidh,

atá do cheól is do chongháir,

eól gan oilbhéim.


7 Maol Ruana rí fhréimhe Cearbhuill,

dár chóir Éire;

dá ngairthear ainm ’na ainm fhíre -

failm na féile -


Féil agus Casán, dá abhuinn atá i gCiarraighe Luachra iadsin, agus is iad na príomhaibhne portáillesin is inbhir éisg ag fearaibh Iarmhumhan, agus mar airgthear F­éil fana hiasg téid agus tuiligh i gCasán, agus do-bheir creach éisg lé ar n-iompódh. Ua Cearbhuill a chomhchosmhaileas sin, an uair airgid fileadha faobhracha focailghéara na Fódla a thír agus a thalamh fá shéadaibh agus fá mhaoinibh agus fá chonách, téid fá dhanaraibh gruama glórdhorcha, agus airgthear agus loisgthear leis iad go minic -


8 Minic airgthear lé Maol Ruana

mórmhagh Muaidhe;

fear nách cuireann cairde ar chliara

d’airde a uaille.


9 Do sgaradh cách ris Ó gCearbhuill

na gcolg sídhe;

a mbreath gach nduine dó féine,

dá ró an ríghe.


10 Mac Eisibéal ní hé mealltar,

léar mhian moladh;

ar ghabh leis do Chlár na gCuradh,

dámh a dholadh -


Agus an Doladh, baile beag atá i nUrmhumhoin eision, agus cailleacha dubha ghnáthuigheas bheith ann, agus sagart adeir aifrionn gach Domhnach dona cailleachaibh sin, a­gus is maith beatha(?) an bhaile bhi­g sin.


11 G­onadh de sin téid Ua Cearbhuill

ar chreich Midhe;

do thabhairt buair as gach baile

cruaidh a chridhe.

do-chuaidh a gcnáidh annsa gcoire

do dháil dighe.


12 Cú Chuloinn Mumhan Maol Ruana

ar mhéid meanma;

cá fearr dó an teagh ina dtarla

’ná teagh Teamhra?


13 Tionóluid uime gasradh Ghaoidheal

do ghníomh ghroigheach;

do sháraigh sé Éire ar eineach,

Éile is Oileach.


14 Eighre Seaáin mheic Mhaoil Ruana,

roth an ghaisgidh;

fear dá ndeachaidh cuma an chosgair,

urra an aisdir.


Agus aisdear iongantach do-rín an Biocaire Ó Conchubhair agus an Cruadhchosach Ó Léanaigh Mhóir, fuair ionnta féin ceangal agus cumann do dhéanamh re chéile agus dul gan anadh gan oirisiomh do chathughadh ré hUa nDálaigh -


15 Do sladadh an t-úcaire iar dteacht ­ó cheardchaidh

iar líomhadh a leadán;

minic do cuireadh ar dhá chéad trodán,

bréag ar bheagán.


l­6 Iomdha i Luimneach bean bhogúr

is fear feadán

dhuisigheas naosga gharg ghobfhuar

is ard eagán.


17 Ní hurusa a gcur re chéile -

crodh an Éiligh;

d...fidh drongán don tóir ní fulláin,

olc is éirleach.


18 Bó Átha Buidhe dá buaraigh,

tuile tréinfhir;

eallach an tSléibhe ruaidh Riabhaigh

uaibh i nÉilibh,

is iomdha sream ar a súilibh

treall ón bhféinnidh -


Agus an Luan iar Fhéil Míchíl do-níthear méara ann gach mórbhaile i nÉirinn, agus is amhlaidh do-níthear é .i. buirgéisigh bhéilbhearrtha bholgreamhra bhlosgshúileacha na mbailtesin do dhul i gcúirtibh clochgorma clárdhaingne, agus an tí dhíobh is mó muirear agus muintear tig amach ina mhéara, agus is iongnadh mhór d’Ua Chearbhuill mar sin gan dul go Teamhraigh agus Gaoidhil Éireann do chruinnioghadh uime -


19 Mar do-ríne an gaol ór ghabhluigh

nár mhaol meanmain;

minic coisgthear lé laoch Luimnigh

fraoch ó bhFearghail.


20 Iomdha corr ar taobh an Turlaigh

is laogh Leamhnaigh;

ní buidhion dall gacha Domhnaigh

clann Í Chearnaigh -


Agus Ó Cearnaigh, i gCaisiol do bhíodh sé agus is uime do-rín Ó Grádaigh an t-uisge beatha agus do chuir óglách dá mhuintir ar cheann spíosradh .i. piupar agus ainís, agus adubhairt ris sin do mheabhrughadh go maith mar gach n-aithcheacht eile : do ghabh an t-óglách aga mheabhrughadh go rómhaith amhail adubhradh ris; an tan do-chuaidh an t-óglaoch d’ionnsuighe an bhaile mhóir tarla easgar iongantach anághmhar dó, agus is eadh tarla ina bhéal ag éirghe dhó - “piupar agus ainís.”


21 Tug leis ualach don truis chéadna

go dún Í Ghrádaigh;

ar ndul dó go Port an Phúdair

olc do fhágaibh.


22 Is cosmhuil ré Beinn fhuair Éadair

gruaim Í Ghrádaigh

cuirid fir go glic fán ngrúdainn

bric i mbádaibh.


