Poem in printable PDF format
Do mheall an
sochar síol gColla
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 28]
Tadhg Óg Ó
hUiginn cct.
1 Do mheall an
sochar síol gColla
clann Eachach
nach obann ghliaidh
- ní hiad a-mháin
do mheall sochar;
do b’fhearr dáibh
dochar ’n-a ndiaidh.
2 Fada leanaid
lorg a sinnsear,
sealbh Éireann ní
haca a-tá,
tugsad slán
choidhche don cheannas,
grádh na coibhche
mheallas mná.
3 Méad a sochair
is é a n-aimhleas,
ar Inis Fáil fada
ad-chlas;
gen go mothar
maicne Cholla
dochar cairte
orra as.
4 Gi bé rí ga
raibhe an Banbha
do bhréag iad ó
inmhe as mhó;
ní uil i rolla na
ríghe
fuil Cholla fa
dhíre dhó.
5 [Bídh] aca i
n-aghaidh an cheannais
cíos uatha ní uil
do neoch;
i n-íoc ceana
Innse hEalga
fleadha millse
dearga a ndeoch.
6 Do chrích
Banbha is beag re maoidheamh
- mó an bhroid
iná bheith i nglas -
mín Éireann agus
a hoirshliabh
éineang do rígh
Oirghiall as.
7 Tuigidh nach
caraid clann Fhiachach,
a fhuil Cholla
chosnas buaidh;
ná bíoth bhar
gcungnamh le chéile
i gcunnradh
fríoth Éire uaibh.
8 Ní bhéaradh
ceart do chloinn Fhiachach
Inis Fáil dá
bhféachtha nós;
orra nochan fhuil
re dílse,
le fuil Cholla an
tírse ar tós.
9 Clann Fhiachach
dá n-agradh chunnradh
um chrích Fódla
na bhfeadh gclaon
sgéal ’n-a
aghaidh ag cloinn Cholla
Danair ga bhoing
orra ar-aon.
10 Dó as chóra
cosnamh na ríghe
rí Oirghiall madh
hé bhus sia;
dá maitheadh
ceart an dá chineadh
caitheadh neart
na righeadh ria.
11 Ag so breath
as bhreithte ar Éirinn
d’éis gach chuir
dar cuireadh dhí
a beith ag an tí
bhus treise
gé bheith rí budh
deise dhí.
12 Is feirrde a
ceart ar chrích n-Éireann
aicme Cholla
clann an trír,
nír shuidh Gall i
dtulaigh Teamhra
Ulaidh thall go
ndearna dhíbh.
13 Cé bheath
cunnradh ag cloinn Fhiachach
“ar iath Fódla ar
nach fuil rí
rí don chloinnsin
ní bhia ar Banbha,”
toimsigh cia ar a
dtarla thí.
14 Cia an
breitheamh do bhiadh ’n-a aighidh
- ar a n-abraim
is [é críoch] -
gi bé dhíobh budh
orra d’Éirinn
síol gColla
chéibhfhinn Dá Chríoch.
15 Ní tréigthe
sochar síl gColla
ar ceannas Fhódla
an fheoir naoi
go dtogham re
triath Ó n-Uidhir
fulang gan iath
Fuinidh faoi.
16 A-tá aige i
n-íoc a ríoghtha
i Ráith Breagh go
mbé ’n-a rígh
fearann saor i
n-udhnocht Eamhna
craobh do
lubhghort Teamhra an Trír.
17 Gé bheath i
meanma meic Tomáis
teacht dá
ríoghadh go ráith Cuinn
ní leanfa a
mhaicne Mág Uidhir;
re a fád cairte
is duiligh druim.
18 Ní dolta dhúnn
go Dún Eamhna
d’adhnadh
chogaidh ar cloinn Néill,
ní mó as dolta go
Dún nGeanainn,
socra dúnn ar
bhfearainn féin.
19 Toil as a
dtiocfa ’n-a n-éagmhais
d’iath Oiligh ní
fhuigheadh sé
gidh hí Cruacha
Aoi ní fhoigheadh
na naoi dtuatha
ar hoileadh é.
