Poem in printable PDF format
Do toirneadh
ceannas chlann gCuinn
[Eoin Mac
Cárthaigh, Poems on the Uí Dhomhnaill (circa 1641),
unpublished PhD thesis, TCD, 1994; poem 3]
1 Do toirneadh
ceannas chlann gCuinn
tarla dóibh - dia
do dhoghraing -
cneasghoin do
chuir le a dteann,
easbhaidh ag nach
fuil fuigheall.
2 Do beanadh
bláth a bhfortúin,
táinig tréan an
fhormadtnúidh
fa roighnibh
shíol gCuinn gcuradh
- gan phuinn
díobh gan díobhaghadh.
3 Do beanadh - ní
beag an choir:
ní gnáth tréan ag
tóir aclaidh -
gidh céim tnúidh
barántas Breagh,
súil do
ghabháltas Gaoidheal.
4 Ar shíol Cuinn
an eóil iomláin
tarla - Truagh an
eisiomláir! -
céim toghla
tolcha na bhfionn
comhdha orchra na
hÉireann.
5 Do bhí riamh
roimhe gus ’niodh
ag uaislibh Gall
is Gaoidheal
fa chlár Néill
tnúdh re a dtiodal
céim ar gcúl gur
chuireadar.
6 Táinig - gá
truaighe diombuaidh? -
téarma gliadh an
Ghaoidhealshluaigh
nach fuil éirghe
dóibh i ndán
tre fhóir Éirne
go hiomlán.
7 Gabhla
Gaoidheal na ngliadh dteann
síol gCuinn
Mhidhe ó nach maireann
a-tá séimh
choimhréidh Chonnla
fa choimhréir
d’fhéin allmhardha.
8 Ar mbéin
d’fhoirinn dá haidhbhle
sdiúire a luinge
lándaingne
ní leó a
laoidheang nó a lucht soin
go sgaoileann
d’ulc an anfaidh.
9 Ag crích Fódla
an fhuinn ealtaigh
ní fhuil súil re
saoileachtain
iar gclódh
aoibhneachta chlann gCuinn
ar gcall
caoimhshleachta Conaill.
10 Ó bhás an
mheicse mheic Cuinn
a-tá ag
caoimhchinéal Conaill
dúbladh cráidh
chaitheas a gcion
do bháidh
flaitheas a bhféineadh.
11 Néal tuirse as
truime pudhar
rug ar ógbhaidh
fhionnUladh;
éag do
chaithleómhan ó gCuinn
créad acht
aithleónadh orainn?
12 Seaán Ó
Domhnaill do dhul
tug néal
cianfhoirbhthe cumhadh
fa gach aoineing
um fhiadh Breagh
tre aoibhill
gliadh na nGaoidheal.
13 Ionann
caointear dá chumhaidh
i n-Ultaibh ’s i
n-iarMhumhain
is fa Chruachain
Mheadhbha a-muigh
’s fa thuathaibh
Teamhra Tuathail.
14 A-tá an bhean
ó Nás a-niar
ó Chéis Chorainn
’s ó Choirrshliabh,
- nach déine ar a
aoi i n-Ultaibh -
ag caoi le chéile
i gConnachtaibh.
15 A-táid fós na
trí tonna
’s a bhfuil
d’Éirinn eatorra
ag caoi raghoimhe
chlann Chuinn
tre bharr
ndaghfhuile ua nDomhnaill.
16 A Thír
Chonaill chrotha gil
do bhí duit am le
t’oighir
go bás an mheicse
mheic Cuinn
nár chás deitse
gach doghraing.
17 D’éag oighre
Aodha Buidhe
a-táid uile i
n-eólchaire
síol gConaill is
Eóghain fhéil
beóghoin as
dodhaing dóibhséin.
18 Gidh eadh,
Gaoidhil bhruaich Banbha
a-táid gan fhear
n-agallmha
do fhréimh
chaithréidh chraoi Bhearnais
aithbhéim ar
Thraoi a dtighearnais.
