Poem in printable PDF format
Do thogh Éire
fear faire
[RIA 2 (23/F/16),
‘O’Gara’, 80]
Domhnall
mac Tomais Ui
Uicinn
[Deibhidhe, Dán
Direach]
1 Do thogh Éire
fear faire
ni
hurusa a hionghaire
da
roimhéd do leattrom
linn
do
choimhéad eachtronn d’Éirinn.
2 Faire Eirionn ar ua cCuinn
ar an
láochraidh o
Lu(i)nduind
ní
fhúair aondhuine do
fhéad
áodhaire
an cuain do
choimhéad.
3 Ré húa
nEogain ni husa
coimhéad Cairrge
Fhearghusa
mur
tá cúan Muman
a-muigh
gan sluagh Uladh ’na fhochair.
4 Coimhead
Eireann
don tháoibh
thoir
ar ua
cCuinn cuirthear
d’fiachaibh
go
hInis Bhó Finne
ar fad
dar
linne ní do as
dearmad.
5 Da ttíosadh ass
táth Teamhrach
fada
an tríall-sa
ar
Thoirrdhealbach
líon
gleo o Liphthi Laigean
slighthi leo nach leanfaidhear.
6 An
oighreacht as dó
dleagh(th)air
do
gabáil ar Gaoidhealaibh
fonn Banbha do bhí
ag Gallaibh
tarla fáoi ’ga
fearandaip.
7 Do dhul dóibh
’na nduthaigh
féin
do
chuir ua Eogain
aimhréidh
ge
beag luagh rabaidh
roimhe
Danair a ccuan
Corcoidhe.
8 Cúan Sligigh
d’forchoimhéad air
mur ta Beand
oirrdearc
Éadair
mur
tá sluagh
fearrdha
Finne
a
sealbha ar chuan
Coirlinne.
9 O fhéin
eachtronn
go núa a-noir
os he
dob fhaide ó Ulltaibh
coma
an chuain um Cheand tSháile
fuair ar ceann na congháire.
10 Ar
mac Neill o
bheinn go
beinn
faire gach
éanchuain d’Éirind
cách
go Fionntráigh ’ga
bfhaire
tráth
iompáidh da háodhaire.
11
Íocfaidh a
bfuil
d’fiachaibh
air
an
mac-sin Neill úa
Eoghain
Éire
dh’úaim 7 d’fhaire
ní
fhuair céile a
chosmaile.
12 An fáidh-sí
a-nos acc O Néill
ar roinn Chuinn o thug toibheim
beanfaidh breath
fhola hEachaidh
leath
Mogha do Mhuimhneachaibh.
13 Más
ar chlú chuirid a
ngeall
sinnsir uaisle
fhóid Éireand
as dó
as cneasda táth Teamhrach
gnáth
na teasda ag Ttoirrdealbach.
14 Da mbeith an
rúaig rompa soin [81]
do
ghuais Gaoideal
guirt
Fhionntain
a
mbés féin ag fine Gall
o
fhéin Line go locand.
15 A[n] Niall
Frasach o
bfuil sin
ler
taibhgheadh cáin gac cóigidh
na
cána oile do íarr
nír
chóra roimhe ag rígNíall.
16 A
n-agaidh a
n-ainbhreath air
Toirrdhealbach uadh
fa fhiachaibh
sgél
o chlandaibh Neill
a-nall
geill
o Ghallaibh nac
gabhand.
17 Uirsgel as
oircheas fachain
ar triar mac Chuinn Céadchathaigh
láoich fa casmail
re cloinn Neill
an
gasraidh
nar thuill
toibhéim.
18 Do bhrígh an
iúil (do) fhuair
misi
dob é
críoch na cloinni-si(n)
dias
do marbadh diobh fa dheóidh
ór
shíol adhbur an
uirsgeóil.
19
Eochaidh
Fionn
Fiachaidh
Súidhe
ticc
do táobh a n-iomthnúith[e]
marpadh deisi do chloinn Chuinn
roinn a ttreisi nir
thualuing.
20 Buain a
bhraithreach
d’Art
Aoinfhear
sgél as cóir do
chomhmaoidheamh
dha
righdhamhna fhréimhe Cuinn
fíorgaphla chléire o cConuill.
