firstLine"; ?>

782. Do ni duine Dia dha mhaoin $
Length: middling 21 qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 5 (23/D/4) 17th c. Munster
  2. Sir Con O’Neill’s MS (Eigse xiii) 1681
  3. RIA340(23/M/23)AOMaolmhuaidh 1718-
  4. NLI G 82 Sean Mac an tSaoir 1744-5
  5. RIA308 (23/M/16) A. McMathgh’na1767-
Prints:
  1. text DiD no 22
Motifs:
  1. Christ as kinsman, BVM as kinswoman
  2. pains of Hell
  3. Human life a loan from God
  4. Equality of all men in God’s sight
  5. Disciplining the body, Body enemy of soul
  6. Seven Deadly Sins (?)
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Mor RIA 340 NLI G82
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do-ní duine dia dá mhaoin


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 22]


Donnchadh Mór Ó Dalaigh


1 Do-ní duine dia dá mhaoin;

ní fhuil ann acht dia díomhaoin

tar Mhac Dé na n-uile fhear;

ní duine an té nach tuigfeadh.


2 Dia dá mhaoin is mairg do-ní;

cealg im Dhia nír bh’fhiu aoinní;

Mac Dé bhí le hóigh gan fhior

do b’é an rí dar cóir creideamh.


3 Creideadh gach duine dá dhia féin;

creidim-se d’oidhre an Fíréin,

Mac Dé dar mháthair Muire

bráthair na sé sochuidhe.


4 Eagail dóibh dá ndeachaidh so

i n-éadóchas ar Íosa

gach neach daidhbhir dá mbí ar bioth

nó gach rí saidhbhir sáitheach.


5 Guais don dís a-deirim féin

go mbeid is Íosa aimhréidh,

díol toile don té ghá mbí

’s gidh bé nach oighe aoinní.


6 Ní háil le neach saidhbhir slán

Mac Dé d’fhaicsin uá d’iomrádh;

Rí na n-uile is na n-ógh ris

is lón do dhuine an daidhbhris.


7 Muire ’s a Mac maille ris

bíd aige i n-íoc a dhaidhbhris;

fearr sin ná saidhbhreas eile

daidhbhreas fhir na haithrighe.


8 Duine do-gheibh lán a lámh

eagail dó dul ar seachrán;

is í an lámh fhalamh as fhearr

ler bh’ál anadh ó Ifearnn.


9 Cuid na gcomhursan - cúis trom -

biaidh dá hagra ar an anam;

biaidh an chalann ’n-a crumhaidh

’s an t-anam ag osnadhaigh


10 A-tá an corp dá chur i gcéill

go bhfuil ’s an t-anam aimhréidh;

tarla fíoch éigin orra

síoth nach éidir eatorra.


11 Ná tréig neamh ar ní nach lat;

ní leat féin a bhfuil agat;

bíodh th’aire ar a n-abair sinn;

caidhe agaibh acht aislinn?


12 Gearr mhaireas [mláth] na hóige,

ná tréig teach na Tríonóide;

grás Muire ní théid i dtráigh,

ná tréig ar dhuille an domhnáin.


13 A dhuine chreideas dá chrodh

nó do dhia eile d’adhradh,

ní leat an teagh thall go bráth,

’s ní headh an chlann ná an conách.


14 Ní leat an t-airgead ’s an t-ór,

ní leat an ríghtheach romhór,

ní leat do chéile chubhuidh,

’s ní leat féine a bhfuarobhair.


15 Tuigthear libh nach libh na ba,

ní libh an t-ionnmhus iomdha,

ní leat ’s ní lat an ghraigh,

ní leat an mac ná a mháthair.


16 Ní leat an baile ’n-a mbí,

ní leat an fonn i bhfuiltí,

ní leat an brat i mbí an corp,

do-chí nach lat an lubhghort.


17 A fhir shanntaigh ar a shon,

ar thiomsuigh tú san tsaoghal,

ní mó ná an brá lín as libh

no má tá brígh sa bhrait-sin.


18 Dá mbeinn ag seanmóir mar sin

daoibh go deireadh an domhain

ní fiu an corp a léigir leis,

ní héidir a olc d’aithris.


19 Seachain mé ar gach olc eile

rem ré, a Mheic na maighdeine;

seachain mo ghnúis ar bhaos ban,

ar chraos, ar dhrúis do dhéanamh.


20 A Mheic Mhuire, seachain sinn

ar theas is ar fhuacht Ifrinn;

seachain mé ar cheilg óm chridhe,

’s rem ré ar fheirg gan aithrighe.


21 Nír thuill tu-sa - ní tú a-mháin -

grás Dé let óige d’fhagháil;

grás na maighdine sir so

a fhir aingidhe aosdo. Do-ní.