20 Láimh re
hÉirne an oirir bheannaigh
bheith ’n-a
chaomhthuch cia nar dhligh?
aithnidh dhamh
tír ar nar thréigthe
ar magh mín a
sléibhte sin.
21 Muighe leathna
ar lár an tíre,
talamh as taosga
i dtigh luibh,
snáithe feadh
bhfionnchorr ga bhfalach
tiomchall Fhear
Manach a-muigh.
22 Tulcha áille a
fhearainn dúthaigh
díbh as fhoide
adhras dearc,
sdíom locha ar
colbha na críche,
srotha gorma
tríthe ag teacht.
23 Doire long ar
lár na hÉirne
ga fhaigsin ní
hiongnadh lúdh;
tolcha uaine ar a
dhá himeal,
ortha as bhuaine
silleadh súl.
24 Tig an t-éigne
ó inbhior Luimnigh
go Loch Éirne na
n-iath nglas;
síos go froighidh
Thuinne Tuaighe
moidhidh buinne
uaine as.
24 (a) Canaid
éanlaith an fhuinn ghrianaigh
gotha millse . .
. . . . . . . . . .
iomdha fa Loch
n-ealuch nÉirne
tealuch fan moch
éirghe eoin
25 Éisdeacht re
héanlaith an chalaidh
coisgidh neach do
nighe a bhas;
gáir bhinn ga
ealaibh ag éirghe
Leamhain inn is
Éirne as.
26 Fa meinic leo
i laithibh sealga
re slios Éirne na
n-éan mbinn
siobhal ón
choille go chéile
ionadh coinne
Féine Finn.
27 Caladh leathan
Locha Éirne
imle an tíre a-tá
re shlios
iomhdha síodh ós
chionn an chalaidh
i mbíodh Fionn
adhaigh gan fhios.
28 Lán d’éignibh
a haibhne fionna;
fonn as tighe
toradh géag
do thogh an fhian
tar gach n-oirshliabh
Sliabh Dá Chon i
ngoirmfhiadh Gréag
29 Is docair do
mhac meic Ilib
fhuilngeas
guasocht ó ghaoibh cró
sliocht Duinn do
dheaghail re ndúthaigh,
Teamhair Chuinn
gidh dúthaigh dhó.
30 Budh tearc
caraid ag cath Éirne
ar éis Thomáis na
dtaobh seang;
gidh hiad fuil
Céin nocha comthaigh,
do chuir fhréimh
Cobhthaigh ’n-a gceann.
31 Ní díleas leo
tre laoch Éirne
aicme Chathaoir
ná clann Táil;
ní hiomdha seise
ag síol Uidhir,
treise a ríogh is
duiligh dháibh.
32 Cuimhneach é
le Fearaibh Manach
tre mharcach
Cruachna as cas barr,
a bhfalta ris an
bhfóir Midhigh,
anta dhóibh dá
dtighibh thall.
33 Dlighidh
meanma ó mhéin na n-airdríogh
oidhre Duinn le
ndáiltear broit;
a ndearna ciodh
um nach diongnadh
ní hiongnadh
d’fhior Leamhna ar loit.
34 Mala chaol re
cealgadh maighdean
ag Mág Uidhir nar
aomh síoth;
a-tá dá chéibh
’n-a gcludh ronna
do dhubh méin
Cholla Dhá Chríoch.
35 A-tá gné a
aighthe ga admháil
Eochaidh
Doimhléan fa dheirc ghlais;
do ghabh gach
craobh fhionn ’n-a earla
gaol na bhFionn
Eamhna re a ais.
36 A-tá ag
seabhac Síotha hAodha
abhra dorcha ar
dath an luin;
mall a clúimh i
gcoinne a chéile;
moille an tsúil
féine i n-a bhfuil.
37 Grian ag
éirghe re hucht teasbhaigh
a taitneamh a-tá
ar a ghnúis;
ó dhigh fhíona
uair a goradh
gruaidh mhíolla
re tomhadh túis
38 Mór
dtiodhlacudh tug ’n-a chomaoin
mo chumann do
cheannaigh sé;
sionn le hÓ
nUidhir gidh aobhdha,
duiligh don
fhionn mhaordha mé. Do mheall.