firstLine"; ?>

788. Do sguir cogadh criche Fanad $
Length: long 36qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 475(24/P/25) L. Cl. Suibhne 16th c.
Prints:
  1. (MLitt. thesis TCD, S. O Foghlu, p. 141)
Motifs:
  1. envoi to wife Grainne, desc. of Ui Bhaoighill
  2. envoi to SS Philip & James
  3. patrons attractions for women
  4. Patron’s generosity to poets
  5. patron’s prowess in war
  6. war with Foreigners
  7. Inauguration (gairm anma)
  8. fertility in just king’s reign
  9. symptoms of law and order under true kg
  10. Hostages
Patron Christian Names:
  1. Domhnall
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne Fanad (fl. 1570-d.1619)
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Do sguir cogadh Críche Fánad


[Seán Ó Foghlú, Four bardic poems from Leabhar Chlainne Suibhne (M.Litt. thesis, TCD, 1992), poem 4; RIA 475 (24/P/25), ‘Leabhar Chlainne Suibhne’, p. 154]


1 Do sguir cogadh Críche Fánad,

fear dá foirinn ó fuair sí;

ní fearr damhna ríogh ’na rollaibh;

tarla ara díol d’orraidh í.


2 Ní samhthach nach fuair a féaghuin,

feadh treasa go dtánaig róinn;

anaid ón chath sa thuaigh thairngigh,

ar mbuain clach a hairgnibh óir.


3 Iadhuid uime re hucht ágha

Aicme Shuibhne na dtreas dte;

níor leig don ainm gan chur gcomhluinn,

ar ndul ó ghairm Dhomhnuill de.


4 Ar gcor cuarta na gcríoch eile,

éigean dóibh a chor i gcéill,

ní uair cliar a tuaigh ó tánuig,

riar nach fuair i bhFánuid féin.


5 An orra is fhearr le dáimh daoinigh

do dhíol chléir ó tug a thail;

’gus an réir nach uair an t-ollamh,

do chuaidh féin mar orradh air.


6 Do smuain orra re hucht tathuimh

teacht tar ais ní uair go réidh;

bídh go maduin ar Mac Suibhne

bac caduil tre chuimhne ar chléir.


7 An seal céadna ar chrích a athar,

ua Ruaidhrí ó ránuig sé,

a mbladh i gcáraid a chéile;

gar d’Fhánaid ar fhéile é.


8 Gan chlódh ar-ís d’éigsibh Mumhan

ara mhaoinibh gá mó buaidh ?

An chliar do chuir asa bhfiachaibh,

an riar ó Fhuil Fiachaidh fuair.


9 Ní sgéal é ar nach faghthar fiadha,

feadh bearna gi bé do-ní;

áit a bhuinn ar gcur an chomhlainn,

’na tuinn ar ndul Domhnaill dí.


10 Ag tnúdh ré mbladh do bhí an foghlaidh,

fear is déine dhíolas cléir;

d’éis na gcuibhreach do bhí ar bhrághaid,

suirgheach í re Fánaid féin.


11 Gá chor cuarta Críche Fódla,

ní fríoth uadh anmhuin re sín;

léigthear i n-aghaidh fhear ngonta,

sreabh calaidh gá tochta i dtír.


12 Do rith theangadh ag triall ágha,

eagail dó go ndearna ró,

gi bé do gheall cur an chomhluinn,

ar ndul i gceann Domhnuill dó.


13 Oighreacht bhur n-aithreadh sul fuaruis,

fada duit gan déanamh suain;

sgor d’fhoghail sa ghairm do-gheibhe;

soraidh don ainm eile uaibh.


14 Tig bean do bhrath asa huamhan

dá haighneadh an uair nar nocht;

is searc ’na haghaidh ó inghin;

beart le haraidh imridh ort.


15 Má taoi ag tnúdh ris an gceird céadna

ar chor áigh ní fheadar sgís;

iongnadh an riaghail fhir th’anma;

iarraidh sibh na harma ar-ís.


16 Díon is fhearr ní uighthear oraibh,

re hucht troda tig dod thail;

sgiath don chomhaidh do-ní námha,

ré mbí domhain t’ágha air.


