firstLine"; ?>

793. Do thuit a cloch cuil d’Eirinn $
Length: long 45qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Elsewhere (Spain)
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. RIA 3 (23/L/17)S.O Murch.na R. 1744-5
  3. TCD 1347 (H.4.5) M. O Gorman c. 1770
  4. BL Egerton 127 Maurice OGorman 1775
  5. BL Egerton 111 F. O Scannail trscr. RIA2
Motifs:
  1. envoi to St Catherine
  2. Patron’s generosity to poets
  3. house-burning ?
  4. imagery for grief
  5. landscape mourns
  6. general grief
  7. symptoms of grief (coloured tears)
  8. women keening
  9. poet’s own mourning
  10. poet’s vigil on grave
Poet Christian Names:
  1. Eoghan mac Donnchadha (RIA 2, 3)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh
Patron Christian Names:
  1. Diarmaid mac Domhnaill
Patron Surnames:
  1. [O Suilleabhain d. 1609]
Apologue Subclasses:
  1. Death of Diarmaid mac Cearbhaill
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Do thuit a cloch cúil d’Éirinn

[RIA 2 (23/F/16), ‘O’Gara’, 159]

Eogan mac Donnchadha Í Dalaigh cecinit

[Rannaíocht Bheag, Dán Díreach]


1 Do thuit a cloch cuil d’Éirinn

cúis osna dá gach áoining

tearc ’na dhiaigh bús díth d’Éirinn

crích Fheilim fa chíaidh cáoinim.

2 Clach chúil an [......] Chéin-si

mo-chean dan huir a húir-si

a clódh a ccath ní fúair-sí

Rómh na huaisle an chlach chúil-si.

3 O tá ar chléir Mhumhan maoithbreth

ní me as lugha do leirchreach

mór ní as ar dáigh ar ndlúthbhrath

cúlchlach cháigh gurbh í mh’éinchreach.

4 O tás fa fhúarbhrat úire

dá bhás do bhuaidhrigh Éire

cóir rath ar an úir uaidhe

clach bhuaidhe chúil na cléire.

5 A ndheoigh chloiche chúil Ghaoidheal

ní tuirsi rúin do-rinneadh

lór a aibche fúair fuaradh

uabhar sluaigh mhaicne Mhileadh.

6 Cith tuirse thíar ar bhfearthuin

a thuirse as cían bhus cumhuin

do bhí a ndán dó nar imthigh

gur thimchil so clár Cobhthuigh.

7 Báidh máoithe ag mnáibh na Sbáine

ris na mnáibh o Bháoi Bhéirre

as í an cháoi ’na cáoi fhíre

cáoi an tíre nách í Éire.

8 Tuirsi in gach crích do choimhleath

ón crích-si Chuirc mic Luighdheach

dob fhiú an gháir do bhí a mBreadhmhach

a tteannghuth cáoi ag mnáibh Muimhneach.

9 Fir Shagsan mar fhuil nEoghuin

ag cur dhatha ar a ndhéaruibh

do chúaidh síad tar chéill ccáoinigh

Gaoidhil féin íad ar fhéaghuin.

10 Do leath sgíos ’na sgíos fhíre

fedh na ccríoch nach í Éire

laoich gach láoi a ccéin dhá cháoine

nach dáoire d’fhéin Bháoi Bhéirre.

11 Tárla a thús do mhuigh Mhumhan

túr an uilc ann gach ionadh

léan fíre dhó nach deiredh

díle theineadh so ar siobhal.

12 Ar n-áonsgéal faghla fíre

áonlean don Bhanbha as búaine

go rug teas búaidh (ar) in béime

ní bfhúair Éire an treas trúaighe.

13 Sgéal oireas d’oighre Domhnuill

ar oighidh oighre Cearbhuill

ag-so an sgéal nach sgéal n-iomruill

dioghluim sgéal is do dhealbhuim.

14 Diarmuid airdri(gh) an chlair Chein-se

mairccdhith don dáimh as dísle

bás eile ag búain rear mbáis-ne

air airse theighe an trir-se.

15 Nír sháor sin gan é d’oighidh

nar loigh ar náomh ná ar neimhedh

rí(gh) do thúa[i]r moir dá mholadh

air goradh a ttoigh theinedh.

16 Cloch chúil na hÉireann uile

ón léimghearr lúith mo (?) chroidhe

cóir a líodh gur loisg teine

mur toisg eile an ríogh roimhe.

17 Losgadh an lá do cinnedh

mur bhás d’urra na n-urradh

mur an Tráoi an tann do lingedh

do bháoi an cinnedh ann ollamh.

18 Ní hé an céidDhíarmuid cháoinmuid

éinDiarmuid don chléir cháoimhnuid

sgéal lúigh fá-ríor ní iarrmuid

Diarmuid dhiobh dúin is dáorbhruid.

19 Mac Domhnuill deaghmheic Cearbhuill

nár fhoghluim eangnamh neimhghill

dhá sgéal do dhiall re doghruing

da lean conchluinn d’fhiadh Féilim.

