firstLine"; ?>

783. Do ni eanMhac ionad cloinne $
Length: long 41qq
Certainty: 0
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 1 (23/D/14) 17th cent. ?Offaly
  2. RIA 6 (23/I/40) c. 1700
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 77
Motifs:
  1. Imagery for cross
  2. imagery for God’s grace
  3. role of BVM
  4. Christ as kinsman
  5. crucifixion
  6. Resurrection
  7. Harrowing of Hell
  8. Heavenly banquet, joys of Heaven
  9. Sin and penitence
  10. legal terminology
Poet Christian Names:
  1. Maolmhuire mac Cairbre (RIA 1)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Do-ní éanMhac ionad cloinne


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 77]


Maolmhuire mac Cairbre Ó hUiginn cct.


1 Do-ní éanmhac ionad cloinne;

i gceannas cháigh do-chuaidh súd

tús oirbheart ann mar do éirigh

an chlann oirrdhearc éinfhir úd.


2 Do-chuaidh ós chionn chloinne hÁdhaimh

an t-aonmhac úd maoidhfidh mé,

do-ní clann d’fhior ’n-a éanar,

crann ós fhiodh ar ndéanamh dhé.


3 An mac oirrdhearc an uair rugadh

an ruaig dhínn is ann do fhill,

do shir raona na gcóig gcridheadh;

ní róid chaola ar sireadh sinn.


4 Na braoin do fhear d’fhuil an chroidhe

ar chloinn Ádhaimh trom an tuar;

a-tá fás eatha fan fhearthain

na ceatha grás fearthair uadh.


5 Beagán briathar nach tearc tarbha

tagra a mhuime re mac nDé;

cóir nar lean tairrnge na dtroigheadh

aighne an bhean gar hoileadh é.


6 Guais nach géabhthar lé mo leithsgéal

i ló tionóil na dtrí rann

cion na clí dá chura im aghaidh;

[do bhí] an tugha i n-aghaidh ann.


7 Mé dom thabhairt go teagh cuiridh

cóir nach fuighbheadh fear mo ghníomh;

ó táid cách fa éinfhleidh uile

ní tráth féimdhidh duine dhíobh.


8 Cur an laoisin ar lá eile

ní fhéadfa mé - cá mó glas?

ní maith sgaradh Luain dá lamhthaoi

ní lamhar buain athlaoi as.


9 Fuaras dá thaobh tuilleadh cabhra

crann ’n-a chíogh do chuir an Dall;

ní hé nach fear gaoil do ghabháil

cneadh an taoibh nír fhaláir ann.


10 Biaidh an bonn is biaidh an croidhe

dom chur ’n-a seilb leath ar leath;

cuirthear sinn i sealbha ar leabtha

dearna linn ag teachta as-teach.


11 Dul i [ndaoinighe] is de tháinig

trom an toradh thug an crann

mór an cnuassoin croinn an álaidh

do chnuasaigh chloinn nÁdhaimh ann.


12 Gan bheith ar neamh uaidh ná i n-Ifreann

ní fhéadfa mé - cá mó breis?

gan bheith as-toigh ní hé as eagal

mé a-moigh acht nach leagar leis.


13 Do bhí i gcogadh ar chloinn Ádhaimh

oidhre Dé gur fhear a fhuil;

feirrde déanamh deargtha lámha

téaghadh ceardcha an ghrádha a ghuin.


14 Do ghrádh gaoil is do ghrádh einigh

oidhre Dé do-chuaidh i gcrann;

mar tá an taobh ’s mar tá an troigheach

a-tá gaol is oineach ann.


15 Do chum neamh - naomhtha an teaghdhais;

teach mar é ní fhaca súil;

ar ndíol tighe le trí tairrngibh

rí nimhe do dhaingnigh dhúinn.


16 Buime is máthair mheic an Dúilimh

dúinn ar-aon is ionann fuil;

biaidh ag ar siair treise an toighe

nó biaidh meise is Moire a-muigh.


17 Ar ndíon duit do dheoin nó d’aindeoin

do b’fhiu a ndearnais do dhíon air;

ar n-éara ’n-a leith ná léigidh,

déana breith ar éigin air.


18 Tarla sibh it aonmhac airdríogh,

ní héidir dhúinn déanamh thort;

mór an gníomh gan fhachain t-oighidh

’s ná bíodh t’athair d’oidhir ort.