21
Snadhmadh
Teamhrach a ndán
dó
d’eis
marbhtha
Connla is
Crionna
as
bocht (?) cáis an
gníomh ler gabh
do
bríogh bháis a dha bhrathar.
22
Rioghdhacht
Éirionn ticc
as-teach
d’Art
Áoinfhear d’éis a
bhraithreach
ní
cás ’sa threisi a táthar
bá(i)s a dheisi dearbhbrathar.
23 Cóir
teacht
tarsa re
hathaidh
an
chlann-sin
Chuinn
Céadcathaigh
clann
Chuinnmic Feilim da éis
créidhim oirrdric
re a fhaisnéis.
24 Art
Áoinfhear d’éis na
cloinne
ga
rogha as fearr
agoinne
fuair ar an ccor-sain fiadh
Flainn
cosmail do
iarr an urraim.
25
Ionann airdheana an da fhear
Toirrdhealbhach is Art Áoinfhear
ionann a ccás leath
ar leath
dob
ionann bás a
mbraithreach.
26 D’éis Briain
is Airt óig
d’oigidh
brath
fir ag ráith rioghOiligh
ni
breath chláon do threibh Teamhrach
do-beir táobh re Toirrdhealbach.
27 Niall
mac Airt dob é a athair
slat
d’fhío[dh]baidh
Chuinn
Céadcathaigh
an té
da ngeaphaim-ne greim
as é
as eanoighre ar
Éirinn.
28 Acc
mac
Cuinn do-chúala
me
rioghacht
Éirionn da
aithle
da
ttíos(ú)adh
dínn táth
Teamhrach
gnáth
an tír ag Toirrdhealbach.
29 Ni thuiccim
nach ttiocfa riph
romhór an obair
áoinfhir
is
úaim cláir
Conaire id
chionn
do
dháil d’foraire
Éirionn.
30 A úa Neill na
Náoi nGeimeal
os
cionn cáigh o
cuirfidhear
cuir
ó táoi at eighre airs
na
náoi ngeimhle fát gíallaibh.
31 Rí romhaibh
dar chomhainm
Conn
bar bfhíacha air is
ionann
do
bhí reimhe ar
f(h)onn
bFhiachaidh
ger
trom n-eire ot airdfhiachaibh.
32 A fhir
chomhdha do chean féin
a
choill chumhdaigh chlann tsaoirNeill
na
biodh Goill ribh acc righe
sibh
don choill as
ceinnbhile.
33 Níorbh áil le
háoinfhear oile
d’úaisliph indsi hÚghoine
budh bean roghan
treabh Teamhrach
bean
lér togadh Toirrdhealbach.
34 Maidhm nach
ttucadh ríamh
reimhe
as do
tarla a
ttarrngeire
ar
nuaGhallaibh san
sál soir
fuaramair d’ádh a nUlltuibh.
35 Uaim Banbha do
chuir a cceill
le
seabhcaiph sleachta
sáoirNeill
nir
bhean a airde da
húaim
a
sheal dh’faire gach
éancúain.
36 Sgél sin lér
glúaisiodair
Goill
o
threiph Luighdheach
go Lunnoinn
ré
iomlán don fhuil-sin Chuinn
acc
iomrádh Uisnigh
aguinn.
37 Ma tá uaibh-si
’ga reic rinn
fuasgail damh-sa
an ceisd
chuirim
cia
dar chóir a
chlú id
chomhar
a cnú
óir na n-ollomhan.
38 Cáin chóig
ccóigeadh ’na
chartaigh
mac Neill cuid da
chumhachtaibh
os
cairt dheighbhisidh
do dhligh
an
t-eighri-sin Airt
Áoinfhir.
39 Do
Ghallaibh as gníomh
foladh
suil
Bhanbha do bhuadhogadh
as
fear
fhoraire fhóid
Bhreadh
is
comhfhaire chóig
ccóicceadh.
40 O a-ta a-nos
da chur a cceill
beag
sin do rath í ríNeill
go
bfuil sgrios
ainbhfhine air
fios
na tairrghire ag Teamhraigh.
41 Ní
cúairt
gearr do
ghnáthaigh sgol
[82]
acht
comhnaidhe a ccrích
Uladh
ni
théid chlíar úadh fa oba
do
bhuadh gan
riar rofad(h)a.
Do...