Poem in printable PDF format
Do shlán uaim, a
Áth Seanaigh
[Williams, N. J.
A.: The poems of Giolla Brighde Mac Con Midhe (Irish Texts
Society 51, 1980), poem 4]
1 Do shlán uaim,
a Áth Seanaigh;
do-chuaidh cách
id chlaoindeabhaidh;
tárras ort meing
is meabhail;
olc do ghreim do
Ghaoidhealaibh.
2 Do shlán uaim,
a Áthsa toir,
ag nár shuaill
m’ádhsa an-alloin;
ní guth ort i
sanais soin:
olc do ghabhais
re Galloibh.
3 A Éirne, is
adhbhar gáire,
tred ghlanbhun go
ngormfháinne,
fad bhun mar do
bhaoi Gráinne;
a-taoi ar gcur do
chonghaire.
4 A Éirne
Fhathadh Canann,
fár dathadh gach
deaghabhall,
do chuan gá long
nach lamhann?
trom do shuan, a
sheanabhann.
5 A thonn Easa
Ruaidh rabháin,
fa measa in uair
anfadháigh,
nír léig Gall ort
a anáil
an tann fa port
Parthaláin.
6 Caol Uisge fa
hadhbha long,
nochar ghardha do
ghormGholl;
an caol nír
chonair do Gholl
ag Maol Doraidh
’s ag Domhnoll.
7 Rom-chuir Áth
Seanaigh fa seach,
rom-dheadhail is
mo dhuaisbhreath;
go dtí an bráth
budh conair creach
tar an áth
ndomhain nduaibhseach.
8 Áth Seanaigh
feasta go fann;
mo cheasta nocha
chabhrann;
sruthán nach
gabhann re Gall,
uchán, is abhann
anbhfann.
9 A í Chonaill
Chláir Eanaigh,
láidh orainn bhar
n-aoindeabhaidh;
bhur n-anadh ag
Áth Seanaigh
galar gnáth do
Ghaoidhealaibh.
10 Dá maireadh
onchú an easa
do budh lomthrú
an loingeas-sa;
cuid an tsluaigh
tall don treas-sa
do budh ball
cruaidh coimmeasa.
11 Adhradh a
bhfóid díobh do dhligh
ar marbhadh ríogh
fhóid Oiligh;
sluaigh na
habhannsa ’gun fhior
go bhfuair
m’anamsa a oighiodh.
12 Gan Mhaol
Seachlainn is saoth leam,
an chraobh
ghealchruinn mhaoth mhéirsheang;
ionnsa gáir
chosgair fa a cheann;
is do thosgaibh
áigh Éireann.
13 Nír thráth
ratha béal ar béal -
nocha racha acht
do roiléan;
beith go bráth i
gceas ní chéal
ar n-áth, ar
n-eas, ar n-oiléan.
14 A oiléan is úr
trilis,
ar ar gcúl do
chuimhnighis;
ionmhain anam, a
inis,
is calann do
chuibhrighis.
15 Beithear gan
mhac nDomhnaill de
ó nár lomlainn
lat éirghe;
ionmhain corp do
chaith ’ma-lle
do mhaith is
t’olc, a Éire.
16 Doiligh liomsa
i Leath gealChuinn
gan an droing ’gá
ndeaghanfuinn,
gan shúil
monghdhuinn Maoil Eachluinn
Í Dhomhnuill
chaoimh chlaidheamhchuirr.
17 Mo cheann
do-chínn ’gá bhearradh,
do-chím sgín dá
sgíthfheannadh;
a Thrí Mhoire dom
mealladh -
rí Doire arna
dhícheannadh.
18 Mairg do
dhícheann an saor seang;
taom do-chífeam
gan choingheall -
mar do bhí nó go
mbé an ceann,
rí mar é nochan
fhoighbheam.
19 Mithigh
sgaradh is sgaoileadh
’s an talamh ar
tonnfhaoidheadh;
is boing gill do
gach Gaoidheal
Goill, a chinn,
dod chommaoidheamh.
20 M’anam, mo
chorp créad do phoinn
ar n-éag don
locht do leanfoinn?
saobh leam mo
dhícheall don droing
do dhícheann Maol
seang Seachloinn.
21 Ceann an ríogh
ó dhóid go dóid
cia líon ris nach
budh liachmhóid?
an dream
muirneach ris nach móid
ceann í
Luighdheach ’na liathróid?
22 Dob oirdhearc
Maol Seachluinn seang,
ó gealChuinn nár
fhaomh éinfheall;
nó gur dhealaigh
re a chlí a cheann,
do bhí ós
fhearaibh Éireann.