20 Ní fhuair orchruidh fhíre [word missing]

go dul choghnuigh chúain Bheirre

ní sgéal go húair na háoine

léan dáoine dhá bfhúair Éire.

21 Rioghruidh Banbha an fhóid fhéarbhuig

’na dheóigh ní r(i)oghlan riaghluid

nír sgar rí re ráith rioghBhluid

budh fíorbhruid ghnáith dhí acht Diarmuid.

22 Búain mhaicne Mogha Nuaghadh [160]

braitear orra tré áoinfhear

teas smóil a-níar gur nuaghadh

nír fuaradh ríamh glóir Gháoidheal.

23 Leighthar croidhthe dhá cumhaidh

eagar brisde ar gach buighin

tonn bhróin do theacht ó theinigh

beart as deimhin d’fhóir Fhuinidh.

24 Ní fuighthear d’éis ar ndeighrigh

’sa threighe uile iomlán

céile dar chóir a horlámh

comhradh óil Éire d’iomradh.

25 Ní béim dhamh ó tá a ttallamh

mé ag cách dom chur a neimheadh

mur sin a-tám dha thoradh

folamh lámh ó thigh theineadh.

26 Do-ním na huile airghe

a ccrích ní curthar m’fhuighle

mór do bhí ar bheirt na coinnle

sí óirne ag ceilt ar ccuimhne.

27 Do bfhiú ar ccúaird fhada áoibhinn

d’athghul ar h’uaigh go tteighim

fa ró bróin acht gé bhúalim

tuairim chóir dhó ní dhéinim.

28 Tuguis damh an bhreath oruibh

an ainbhreath dhamh is danoimh

ní lór úaim acht díol doiligh

bíodh h’oighidh úaim ’na aghoidh.

29 Gan sean na óg ré aireamh

acht neach dar chóir do cháoineadh

an teas rucc ort at eanar

tug téaghadh ar ghort Ghaoidheal.

30 Gé tá do dhul ’na dheimhin

nír chóir a chur fád chomhuir

nach mar7 tú dh’oighidh

clú oinigh do an oruibh.

31 Rug lá tréigthe ar an ttromdháimh

gan aoinneach dháibh fá ndoirbhréir

a Éire as úair dá sheanmóir

fuair seanRóimh t’fhéile oilbhéim.

32 Geall gad chlú feadh gach innse

beag narb fhearr an chlú chuimhse

misde a méid teacht tairses

tearc taidhbhse téid gan tuirse.

33 Do chumha ar chrích na Sbáinne

an Mumha dhí ní dáoire

féacha leat í agus Éire

Béirre ós í as ceap dhod cháoine.

34 Teacht aoidhe uirre as iomdha

thuilleas dá ccáoine colbha

mic ríogh gan bhúain re Banbha

síol Sadhbha ar h’úaidh ní hollmha.

35 Ainm cosbhuil dí go dílinn

féilr chrosda chríche Féilim

go ttug léan d’fhéin gach éanfhuinn

féil Bréanuinn nar fheagh dh’Éirinn.

36 Luaith do cinnedh ’nar ccuinne

ar mbúain ré crithir choinle

táinig rinn a raoinn mhoirne

raoinn dhoilghe do fhill oirne.

37 Bíth sbéir nách solus soiléir

a bfhogus don ré roláin

gnáth an teann ag túar anshóid

fearr an onóir f[h]úair d’fhagháil.

38 Sgurthar feasda le filidh

ní bfhuighe fear a fhuiridh

cóir boing chéile do chabhair

soraidh d’fhéile fhuinn Fhuinidh.

39 Búain ar Éireann(a)chuibh úaidhe

an éindeacair fuair Éire

an sáor do bhúail ar mbeói-ne

cráobh fheóighe úaidh an fhéile.

40 Tráigh ar na tturnamh a toruighs

bláith ní dubhradh gur dhuinidh

mór bhfáth fár olc a oighidh

tocht oinigh ar chách cuiridh.

41 Ní tugthar seóid tar sáile

’na dheóigh gan dul a ndáoire

mur tá connradh chúain Béirre

air Éire congnamh cáoine.

42 Dún Báoi na seanbheann síodha

neimhghearr sgáoiltear a sgéala

tonn bhróin ar mboing a bríoghdha

a róimh fhíona fhoinn Eanna.

42 Ní trath dúas d’íarruigh d’fhilidh

armuid úainn ar na oighidh

do bhean dom ghul a gheimheal

dul deiredh fhear an oinigh.

43 Méala an sgéal dháibh fa-deara

nach áil déar achtar fhola

’na linn láin an lá as lugha

cumha a-tá ar mhnáibh ó Modha.x

44 Caithir Íona an ógh neamhdha

re n-íocthar cóir ar ccabhra

giodh bé as tóir ar tí mh’anma

tarla sí ar chóir ar ccamhdha. Do...