19 D’ordaibh
crábhaidh chríche Breagh
d’ollamhnaibh
inse Gaoidheal
- mar
fhionnmaoid: a dhamhna dúinn -
tarla iomlaoid an
fhortúin.
20 Ní
hionmhaoidhte ar fhuil Dálaigh
a gcur tar a
gcéadchánaibh
- sgrios na
nGaoidheal do ghabh de -
ní mhar aoinfhear
dá n-uaisle.
21 Díol truaighe
mar a-tá a-niodh
i n-áit áinis
mhac Míleadh
gáir bhróin i
mbun gach baile
gan sgur slóigh
nó sochaidhe.
22 Macraidh ríogh
gan rún reabhraidh,
snuadh eólchaire
ar ingheanraidh,
snas teadhma ar
gach ghart geamhair,
smacht feadhma ar
na fínfhleadhaibh.
23 Ní fhásaid
toirthe talmhan,
do thréig grian a
gríosamhladh,
- an fíor flatha
uaidh ní fhuil -
tacha suain ar na
síonaibh.
24 Gá dtám acht
is tríd tárraidh
éag codhnaigh
chlann ríoghDhálaigh;
a chinneadh mar
ráinig ris,
táinig filleadh a
bhflaithis.
25 Ionann
chaoinid cleith Doire
daoine is dúile
talmhaidhe,
eóin bhruachmhara
dá beannaibh,
neóil uathmhara i
n-airdreannaibh.
26 Gaoidhil
Fhódla an fhuinn sgathaigh
tre oighre Cuinn
Chéadchathaigh
aodhaire aca ní
fhuil
- slata
caomhmoighe Cobhthaigh.
27 Síol áirmheach
Éireamhóin uill:
bás Seaáin ó chrú
Conaill
is créidhim do
chailg a rath
a mhairg d’Éirinn
as éagnach.
28 Éag míleadh
mhaicne Dálaigh
ceann caomhna
gach aonghábhaidh
- criothnaghadh
as cháir ’ma cheann -
biothphudhar
cháigh go coitcheann.
29 Táinig ainséin
eacht oile
criothnaghadh a
chosmhaile
do dhíth a
gcuradh ’s a gcion
go crích Mumhan
na míleadh.
30 Ríoghacht
Éireann mun n-aimsin
ag Art mac Cuinn
chathaidhbhsigh
- céim dubha ór
choimhfhill a chonn -
’s an Mhumha ag
Oilill Ólom.
31 Tig ainnséin
go brugh Banbha
buidhean
dhuaibhseach dhanardha
- lór do
choimhghe ar neamhrath niadh -
go n-oighre
meanmnach Maicniadh.
32 Do hinnleadh
géirghleó goimhe
ar lár Mhoighe
Mucraimhe
sul ráinig a
n-eadráin air
- teagbháil dá
dtáinig turbhaidh.
33 Do thuitsead
ann - níor thuar tinn -
Art óg cródha is
clann Oilill;
tug siad fa
mhéala an Mhumha;
is iad sgéala a
sgarthana.
34 Nualldhubha
Oilill ann soin
dó bheanas bríogh
an adhbhair
- sdair ’na
dheóidh fa lios Logha -
iar bhfios eóil a
easbhadha.
35 An céidfhear,
do-chuaidh ón chath,
[rí Mumhan fa mór
teaghlach]
suaill nar
théalaigh cáil a chnis
sgéaloil an áigh
dá haithris.
36 Tásg a
chloinne ’s a chleamhna
táinig - damhna
doimheanma,
sgéal truaigh fa
gnáthairsidh goimh -
san láthairsin
uaidh d’anmhain.
37 Is eadh
do-uair ar tosaigh
ó theachtaire, an
turassoin,
- dósan gé nar
bhann bisigh -
gach sósar ann
d’innisin.
38 Gach ainm do
hinniseadh dó
do-igeadh
claochládh crotha
dá...ghnúis náir
fhaoilidh fhinn
- acht báidh
aoinfhir ’na inntinn.
39 Ar Oilill mór
an mhiodhóil:
“Cia heile
d’fhuil Éireamhóin
do-chear ón
Mhumhain san mhoigh?