23 Maol mar Mhaol
Eachlainn oile
i Reachrainn na
rioghroidhe;
mar budh naomh
gach rí roimhe,
do-ní Maol a
míorbhoile.
24 Loch Gile is
luath do lingeadh,
a dhá bhruach do
bhoithmhilleadh;
Loch Éirne is
moch do mhilleadh;
Loch Méilghe do
mhoichmhilleadh.
25 Mé is mo
reacht choidhche fam choim -
is doirche ná
gach doghroinn -
beag ar Gall
nDealgan mo dhoirr -
dá deargadh ar Ó
nDomhnoill.
26 Ádh do Gholl
ghlas a glacadh,
bas bhán do
bhronn romhatal,
a Dhé, nár thréig
a tapadh
is nár léig é
d’anacal.
27 Nir mhinic
mearbhfaill bhéarla
ar Maol Eachlainn
airmshéaghdha;
uch, do budh uair
a dhéanmha,
gion gur smuain,
guth Gaillbhéarla.
28 Go bhfuair a
raghuin do rinn
sluaigh ’na
aghuidh nír inghill;
do sáidheadh lear
d’fhaobhruibh inn
’s do bhean
aonghuin fa a imlinn.
29 Taobh agus clí
mo chridhe,
do bhí faon a
bhfoistine,
dá nár lean fáidh
ná file
ná fear gráidh ná
goistidhe.
30 Trí Colla
saora sleamhna
um ó nAodha
n-ileardha -
triur fial do bhí
ar gach mbearna -
nír thriar acht
trí thighearna.
31 Trí
saoirdhreagain nach sir laoidh
in aoinleabaidh
ghil ghéagaoil
’na dtriar
churadh taoibh re taoibh;
cian bhus cumhan
an Chéadaoin.
32 Trí catha ón
dubhaigh daoine,
Ulaidh agá
n-éagcaoine:
cath Muighe Rath,
cath Craoibhe
agus cath na
Céadaoine.
33 Gan sluaigh
Gall ina gheimheal
ann an uair do
sgainnrigheadh;
na Goill uaidh
mar thairm teineadh -
an maidhm tuaidh
do tairngireadh.
34 Nír thairngir
fáidh ná file
tre thairngire
mbáidh mbáistighe
an maidhm thuaidh
- crádh lem chridhe -
do shlán uaim, a
fháistine.
35 Mo rath do
sgaradh rem sglainn;
cath do laadh ar
Lochlainn;
do-bhearair
filidh i bhfaill
i ndeaghaidh
cinidh Cathbhairr.
36 Ón uair nach
mar an ghéag glan
ní ragh go m’éag
im ionadh;
tugais nuachar, a
Dhé, dhamh;
is mé an
t-uathadh re hiolar.
37 Ionmhain
aghadh in gach am,
rom-sgaradh is
rom-sgiothdall;
gi-bé ara mbé
eire ann,
mo sgeile is é
nach íocann.
38 Mór a dhamhna,
a Dhé nimhe,
m’abhra agus é ar
sruithnighe;
mó a obadh ’gá
fhile
a chogar nach
cluinfidhe.
39 Bráighe gheal
fa ghruaidh shéaghainn
in uaigh is eadh
bhidhgfhéaghaim;
an leaba atá uaim
fhéaghaim -
do bhá uair nach
imghéabhainn.
40 Duine ar a
ghrádh do-ghéanadh
dán duine do
neimhéaradh;
muna truagh le
Dia a déanamh
a dhuan cia nach
ceinnéaghadh?
41 Ní
chleachtmaois teacht i dteach nGaill
ná neach is a
neart orainn;
mór seol nach
deighsheol don droing
is eol do
Cheineol Chonoill.
42 Tug bás Maoil
Eachluinn uire
gan chraoibh
gcleathchuill gcnóbhuidhe;
samhradh ’na
dhiaidh is duibhe
ná ar marbhadh
Bríain Bhóruimhe.
43 Banbha do
brisiodh a druim;
calma an clisiodh
a comhruinn;
mithigh do
ríoghaibh Clann Chuinn,
am do dhíoghail Í
Dhomhnuill.
44 Mac Domhnaill
ní dáigh dár leas;
doghraing go
Máigh a mhóirthreas;
ar shraon ’s ar
mhearbhfaill mé a eas
ní hé Maol
Eachlainn fhóirfeas.
45 Gur thuit Maol
Eachlainn san ágh
do sheachnainn
taobh gach tulán;
budh iomdha
inghean bos mbán
a-nos fa Inbhear
nDulán.