firstLine"; ?>

781. Do ni clu ait oighreachta $
Length: long 31qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 992 Nugent MS c. 1577
  2. RIA 1 (23/D/14) 17th c. ?Offaly
Motifs:
  1. attractions for women
  2. comparison with all others
  3. patron’s liberality to poets
  4. patron’s prowess in war
  5. harrying
  6. plundering
  7. inauguration?
  8. fertility under true prince
  9. tribute, cios, cain
Poet Christian Names:
  1. Muircheartach (RIA 1)
Poet Surnames:
  1. O Cobhthaigh
Patron Christian Names:
  1. Uilliam
Patron Surnames:
  1. Nugent ?
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Do-ní clú áit oighreachda

[NLI G 992, ’Nugent’, 34v]

{Muircheartach Ó Cobhthaigh}

[Casbhairdne, Dán Díreach]


1 Do-ní clu ait oighreachda

do dháil dá thur thoirbhearta

ar bhloidh gidh bé as ionmholta

ag sgoil as é as oirdhearca.

2 A crodh le cléir comhchaithidh

béim dá thoil ni tuillfithear

clu Gall a-nu ar neamhchaitheamh

barr ar a gclu cuirfíthear.

3 Dath doinnníamhdha ar aoltoraibh

d’fhodhail Oilliam fuicfidhear

la troda ar áth iocfuidhear

cách da oba a n-oiltighibh.

4 Róid ní fhédaid d’urmaisin

smól dá n-éis um fhindleasaibh

orgháin don fhoir Dhealbna-soin

tóir d’fhóghbháil a n-imreasain.

5 A dteas Chlíachda commaoidhidh

nach fear iarrtha iondfhuaraid[h]

’na gcoinde as-dtegh tairreongaidh

tré mhoille fhear n-iombhúaluidh.

6 Goill os cach mar cheindbhile

do dhruim tháiscc a dtrombloidhe

fiu a crodh ó fhíadh fhindMhidhe

gur an cliar ’na comhnaidhe.

7 Dornchar as dá athrachadh

bolg ar bhais mar aithnithear

do-geib se a n-agh d’anchaithemh

an lámh chlé go gcaithfithear.

8 Frioth chomha an fhuind Eirendaigh

do dhruim osaidh fhiorandaimh

beag an beim d’fhíadh Fheilimidh

a ngeill riamh ag rioGhallaibh.

9 Néll díadh fá dtucc troimémhghe [35r]

go much ós íath fhindEirne

rádh gach aoin rer nUilliaim-ne

da thaoibh d’ath narb inndeinmhe.

10 Fuair sí réir fá roidheithfir

’na crich féin nach fodhaibhthear

réir as a bfhuil ionaithfir

do chuir le cléir gcomhaighthig[h].

11 A ngleó an úair fa n-iondsoighther

tóir o a gcuairt ni cuimsighthear

a-muigh ar áth d’uindseandchaibh

cach as-toigh go dtuirrsighter.

12 Fleadh d’ibhe nír aomhabhair

d’egla a bheith ’na bhuanfholaidh

tós dighe uaibh d’fhinnidhibh

file an uair nach fhuarabhair.

13 Ceadh dob áil dá ionghaire

ní ghabh cách ’na chomhghoire

im nóin ar áth imdhighe

an tráth búdh cóir comhnuidhe.

14 Comha a-nois da nuaidhiarraidh

d’omhan ort ré rídheoraidh

do thuig ara t’fhuairfhéchain

na fogha duid díreóbhaigh.

15 Ag léim chalaidh chomhaighthigh

a herradh féin folaighthear

gealladh gliadh go bfhaghaibhthear

t’fhian a n-earradh anaithnidh.

16 Beirt smoil ghoirthe os Gháoidhealaibh

conair ród do ráonfhoiligh

dar le righ fhúair fhóiridhin

a thír uaibh fa éandoighir.

17 Go dáil ndúas nár dhligheabhair

lámh úait as a haradhain

barr di ar chrodh do chuireabhair

sccol agas í ag anamhain.

18 Tainic tríot ó thrénShacsaibh

síoth ní háil don fhionfhuil-sin

sgaoile ar sgath airm orarsaidh

a snaidhm do raith rioghUisnigh.

19 Sgol ad dháil um dhubhnónaidh

do chur áir ar h’iolmhaoinibh

fiú ar nochd áoidhe d’áinriaghail

máoine ort nach ionmhaoidhimh.

20 Run maoithe ag mnáibh riLeasa

lá do thaoibh an trialla-sa

sguiridh bean d’úaim órasa

do ghreadh an uair iarrai-ssi.

21 Re a dteachd fein níor fúirigheadh

teachta ar chléir do chuireabhair

fios uaibh ar fhear n-ealadhan

a n-uair chen do chruindiughadh.

22 Sealg do dhíorma dhíanshlúaghaigh

sgriobhtha ó cheard a gcraoibhlinib

frioth benta [a] t’fheilm oirlinigh

gan teachta ot fheidhm d’einmhilidh.

23 Cur chána ar chrích n-anaithnidh

bioth ag cách dod chomharthaibh

feadh Cliachda eidir chomhuighthibh

fear t’iarrtha ni fhaghaibhther.

24 Réir fhileadh ’s nách urasa

beim einigh ni fhuidhe-sea

tucc beim don íath ele-sea

an riar le cléir chuire-sea.

25 Suil téidhe ar ath n-imreasain

t’fhéachain ar chách coimbrisidh

gur ghuais daoibh eól dh’urmaisin

a ngleodh dhaoibh an dóimhnei-sin.

26 Sreabh ghorm a ngúais chomairche

fa cholbha an chuain lindighthe

bean toile d’fhíadh fhindEithne

grian gan aire ar imirche.

27 Cách ’na choinde ag mailléirghe [35v]

roimhe ar áth nar indéinmhe

néall díagh d’aithle ar nUilliaim-ne

dá aithne ós fhiadh fhindÉirne.

28 Nír cheil a dtigh thabhairne

brudh do bheith a bfhíorfhailmhe

súil ar aoinfhear óirfheilme

ag sgaoileadh rúin rioghaindre.

29 Dámh do-ríne roidheithfir

cáin ar thír suil tabhuighthear

sccol fein and dob ionaithfir

réir an t-am nach faghuibhthear

30 Benaid a tír troiméimhghe

a líon eachtra ag indeirghe

ar ndiol fhíach ar nUilliaim-ne

siodh re hiath dob indéinmhe.

31 Do reir fhir na hanúmhla

mar théid do thigh thogharma

ní gnáth an síoth soshnádhma

bíoth ag cách dá chomhardha. D...