Ná lean curaidh a
Cruachain!.”
40 “Ná lean acht
d’fhuil Éibhir Fhinn.
Innis uait!” arsa
Oilill;
“Na deighfhir as
doilghe libh
ná ceilidh oirne
a n-oighidh.”
41 “A-taoi liosda
ag leanmhain sgéal!
Do thuit trá -
truagh an míshéan -
- fuair gleóghal
nar dheaghrath dó -
Eóghan meanmnach,
do mhacsa.”
42 A chlann ’s a
bhráithre bunaidh
leissean gér
dháil dhocamhail,
a mbeóghoin i
gcás níor chuir
do bhás Eóghain
an uarsoin.
43 Do-chuaidh i
gclaochlódh crotha;
do dhúisigh a
dheacracha;
sgéala an mhoighe
ó do mhoidh,
fréamha a
chroidhe do chuardaigh.
44 “Do sgar
barántas Banbha,”
ar Oilill,” ’s a
n-athardha
re haicme úir
Éibhir Fhinn
gan súil éinfhir
re hÉirinn.”
45 Ionann
d’Oilill ’ma chloinn cháir
’s d’fhuil
Dálaigh ar ndul Seaáin
- níor thráth dá
neimhsheadh a-nos -
deireadh ag cách
dá gconntas.
46 Tarla a-nois
tre éag aoinfhir
d’uaislibh
sleachta seanGhaoidhil
dul fa bhreith
ghasraidhe Gall
i leith amhsaine
d’fhulang.
47 Coill chumhra
chloinne Dálaigh
ar n-a buain ’na
beangánaibh,
doilghe an crann
déidheanach di,
clann do
réidhfhiodhach ríghe.
48 Ní bhiadh
tréinbhríogh ’na dtorchair
do shíol Cuinn ó
Chonallchaibh
- ’na bheofhál
don leith ór luidh -
Seo-án dá mbeith
’na bheathaidh.
49 Éag
ríoghraidhe fhréimhe Cuinn
do chuir trá ó
chrú Chonaill
méad a nduilghe
’na dheaghaidh
a gcuimhne as a
gcroidheadhaibh.
50 Béim súla
slóigh danar
damhna an
fhuinnse d’fhásaghadh
gan aonduine budh
dóigh dáibh
ag fóir
chaomhmoighe Cruacháin.
51 Gidh mór
gcontabhairt chatha
fuair i
mbearnaibh baoghlacha
’ga námhaid ar
gcúl dá chur,
dá dtnúdh tánaig
a thurnamh.
52 Níor shíl
meise ’s ní mé a-mháin
go bhfuigheadh
caomhfhlaith Cruacháin
bás acht
d’airmreannaibh fhian nGall
fa
bhailbheannaibh fhiadh n-eachtrann.
53 Go dtuga Dia
díolghadh dó
mar thuill sé fa
bhruach Banbha
- críoch na mball
ngortsholas ngeal -
d’fholtanas Gall
is Gaoidheal.
54 Minic do-rad
ruathar niadh
timcheall Éireann
’s gach aoinrian
- dob fhiú a
bháidh re cloinn gCobhthaigh -
ag roinn áigh ar
allmharchaibh.
55 Do leanfaidhe
ar a lorg soin
ag cur
gliadhchatha ar Ghallaibh
i Laighnibh ’s i
moigh Mumhan
soir fa aibhnibh
fhionnUladh.
56 A chaithréim
do chur i suim
dá adhbhar as
nach éadaim:
d’uamhain shlóigh
Gall ar Ghaoidheal
’s nach am cóir
dá chomhmaoidheamh.
57 Sé chéad déag
is (?) bliadhain bhuan,
cúig is caoga le
comhluadh
ó theacht
d’oighir Dé ’nar ndál
go a oighidh - is
sé ar Seaán.
58 Do bhádar,
eang ar oile (?),
síol gCuinn ós
chlár Iúghaine
- drong dob
fhearr séan ina seal;
a dteann is tréan
do toirneadh.