firstLine"; ?>

787. Do roinneadh righe Connacht $
Length: long 37qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
  2. 15th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1318 (H.2.16) pseudo-YBL 15th c.
Prints:
  1. transl. Aithd. Dana no. 30
Motifs:
  1. Foreign conquest of Ireland
  2. imagery for kingship (buachallacht)
  3. Highkingship of Ireland
  4. maxim from laws qq. 8, 12 CIH 213:5
  5. legal terminology
  6. Classical allusion
Poet Christian Names:
  1. Tuathal (TCD 1318)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Eoghan mc Seaain & mc ing.Ui Fheargail
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1449
Apologue Subclasses:
  1. Invasion of Milesius
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do roinneadh ríghe Connacht


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 30]


Tuathal Ó hUiginn cct.


1 Do roinneadh ríghe Connacht,

triur a-tá ga buachollacht;

an chríoch bhíos ’n-a trí treanaibh

ní bhí fa chíos cúigeadhaigh.


2 Trí triana do dhéanamh dhi

amhlaidh roinntear an ríghe

ó nach fríoth í ga hurraidh

an chríoch ’n-a trí tórunnaibh.


3 Dá dtrian dá trí bloghaibh

síol Fearghna is clann Chonchobhair;

i láimh Ghall do mheas meise

an treas rann don rígheise.


4 Fuilngeadh trian a ndúithche dháibh

fian cniocht dá gcongbhad síothcháin,

nach fuil fuath acht fuath folaigh

ag fuil Duach do Dhanoraibh.


5 Ar Ghaoidhealaibh is guth linn

an chríoch do chosain Oilill

mar léagar le cloinn Chréidhe

Goill d’fhéagadh a heichréidhe.


6 An roinn trianach a-tá air

cúigeadh Sainbh go séan cogaidh

an bhfuil uainn neach le budh náir?

dá mbeath dob uair dá admháil.


7 A-tá an fear re bhfuil ar súil

d’uaim na gcríoch - is cúis iomthnúidh -

’san urrainn as daingne dhi;

go dtaibhghe urraim eiste.


8 Reacht ar a chroidhe do chuir

an cúigeadh ’n-a thrí treanaibh;

ní bheir rí Bréifne a bhuidhe

go dtéighfe trí tealluighe.


9 ’N-a heangaibh mar a-tá an tír

olc a fhulang gun airdrígh;

do bhí an roinnse ar magh Meadhbha

gur ghabh toirrse a thighearna.


10 Ó gabhair ar tús treise

ar choilltibh na crícheise,

nírbh fharáil dá hurraidh féin

cumaidh d’fhagháil dá heichréidh.


11 Comhdhual dúthaigh Duach Galaigh

dóibh is do chloinn Chonchabhair;

do ba masla é don fhior

dá mbé ar asna dá hoirthior.


12 Cóigeadh Oilill re haimsir

gur éirigh an t-Eoghainsin

- tugadh léim tar líne leis -

don fhréimh fhíre dob aitheis.


13 Síol Fearghna gidh fada a socht

nír mhaith riamh ríghe Chonnacht

nó go dtí an chríchsin chuige;

nír dhísligh í is usuidhe.


14 Caithir Meadhbha is mithidh dháibh

a súil re haiseag d’fhagháil;

do bhí Cruacha lá gun lucht

’s a-tá sí uatha ar iasucht.


15 Dúthaigh fhíre hí don fhior,

Cruacha caithir a sinnsior,

ní ghairfe mé acht deoradh dhe

Eoghan dá mbé sa Bhréifne.


16 D’Ó Raighilligh a-tá a tháir

a theach i dTulaigh Modháin

gé do-ní sa tulaigh thoir

ní badh chubhaidh i gCruachoin.


17 Fian Gall do ghabháil treise

ar mínleach na Midheise

doibhinn an fáth fa bhfuirigh

gan ráth Oilill d’ionnsuighidh.


18 Ní fhaomh ó ráith Logha i-lle

Ó Raighilligh rí Bréifne

don bhroidse a bhfuil ga feithimh;

thoir as fhoigse an fhóireithin.


19 Ná fuilngeadh teach na dTrí bhFionn

feasda ag Gallaibh i ngéibheann;

an Druim Caoinse nír chubhaidh

fa chuing ndaoirse ag Danaroibh.


20 Cairt ainbhfine ar Inis Fáil

cá meisde do mhac Sea-áin?

sa chartaigh má déaghthar dhi

léaghthar ’n-a hacraibh Éire.


21 Gach Gall aca lenab áil

sealbh an oiléinse d’fhagháil

cairt ó rígh Shaghsan do shir

le a ngabhsan tír Airt Éinfhir.


22 Ná héisdeadh re cáir dá gcluin

earroidheacht Tuathail Teachtmhair;

fa ráidh an rulla fallsa

dáibh ní hurra an t-Eoghansa.


23 Sliocht na gcéidfhear dá bhfuil féin

ní leanann - is lorg soiléir -

rádh cairte dá gcuire i seadh

duine do mhaicne Míleadh.


24 An Ghréag is í as dúthaigh dháibh,

tiaghaid eiste go hEaspáin

gach ar shiol ó Ghaoidheal Glas

gan aoinfhear dhíobh ’n-a dhúthchas.


25 Éire is í ro ba ghoire

dóibh ar ndéanamh chomhnoidhe;

do rad sé an domhansa dháibh

comharsa hé don Easpáin.


26 Ag teacht an chobhlaigh ’n-a ceann

do ghabháil Innse hÉireann

nocha rí tharla i dTeamhraigh;

an Bhanbha ag trí tighearnaibh.


27 Inis Ealga, áit a sean,

do roinn re macaibh Míleadh

tairgid Tuatha Dé Danann;

dob é uatha a n-uraghall.


28 Táinig as gur cuireadh cath

leo le chéile ’s an cabhlach;

an roinn ortha ga hoba

orchra le cloinn Cearmoda.


29 Eire ar Tuathaibh Dé fa dheoidh

gabhthar aca dá n-aindeoin;

síol Féilim ó shoin nír shir

troigh d’Éirinn acht ar éigin.


30 Ná bacadh dhíot, a-déar ris,

lámh do chur re chrích ndílis

ní nar bhac a eidhreacht d’fhior

do sheinshliocht trí mac Míleadh.


31 Gall, a Eoghain, it aghaidh

má thug séala a Sagsanaibh

saoilim nach ligfe Leath Cuinn

ar bhreith na litre ó Lunnuinn.


32 Má a-dubhairt cairt a roinn ribh

an tírse i dtreabhaid Gaoidhil

ná creididh gur cairt fhíre;

ná sgailt eidir th’airdríghe.


33 Cairt eile ní iarrfa sibh

acht tú ar thoradh do ghaisgidh;

léim fa ghaoibh géara dod ghuin

séala dhaoibh ar do dhúthaigh.


34 An chraoiseach leathan sa láimh

’s an colg a ceardcha Bholcáin

madh faigse hí budh hí an tsleagh

is í do chairtse an cloidheamh.


35 Sróll uaine ler éirigh séan

ar inneall biadhta brainéan,

cairt ar nar sireadh séala,

do chineadh Airt fhoisgéala.


36 Cairt eile thoghbhus tusa

dá dtig táth do dhúthchasa

tógbha sgiath i nglotain gháidh;

docair dá thriath a thógbháil.


37 A mhic inghine Í Fhearghail

an gcuimhnighe ar chlaoinTeamhraigh

d’fhios tighe Dá Thí an dtiocfa,

nó an bhfoile ar tí thoighiochta. Do roinn.