23 Ar buile bhím gach duine is tír im’ thiomchal

le grádh don déidghil is gradh nách éidir d’iomchar.


24 Gairthior díom Crosán Í Chearbhuill

i gcrích Mhumhan;

do-ghéan don tí ’gár fhearr mh’ionadh

ceann na gcuradh.

Ní bhí ag fiadh ré gáir ghadhar

báidh do bhunadh,

do mharbh ó Lorcán ’na leanabh

bochtán brughadh,

is iomdha corr agus cadhan

fa fhonn Uladh.


25 Samhuil Í Chearbhuill do-chuala

i gcath Cnuca;

do ghabh tús gach óil aco,

móir a mhuca -


Agus dá mhuic do bhí ag Bháitear Máb agá rósda do Rígh Sagsan .i. muc mhéith agus muc thruagh, agus do ghabh ag méithiughadh na muice méithe lé him agus lé hola agus do léig an mhuc thruagh do losgadh. Is mar sin do-níd Gaill na Fódla fíoráille, agus maithe na Mumhan lé hUa gCearbhuill, óir bíd siad ag tabhairt óir agus airgid agus iolmhaoine do Ua Chearbhuill agus ní thabhraid a bheag ’ná a mhór do Mhac an Charrúingigh, gidh neasa do Loch Ribh mhic Muireadha é ’ná an bhean tig ó Dhún Mhic Pádraiccín go hAbhuinn Ó gCearnaigh do chnuasach bhairneach.


26 Is iomdha thall i dTrian Chonghail

cliabh i gceallraidh;

giolla geal ’sa úidh ar inghin,

fear Chúil Chearnaigh,

Ó Cearbhuill ag triall i n-iorghuil,

triall go Teamhraigh.


27 Teamhair an múrsoin Mhaoil Ruanaidh

is cliarach d...,

is iomdha a ráth Maoil Ruanaidh

drong fá d...


28 Geall ó gach muigh do Mhuigh Dreimhne,

dáil a duanaibh

Is é mac ochta na n-airdtreabh

molta a mhuintear.


Agus Muintear Thadhgáin, san Mhidhe bhíd siad, agus bíd ag marbhadh agus ag imreasan ré chéile fa cheann anma an chinn fine nách áil le haoinneach d’fhearaibh Éireann do bheith air féin mar cheann fine, agus is é sin An Sionnach - giolla gan éadach gan eallach, bréagach brionnach -


29 Giolla caibliath cealgach corrach,

ceardach ciongach;

do-bhéaradh leis cearc fán gcurrach,

is beart brionnach;

ní thiubhradh ar ór ’ná ar eallach

rón ’ná rionnach.


30 Ua Cearbhuill an chroidhe fhairsing,

eól na n-aoigheadh,

ní ghéabhadh neach an gart ghabhus,

acht Art Aoinfhear.


31 Art Aoinfhear nó Oilioll Ólom

ór fhás eision;

nár dá bhfuil do chléir i gCaisiol

gan léim leision.


32 D’eagla an tréinfhir tugsad cniochtghaill

céim i gcaladh;

ní fada go bhfúigfe folamh

dúinte Danar.


33 Dá meastar oineach bhfear nÉireann

ar iúl roighrinn -

dob ionchuir do chlú Í Chearbhuill

dá chrú i gcoimhling -


Agus coimhling iongantach do-ní drong dona daoinibh annsa domhan mór thoir .i. dul ar sliabh róard os cionn Pharthais, agus féachaid fútha síos, agus do-níd gáire, agus tiaghaid go Parthas, agus ní theagaid as go bráth ar gcúlaibh : is mar sin umoro do-níd deóraidh, deaghdhaoine, aoighidh agus aos ealadhan na hÉireann ré dún Í Chearbhuill.


34 Mar do shín don chléir i gcoimhling -

dréim ré deaghroinn -

an féinnidh dána geal gormloing,

ar dteagh tearmoinn.


35 Críoch Éile na n-abhall gcorcra

is ceart ubhla -

falchaidh gach raon thall fá dtarla

barr craobh gcubhra.


36 Linnte balbha ar bheagán uisge

i n-ucht shamhraidh;

téid gach iasg ré goil an gheimhridh

troigh i dtalmhain.


37 I dtigh Í Chearbhuill Chláir Chobhthaigh

nár char craindeach,

is iomdha bean ógh san earrach,

is sgór cailleach -


Agus cailleach do bhí i dtigh Mheic Diarmada Mhuighe Luirg, agus ní . . . acht aoinbhliadhain amháin ann, agus d’fhágaibh an chailleach sin . . . an chailleach sin fa chlú oinigh agus eangnamha ón mbliadhainsin go bráth, agus is iongnadh sin agus -


38 Céad cailleach i dtigh Í Chearbhuill,

Dia dá dhídean;

Rí na n-uile leis an óigfhear,

Muire is Mídean.


39 Míle ó gach aoinfhear, ní tuar troda,

dá ghaire d’aga;

do-gheibh ’na dhún na céada curadh

cuaird úr fhada.


Do mealladh an fear nách beanfadh iasacht spóirt

a ceathraibh an bheatha ós aisling iad mar cheó;

dob fhearra go ceart a gcathamh ria dom dhóigh,

a carcair na gcleas ós feas ná­ch triallaid leó.