Poem in printable PDF format
Do mothoigheadh
meadhair Gaoidheal
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 6]
Amhlaoibh Ó
hEachaidhéin .cc.
1 Do mothoigheadh
meadhair Gaoidheal;
gerr atáthar ag
techt ruinn;
meiste dháibh a
nert analluin,
terc ’s a bháidh
re clannaibh Cuinn.
2 Dh’éis an ríogh
’ga raibhe meisi
re maicne Cuinn
ní cóir súil;
an tan do budh
mór ar meadhair
fa gar brón ’na
dheaghaidh dhúin.
3 Iomdha cúis fán
cóir doilghe
i ndiaidh onchon
Átha Truim
bhaoi trén i
ngoire do ghalloibh,
lén oile do
chlannoibh Cuinn.
4 Atá ar uaislibh
chinidh Cobhthoigh
cumha an ríogh lé
raibhe a ngaol
a súil féin ní
fhuil re heighre,
fuil Néill, muna
n-eirghe Aodh.
5 Méud a
thoirbhiort atá ar marthoin
do mhac Áine fa
hard nós,
dá measda gach
maith dá nderna
níor theasda
flaith Bearbha bhós.
6 Dá maireadh rí
rátha Temhrach
re tuathoibh
Breagh do bhí ar súil
fada triall a
bhfoil ’ga fóbra
do bhiadh ó shoin
Fódla fúinn.
7 Ar bhean
d’uaislibh innsi Banbha
do bhí i ndán a
dhol tar ais,
a raibhe d’oighre
Bhriain Bhallaigh
’na dhiaidh oirne
ag clannaibh Cais.
8 Do shaoil cách
go gclos a oidhidh
Aodh Buidhe do
bheith ’na rígh;
saoilid féin nach
bhfuil ’na mbeathaidh
d’fhuil Néill
acht a ndeachaidh dhíbh.
9 A dtárraidh mé
d’onóir Aodha
ar n-ég dó ní
dheachaidh liom;
spéis anocht ní
fhuil im onóir
olc do chuir an
rodhóigh riom.
10 A fhaighthe
longphoirt laoich Uisnigh,
dob annamh thú i
dteirce sluaigh;
ní racha mé ort,
a fhaighthe,
’s gurab é m’olc
h’aithne uaim.
11 Ní fheadar tar
éis mo chuarta
cia do leanfainn
don leith thall;
ní don bhaile do
bhí m’álgus;
caidhe an rí do
fhágbhus ann?
12 Don chineadh
dar chóir an ríghe
i rígh eile ní
fhuil spéis
ní fhuil acht a
ngéill do ghabháil
ar fhuil Néill
d’anáir dá éis.
13 Adeura mé re
mac Áine
aithreach liom
leanmhuin dod ghaol;
do chuaidh sé
uainn acht a fhagháil
a bhfuair mé
d’anáir ó Aodh.
14 Ar lucht
cumainn caithfe sinne
a seachna ar
t’éis, a fholt fann;
mise ané i
bhfochair na bhfearsoin
do mhothaigh mé
h’easbhoigh ann.
15 Bheith at
éugmuis ní fhéd mise;
measa bhím ó
bheith red thaobh;
a deor fhuighill
do fher m’abhra
mur chluinim fer
h’anma, a Aodh.
16 Bheith i
gcomhnuidhe os cionn t’fherta
ós éigin damh,
dia do sgís,
fán bhfert i
gcobhair mo chridhe
recht nach
bhfoghair slighe sís.
17 I n-íoc mo
threise atá agum
uirrim bróin ó a
mbí rem thaobh;
ní mhair dom
anáir acht an uainsi
d’fhagháil damh
ar th’uaighsi, a Aodh.
18 Lór a threise
atáid a mbliadhna,
gér bheg anuraidh
nert gall;
olc don tí dar
usa h’oidhidh
gan tusa a rí
Oiligh ann.
19 Tuigim nach
dtiucfa do leithéid
do Leith Cuinn, a
chruth mur ghéis;
caithfid
t’fhilidh troigh re taca,
ní fhoil slighidh
aca ar th’éis.
20 Ní geubhthur
mur do ghabh tusa
an treisi chéudna
i gcrích gall;
gidh cia danab
aithnidh Ulltoigh,
ní bhia
h’aithghin d’Ulltoibh ann.
21 Teacht leis an
gcroidhe úair oile
is éigin damh ar
ndul uaibh;
deor bhenta do
bhí fán abhra
ar dtechta a rí
annla ar th’uaigh.
22 Do bhí fán
uaigh, dh’éis mo dhiúlta
deifir agum nír
bhé a thráth;
aithreach liom
gan techt ar tosaigh;
an fhert riom do
chosuin cách.
23 Atá agum
adhbhur tuirrsi,
táinic dhíom gan
dul budh thúaidh;
do bhí fám thuinn
taisgidh umhal
do fhaigsin
fhuinn Uladh úaim.
24 Do chuir Aodh,
dob adhbhur glóire,
gairm ar éigsibh
innsi Grég;
ní hí [ná] an mhí
aoibhill oinigh
chaoinim acht rí
Oiligh d’ég.
25 I ndiaidh na
dtoirbhert tug dúinne
i nduasoibh cáigh
ní cóír spéis
ní thuill sin i
soidheach eile
oineach fhir Eine
dha éis.
26 Goill i
dtimchioll Temhra Midhe,
mairg tárraidh
mur táid ’na dhiaidh,
ní hiongnadh don
Lia gan labhra
cia da dtiobhradh
Banbha Bhriain?
27 Re Muna bheith
a aire
Aodh Buidhe ní
bhiadh d’ar ndíoth
28 Atá cennus
críche Gaoidheal
ag gallaibh
Banbha, is breath chlaon;
truagh sgan ar
gcuid ina chéile
nár dhual duid
Éire a Aodh.
29 Mac Briain
Bhallaigh, beg an t-iongnadh,
an úair testa
tángus ruinn;
ní fhoil muirnn,
acht muirnn do sineadh;
ó shoin oirnn ag
cineadh Cuinn.
30 Atáthar ar tí
mo dhiúlta
a dhol d’ég ón
uair do clas;
isiad sin do-chím
san chogar
na fir do-nínn
d’obadh as.
31 Ar beanadh
dhínn is de tárruigh
Temhair Bhregh do
bheith fá chiaigh;
do bhen an
t-aongha dhí an damhna
do bhí ag caomhna
Banbha Briain.
32 Ní fhuil agam
adhbhur meisnigh;
is mé an abhall
dh’éis a bairr;
muna bhfeughthar
don té teasda
do gheubhthar mé
festa ar faill.
33 Tar éis Aodha
meic Briain Bhallaigh
ní bhíu im
bheathaidh gibé rabh;
ní thuigid féin,
dia do dhímheas,
cia d’íbh Néill
nach díleas damh.
34 Go Feidhlimidh
feirrde m’aithne
ní fhuair misi,
móide a bhladh,
damhna ’gar anus
d’fhéin Banbha
do thaghus féin
damhna damh.