firstLine"; ?>

795. Do thuit meirge catha Cuinn $
Length: long 42qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. TCD1289(H.1.15)T.ONeachtain 1729-45
  2. TCD1411(H.6.7)Donnch. O Conaill 1737
  3. RIA3(23/L/17)S. O Murch. na R. 1744-5
  4. RIA 619 (D/ii/2) Aodh O Dalaigh 1746
  5. RIA703(23/H/8)S.OLongain 1864<1712
Prints:
  1. text DiD no. 86
Motifs:
  1. patron’s prowess in warfare
  2. caithreim, list of triumphs
  3. Highkingship of Ireland
  4. landscape withering at ruler’s death
  5. death at outset of triumphant career
  6. general grief for patron
  7. poet’s own mourning
  8. Classical allusion
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mc Aodha mhc Thoirdh.
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair d. 1406
Apologue Subclasses:
  1. Cuchulainn: death
  2. Cath Muighe Mucraimhe
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do thuit meirge catha Cuinn


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 86]


1 Do thuit meirge catha Cuinn

a-rís - ní rádh gan fhochuinn -

gé fuair soin a rádh roimhe

san ágh ar Mhoigh Mucroimhe.


2 Cóir a-rís a fhriotal sin

a ndubhairt draoi Airt Éinfhir

comhrádh truagh a haithle Airt

ar Chairthe an Druadh a-dubhairt.


3 A-dubhairt mar a-deir sinn

“meirge ó gCuinn do-chiú ar dtuitim”

an dá sgéal do sgailt croidhe

léan Airt is ar n-orchrai-ne.


4 Art gémadh adhbhar toirse

fa ríor ní hé m’fhochoinn-se;

ní chuir sinn i gcás chumhaidh

go bás chinn Ó gConchubhair.


5 Tug ar n-anbhuain ’s ar n-olc féin

a ndubhairt - dia do mhíchéill -

go bhfoil im chridhe a chumha

an file ar Mhoigh Mucrumha.


6 Dá thurnamh tháinig an n-olc

meirge marcraidhe Connocht;

ó a thuitim ní bhíd ar bun;

dá dtuitinn is tríd thiocfadh.


7 Re hucht a thrialla i dTeamhraigh

móide um mharbhadh Thoirdhealbhaigh

far gcaraid-ne mo chumha

anaibghe na heasbudha.


8 Do b’aidhbhseach adhbhar ar neirt

go bhfuair an t-easgar oirrdheirc

clann Luirc ’s a dteachta dá thaigh

ar dteachta a chuirp san chomhraidh.


9 I gcaladh Bearbha do bhiadh

i gcoinne re cath Gailian;

dá maradh ar n-a mhárach

do budh caladh conghárach.


10 Do toirmisgeadh - truagh an cion -

le síol Néill ar n-a-noirthear

a choinne fa Chaol nUisge;

do-roinne taom tubuisde.


11 Mac Aodha, nar éar dámha

suil fríoth fios a theasdála,

i ndiaidh a thóroimhe tig

Ó Briain Bóroimhe i mbráighid.


12 Mac meic Toirdhealbhaigh - truagh linn -

do bhí - níor bheag an inntinn -

gion go raibhe i ndán da-san

ar Thrágh mBaile a bhárda-san.


13 Dá ghaol féin - ní fiadhach gar -

nach truagh an treabhadh meanman?

dá lár do lingeadh an Traoi

dá milleadh d’ágh i n-aonlaoi.


14 Is leo torchair - truagh an béad -

an dream dar chóir a choimhéad;

ní cóir gan chuimhne ar Chadaigh

duilghe dhóibh a ndearnadair.


15 A fhine ann gan fhuireach

mar budh cineadh comhuidheach

téid ar bhfaicsin na faille

go géig n-aisdrigh nEochaille.


16 Do ráidhsead ar gcur chuige

tre bheith beagán sochruide

’n-a aonar go raibh a-rís

baoghal air nochan fhuighdís.


17 Téid neach dá náimhdibh bunaidh

aca i gcoinne Í Chonchubhair;

gonais an tuir ó Chluain Caoin

- ní guin do-chuaidh gan chomaoin.


18 Fa goire bás dá bhiodhbhaidh

gér luaithe lot Toirdhealbhaigh;

do bhí sé ’n-a chosair chró

’s ní hé an rí ar tosaigh theasdó.


