firstLine"; ?>

791. Do thogh me maicne Domhnuill $
Length: long 36qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.319) 16th & 17th cent.
Motifs:
  1. envoi to dau. of O Ruairc
  2. nobility of ancestry
  3. mercenary service
  4. poet-patron relationship
  5. reim rioghraidh, regnal list
Patron Christian Names:
  1. Fearadhach mac Toirdh. & mc Caitrechfhina(?)
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do thogh mé maicne Domhnuill

[TCD 1340 (H.3.19), 34r]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Do thogh mé maicne Domhnuill

’gar chleachtus mo chedfhodhluim

síad don ceadfrais do cleacht sinn

teacht ’na n-égmais ni fhuilngim.

2 Maicne Domhnuill thíar is toir

eidir Eirind 7 Alboin

do boing don dá annsa inn

co [leg. cá?] cloind tarrsa nach dtuig(h)im.

3 Cland Domnuill nar coigill crod

os acu bhím do bhunodh

tred is toghtha druim ar druim

cred nach ortha do anfuind.

4 Ésguidh céim uam ar mh’aduigh

do teacht d’fheghain F[h]eradhuigh

ceim da feghsain ge lúg linn

ar cúl ní hesgaidh mh’inntind.

5 An eacdra thanac tar tuind

co codhnach cloinde Domhnuill

tren damh-sa teachta da thoigh

nac annsa eachdra a nAlboin.

6 Teachd uatha ní hesgaid linn

an trath thanac a nEirinn

tuc caidreamh cloinne Colla

moille ar mh’aigneadh eatorra.

7 Mo mhían an trat tarrla toir

Mac Domnuill dreach mar corcoir

tuc a nos a hAlbuin inn

o tos gur ardaigh mh’inntinn.

8 Mo craidhi thiar 7 toir

fa chloinn Colla go gcuart- (?)

gur tseolus ar chloind Cholla

do roind mh’eolus eatorra.

9 D’fis an tí da dtucus toil

do baoi agum a nAlboin

grad ealta do thríall co tuind

do mhían na heachdra oruinn.

10 Tar gac encloinn fhegas mhe

teacht uatha is adbar leisge

do bud innleanta ar cloinn Cuinn

ac boing imteachta oruinn.

11 Soighteach na righe as tír thoir

ar ndealugad[h] re a dhutoigh

doba creidhim eacht oile

teacht d’Eirinn ar amhsoine.

12 Gan fuil iarmuir ina f[h]olt lag

úa Colla ac cosg a námad

rogha gach gobhlán da ghním

orlár f[h]ola na n-ardrígh.

13 Colla Uais o a bfuil a[n] fear

go Domnall úaidh da n-áirmher

slat do geinilach clann gChuinn

crann do dheighfhideac Domnaill.

14 A-ta agam da ceib chaim

sloindfid me do Mac Domhnaill

a-núasan fírbhun a fhrémh

rigradh úasol na n-oilén.

15 A n-aireamh cia nac cuimhnig

gach rí do Sil tSamhuirligh

milis trat an uair-si d’f[h]ir

a-ta re a n-uaisli dh’airimh.

16 Naenmur airdrig druim ar druim

o Aenghus Mhac Domnuills

do fhreimh an Aonghuis oile

d’aonfrais don reim rígraidi.

17 Clann Aonguis an airm druimnigh

Eoin sud 7 Somairligh

frém Gaoidheal tall do tháthaigh

clann d’áoinfer is d’aonmháthair.

18 Sil Somhairligh do gab greim

ar eachdra uainn a nEirind

dream nar íslidh a dtreoir toir

an sil-sin Eoin a nAlbain.

19 Sadhb inghin Amlaib ucht geal [34v]

Mac Domhuill cía nach creidfeadh

fuil tShaidhbhi taob re taoibhs

go bfuil ’na aigri d’Amhláoibh.

20 Críc Mhanann fa chlannuib cnichd

o Shaidb do fhúair a n-oighricht

derbaid[h] cró Manann a-muigh

gan tadall dó ’na dhuthuidh.

21 Domnall mhac Radhnuill rosg glas

ar ndealughad re a dhuchas

cred nar dluthaig[h] re clar Cuinn

o narb ál dúthaig[h] Domhnaill.

22 Ríg sin nach éidir d’falac[h]

is úad(a) ro fhás Feradhach

crand d’fidbaid[h] an tíre tall

d’iobraibh na righe Raghnall.

23 Mac Toirrdealbaig táebh leabhar

is urusa a aithnegad

fuil Eochaid an úair ro ibh

co bfuair eochair an einigh.

24 A-ta imat aithne dam

a-der rit rádh na n-ughdar

ní dearna[dh] h’adhuigh mar fhín

gan treabhra[dh] d’faluibh airdrígh.

25 Fuil Áonghuis oig fa hard fuil

fuil Domhnaill trít ar dtosuigh

créd nach umhnachd fád chéib chaim

gac lubgart do réim Raghnaill.

26 Gin co bedh fós fad cheib chais

acht in t-áoinfer or fhasuis

tonn rabharta don reim(h) righ

céim farb adhanta th’ilgnimh.

27 Do fás o Murchad mhac Floinn

inghin Hí Ruairc o Fremuinn

deoch milis mar is dú dháoibh

do ibhis do chrú Cathaoir.

28 D’imad airdrigh fad t’ucht geal

ni cnesda cur re a n-áiream

a dtomus uaim-si madh ail

gan forus t’uaisli d’fhaghbháil.

29 Teid do chís ar clannuib cnichd

co brath mad ail an oighrichd

ní bfuil fath na hechtra ann

cách ac teachta fad termann.

30 A n-am an catha do chur

meirge sroill re crann curudh

lintar an t-ath dh’atuib óir

fad bratuigh trath an tinóil.

31 Mac Toirrdhealbaig taeb mar tuinn

gég cumra cloinne Domnaill

lam derg o chach mur ro-cluin

a ferg san áth do osguil.

32 Imda ar lár d’aitle a agha

lethchos agus leathlamha

stuagh[a] oca faghairt a bfhuil

úadha ac tabhairt an tachuir.

33 Mac Caitreach Fhina fuair geall

ceann aidhe d’eigsib Eireann

do ghab cloidheamh do gab gha

do char troigeadh re tendta. d. t.

34 Ingin Uaiter na ngruadh ngeal

uaisli a haicme da n-áirmer

nír fás dibh acht cnú chiníl

is dín do crú Chaitilín.

35 Clann Feorais fúair rea n-adhaigh

is rigraid clann gConcubhair

fuair-si na fola dob ferr

uaisli a mogha da máoideam.

36 Mac De ’sa[n] crann derg re a druim

Muire fós fechadh oruinn

tic sa Lúan tre guin a gha

ní bfuil acht ac túar teachta. Do...