17 Níor ghuth dó gan dáil a mhaoineadh,

a Mheic Suibhne na dtreas dte;

do-chí réir uaibh leis an ollamh,

gruaidh ghéill aga donnadh de.


18 Teacht ar hionchuibh re hucht deabhtha,

díon is fhearr uair ar a ghuin;

a lán craoi san úir ód fhéinibh,

a ghlúin faoi gur réidhigh ruibh.


19 An cheard budh chosmhail do thréigean

tú id armuibh re héirghe an ré;

níor dligheadh duid déinimh faghla,

cuid do thréidhibh th’anma é.


20 Gá theacht tar ais ó bheirn bhaoghail,

ní bhí ar éigsibh uain is mó;

cairde ar ollamh go car comhlainn;

is gar bronnadh Domhnaill dó.


21 Ar feadh a chuarta i gcrích Danar,

dé i ngach treoir do thógaibh sé;

fáinne dearg fan tír i dtánuig;

ceard do shín ó Fhánuid é.


22 Nach guth dóibh a ndol ar cairde,

cliar Uladh tar éis a bhfuair;

ní bheir do dháimh ar Síol Suibhne,

díol i láimh nach uighbhe uaidh.


23 Ní taosga crodh le cléir oile

éigse an tíre i dtá dá réir;

fuair a riar gach tráth dá dtánuig,

cliar budh ghnáth i bhFánuid féin.


24 Mac Aibhilín re hucht troda,

tearc éinfhear budh chóir ’na chló;

fabhach rádha go cor comhlainn,

námha fa thol Domhnaill dó.


25 Ní fáth maoidhthe méid a bhronnaidh,

do-bheir do ghach aoinfhear é;

ní fearr bac ar dhuilghe dheóraidh,

go Mac Suibhne seólaidh sé.


26 Dob fhiú an t-aga fhuair ’na geimhil,

an glas teann i dtá ’na dhiaidh;

fad a théarma fríoth i bhFánaid,

’na dhíoth bhéarla ar bhrághaid biaidh.


27 Eagail le mnáibh do Mhac Suibhne,

sidhe feadhma dá bhfuair tail;

is mó is suirgheach téid don thochar,

níor léig cuibhreach othar air.


28 Tug a dhíol diomdha idir éigsibh;

dob usa dó gan a dháil;

minic nach réidh cliar dá chomhroinn;

is béim ar riar Domhnaill dáibh.


29 Ní anaid i n-ucht a chéile,

Críoch Fhánad an uair do-chí,

giodh mall a dtriall ó Fhunn Uladh;

cliar an-unn is umhal í.


30 Sgís a dtreabhtha nach bí ar bhrughaidh,

biaidh ar-ís ’na adhbhar shuain;

fada gur threabh fa Chloinn Cobhthaigh,

ler bhoing fear do tholchaibh tuair.


31 Ag so a leanaid ar luing d’aimsir,

ag ól a fhíona an eadh bíd;

do shúgh sgath an fhuinn fa Fhánaid,

dath ar thuinn ní thánaig tríd.


32 Téid an ceól ar codladh maidne,

mall dá aithle éirghios súd;

neach le suan is-teagh ní thánaig,

re nuall sreabh fan Fhánaid úd.


33 Géag chnuaistiugh do Chinidh Suibhne,

séad ar chléir ní choglann sí;

sí mar ghiall ghabhar le Gráinne,

go bhfaghar riar dáimhe dí.


34 Fuil Ó mBaoidhill na mbeart n-ordhuirc,

ag adhnadh tre ghile a gruaidh,

is crú Suibhne i gceann a chéile;

na buidhne ór fhearr Éire d’uaim.


35 Geall ar dheilbh ag dul go Gráinne;

geall oinigh ní hé nar thuill;

cuireadh a-nú arbh áil don fhilidh;

a clú tar mnáibh Cinidh Cuinn.


36 Pilib agus Iacób asbal,

dá n-agra Dia cóir na gcló,

dom shaoradh ar fheirg a hoighir,

faobhar deilg gér dhoiligh dó.