19 Sibh ’n-a broinn ó bhriathraibh Ghaibhriail

do ghabh Muire - maith an t-am;

do-rinneadh iomdhaidh fhir fheithmhe

libh i bhfiodhbhaidh cheithre gcrann.


20 An bhean ler briseadh an aithne

fuair id cheann an chonair réidh

tar a héara [ó] ghoin na glaice

Éabha as-toigh an bhfaice féin.


21 Ná gab agam fa fhuil t’ochta

éinbhean riamh má rug a buaidh,

acht díol toighe ríogh do ríoghain

díol ní fhoighe it fhíonfhuil uaim.


22 Ar cheann teaghlaigh tighe nimhe

a-nuas an tráth tháinig sibh

do chuir a luas breith an bháire

do-chuas i leith láimhe libh.


23 Dia Domhnaigh i ndiaidh do chéasda

do chuir sibh ar n-éirghe ón uaigh

Cáisg ler cuireadh tásg do thighe,

cuireadh Cásg ar t’fhine uaibh.


24 Mar do-chuaidh súd saobh an iomlaoid

uaibh dar gceann - ní connradh gnáth;

t’aire ruibh - nach rugais díogha?

tugais fuil do chíogha ar chách.


25 Do sgoilteadh i gcrann na croiche

do chúig chroidhe - céim nar dhú;

cá meisde glas dá mbí ar bhrághuid

dá dtí as mar thánuig tú.


26 A-déarthar libh lá na breithe

beagán briathar bhrisfeas ruaig;

gabhthar sgáth re bhfocal bhfaobhrach,

cách ag locadh d’aonghuth uaid.


27 Brugh Ifrinn do fhágbhais folamh

fearg oraibh tar éis do luit

cor eich ní chaigle go comhlaidh

ar chreich mhaidne an Domhnaigh dhuit.


28 An treas tráth - fa turas áirmheach -

do éirigh tú do thriall mhall;

ar gcaitheamh trí dtráth i dtalmhain

do-ní cách let anmain ann.


29 Do chéasad cá fáth fa bhfuarais

flaitheas Dé dá ndeachadh uainn?

nír fhéad sibh gan chrann id chroidhe

do chlann i dtigh oile uaibh.


30 Go teacht duit ó bhás go beathaidh

a mbreath ort do bh’adhbhar sgís;

ní fhaca aoinfhear crú cíghe

ler saoileadh thú i ríghe a-rís.


31 Ó ghaol Muire ní fhuil ionnainn

ar-aon acht cré cheathra ndúl;

ní lia dot fhuil féin do fearadh,

ní fhuil chéill id dhearadh dhún.


32 Nós gach easurradh riamh roimhe

rug a bhuidhe madh beag fuair;

coir do mhaith an chíogh ’s an charáin;

maith gach díol ’sa fhagháil uaim.


33 Tolladh a thaoibh ’s a thocht uadha

adhbhar orchra adhbhar lúith;

do ba doilghe gan é d’oighidh

oidhre Dé gidh doiligh dhúinn.


34 Sé dom agra i gcoill a chána

crann na haithne nírbh é a am,

cár bhríogh breath im chionn fan gcrainnsin

dá mbeath sionn ’n-a aimsir ann?


35 Is í an chrochsoin a each iomchair

’n-a fhior luit an lá do bhí;

nír iongnadh each fa fhear ngonta

dá mbeath nar chneadh ochta í.


36 Budh hé ar n-eolas d’ól na fleidhe

fleadh an tighe a-tá ar ar gcionn;

géabhadh feadh na gcridheadh gcorcra

budh fear sligheadh socra sionn.


37 Ní thiocfadh mar tháinig uadha

áladh cígh gibé ar a mbiadh;

annamh theagar ó chneidh chroidhe;

do b’eagal sin roimhe riamh.


38 Tig ar ar gceann - fa céim oirrdheirc -

oidhre Dé do nimh a-nall;

creach na Cásg gibé dar beanadh

is é an grásd dob fheadhan ann.


39 Admhaidh agus iarraidh grása;

gníomh na mná do mhaithfeadh sé

nír gheabh ag Éabha fan ubhall

nír fhear séana d’fhulang é.


40 An fhleadh ríogh do-rinne an Coimdhe

cosmhail nach uigbhe a hól thuas;

mar sin an n-uigheadh a hibhe

dá gcuireadh fleidh nimhe a-nuas.


41 Mar do shaoil an taobh do tolladh

’s an troigh thana i dtarla an cló

do shaoil an dearna Dia hAoine

go ndearna Dia daoine dhó. Do.