19 Guin ó gach aoinfhear do fhuair

dá dtigeadh - trom an anbhuain;

do rad an rí goin fa ghoin

an fad do bhí ’n-a bheathoidh.


20 Ar dtuitim dá thaobh mar chailc

gion gur bh’é a dhíol do dhíoghailt

do bhí a bhiodhbha bonn ar bhonn

is rí Cliodhna san chomhlonn.


21 Níor fhulaing laoch Locha an Sgáil

aithris marbhtha meic Damháin;

ní fhuair an dream é i n-asgaidh

ceann a ré gé rángasdair.


22 [A] loit is lór do phudhair

tír cháigh ar [n-Ó] gConchubhair;

dá chlannmhaicne is é do fhuair

ré a adhlaicthe go n-anbhuain.


23 Fear do mharbhtha, a mheic Aodha,

tar éis maoidhte an mhíothaoma

níor fhéad as do dhearnoinn deis

an seanloinn ndéad far dhúinis.


24 Mac Subhaltaigh is mar sin

a bhas fa cheann a chloidhimh

gan dol fa a dhéis do dhuine

d’éis na Con ’n-a chróluighe.


25 Níor beanadh a bais na Con

le marcraidh Meidhbhe Cruachan

sealbh a dhornchla re trí thráth;

do bhí ortha ’n-a ursgáth.


26 Gur cumadh - is cúis truaighe -

cealg ar Choin na Craobhruaidhe

mar budh beo corp an churadh

gan tocht leo dá lámhughadh.


27 “Éan” ar cách - ní cleasradh beag

- is í cealg ar ar chinnsead -

“níor ghabh riamh ós cionn na Con

nach biadh i ngioll dá ghábhodh.”


28 Clann Cailitín - cleas neimhe -

ós cionn chéile Eimhire

dá fhéaghain an beo do bhí

na n-éanaibh leo do leigthí.


29 Ingheana an druadh i ndeilbh éan

do dhul idir é is ai-éar

Cú Chulainn, gidh bé do bhraith,

do fhulaing é don éanlaith.


30 As do haithneadh a éag soin

aonmhac inghine Cathbhoidh

mar nar ghoill cleas an chleitín

san treas ar chloinn Chailitín.


31 Meadhbh mar do maoidheadh an bás

dírim laoch - fa lór d’uathbhás -

do Leath Mogha do mheall sin

dá gcora ar ceann an chloidhimh.


32 Do b’é iomthús a ndála

tríocha laoch gan leathlámha

do-chuaidh don laochroidh ón loinn

gan bhuain re caoimhChoin gCuloinn.


33 Fágbhaid mar sin - samhail cháir -

do loinn mbuadha id bhais ghéagbháin

lucht doirtthe t’fhala i n-iorghail

- mana a dtoitme, a Thoirdhiolbhaigh


34 Faobhar do loinne id láimh dheis

dóigh go ndiongnadh a aithris

- meisde a ngeall dá seachna sin -

dá ndeachtha ar cheann an chloidhimh


35 D’iomarchaidh an fhir roimhe

do lann, a laoich Bóroimhe,

gá dtú acht do leigeadh id láimh

gé do creideadh thú ar dteasdáil.


36 Ag cosnamh an chuilg neimhe

dhuit i ndeireadh aimsire

gan neart iomromha id ghlaic ghil

sbraic na hiomghona it aighidh.


37 Ar ndul d’éag ní dheachaidh dhe

an ghráin do gabhadh roimhe;

do-chuaidh le laoch Locha an Sguir

a fhraoch catha san chomhroidh.


38 Ioth an talmhan ar ar thuit

do-chuaidh uain-ne ’n-a éaruic

ó do shúigh fuil na flatha

an úir fhuil mar fhiadhracha.


39 Don chumhaidh is cneasda sin

a beith mar bhias a dainimh;

a-tá toil cháigh le a chaoinimh

le a bhfoil dháibh [do] dhomhaoinibh.


40 Ar mo thoirse ní théid faill,

mar sin fuaras a fochainn;

meabhaidh ar mo ghuth ón ghol

- uch ní le meadhaibh múchtor!


41 Meisde bhím tre bhile Ó gCuinn

ar mh’osnaidh an uair ghabhuim

gidh mé as toirsighe dá thocht;

ar dtoirsei-ne is é mh’annsocht.


42 Beag do shíol Chuinn dá chumhaidh

oidhre chloinne Conchubhair

nar thruaill fíoch agus falta;

dá dhíoth do-chuaidh Connachda. Do thuit.