firstLine"; ?>

798. Do turnadh treise Gaoidheal $
Length: very long 46qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 626 (3/C/13) O’Currry trscr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. caithreim, list of triumphs
  3. war with English (ri Saxon)
  4. nature mourns patron’s death
  5. subjects exposed to attack by king’s death
  6. general grief for patron
  7. poet’s own mourning
  8. Echo of ‘Port oireachais Ara Cliach’
  9. board games (brannan)
  10. Hurling (beirthear an baire)
Poet Christian Names:
  1. Domhnall mac Daire (BOCD)
Poet Surnames:
  1. MacBruaideadha
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach m. Murchaidh & m. Moire
Patron Surnames:
  1. O Briain (?Ara, d. 1400)
Apologue Subclasses:
  1. Da Thi’s death on the Alps
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Do turnadh treise Ghaoidheal

[O’Conor Don, 294b]

Domhnall mac Daire cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Do turnadh treisi Gháoidhiol

ni hesbhoidh nár hégcáoinedh

ní frith lén a aithghin ann

do aithridh sén na sáorchlann.

2 Ortha bei[r]ter an báire

Gáoidhil ó ghort Esbáine

drem fa nertmur gus a-niugh

dar clechtadh geall ar ghaisgeadh.

3 Ní bheirid iúl acht ar ais

do sgar riu a rélt n-eólais

esgur Gáoidhiol cenn a ccenn

do hesgradh áoinfer Éirionn.

4 Do hairgedh ga horcra as mó

síol Éimhir Fhinn a n-áonló

oigre Móire ó nach mair

do-róine an Coimdhe an cion-sain.

5 Fa-ráor do thuit a theghlach

ar ttoitim do Thorrdhealbach

cách uile dar lat do luigh

ar luighe do mac Murchaidh.

6 Ní sháoilionn tusa a Themhair

d’furtacht don fhuil Gháoidhealaigh

leogh(mh)an Manann o nach mair

anam deóradh an domhain.

7 Bú hí an áontumha fhada

do ráith chloinne Cermada

bh[e]ith ón mbás mur táoi [a] Temhair

do bháoi an chás a ccinnemhain.

8 A puirt ré ndubradh Druim Cháoin

fuaramur h’áoibhnes d’éntháoibh

áoibhinn duit a dhúin Temhrach

is dúinn gur tuit Toirrdhealbach.

9 Don Mhidhe is mana goimhe

bás mic í Bríain Bhóroimhe

múr Uisnigh gan graibfne greadh

aithne an cuir-sin a cCaiseal.

10 Crech is truime ina Temhair

nír glúaisedh ó Gháoidhealuibh

crech na Midhe tech Temhrach

crech an tighe Torrdealbach.

11 Puirt oirechuis innsi Fáil

do treigedh trúagh an diombháidh

siol Briain is síol cCuinn do chuir

druim ré Clíaigh is re Cruachain.

12 Ní faghtur fer da lenmhuin

ní lentur lorg Torrdhealbaigh

móide as cás ar gcrann toraidh

nár fhas ann [a] ionnshamhail.

13 Do sgaradh fa-raor rinne

ar ngrían shulchar shuininn-[n]e

iúl ’na dheóigh nír dhénta dhamh

mo réulta eóil do hesgradh.

14 Do ceiledh an fion f(h)eadhbhda

ar cceilt na ccrann bhfínemhna

toradh ann ní fhaghaibh sinn

’s ar ccrann toraidh ar ttuitim.

15 Ge ta damhradh Cinn Choradh [295a]

’sa bfhoráois ’ga bfolmhúghadh

dob egail car ’na ccenn

gur legadh an damh dhílenn.

16 Fada gur háomhadh (a) iorgail

da fhegain d’éis Torrdhealbaigh

nir sháoil cách go ttesda ó Táil

ní cnesda an tráth da thesdáil.

17 Bás mhilidh Moighe da Chonn

nír chreidedur cath echtronn

tug a egla 7 úir air

fregra dhúinn ina dheghaidh.

18 Do bháttur athaidh más fíor

muinnter áirmeac an airdríogh

d’éis í Bríain mur do bí sinn

a ndíaigh Da Thí do thuitim.

19 Ar slúaighedh go sliabh Ealpa

gluaisid cromdha an chuidechta

mac Fíach(th)rach na ngéirrenn nglan

is fíalchlann [leg. -chath] Eireann ’na fharradh.

20 Ticc cuige crithir nimhe

’na cháoir tháibhsi tinntighe

[’n]a ccoinne doiligh an gniom

do-ní oighidh an airdríogh.

21 Feruid a chluithe cáointeac

tig ann a fhían go hegcáointeachs

tógbhaid an té fa treisi

fograid gan é d’inneisi.

22 Ag siubhal ó thir go tír

nír fhágbhattur an t-airdrígh

ga[n] iom[a]chor ón fhíadh thoir

síar go fionnachadh Fionntoin.

23 Tugsat náoi ccatha 7 cath

tar éis mharbhtha meic Fíacrach

gleó ná áontachur d’obadh

d’aontachadh nír áomhadur.

24 Nír fágbadh [i]san tír thoir

a ndóigh go mbíadh ’na bhethaidh

lé teglach Dá Thí Temhra

rí Temhrach a ttigerna.

25 Ionann is sén a theghlaigha

d’éis tesdála Torrdealbaigh

a ndóigh go m(b)éradh ’s ní mhair

da fhéghan dhóibh ’na deghaidh.

26 Aithesg lér hádhnadh cumha

a-dér lé mac Murchugha(dh)

is duit as clú ar leigedh linn

nir creidedh tú do titim.

27 Gan cuimne ar fhíoch nó ar fhalaidh

ag duine go ndechabhair

ferfaidh crú fesda a bfíonfhuilr

ó thesda tú a Thorrdhealbaigh.

28 Gé fuair tusa a chnú croidhe

bás ongtha 7 aitrighe

do himreadh céad iorgal ort

farbh iongnadh h’ég lé hadhart.

29 Imbeart cluithe um chláir a sen

gion go bfháomhuid fían Gháoideal

a áomadh ní budh dith dháibh

go bfrit baogal a mbranáin.

30 Iorgal órbh ionganta dol [295b]

do rúat[h]ur [ar] rígh Saxan

rugais uadha a eich ’s a ór

ní chuala creich a commór.

31 Do fuilngis ’s do anais ris

maidm Shléibhe Mis gur mháoidhis

sluagh Gaoidhiol as glanshlúaigh Gall

anbhúain d’aoinfer a fhulang.

32 Tugais ar techt ’na ccoinne

ár dáoine um Dhún Eochuille

dóirter fola úaisle ad fhuil

gona úaibh-si 7 oruibh.

33 Go logha dhuit Día a thoradh

an maidm-sin do Mionachar (?)

gleo ráithe Rath[a] an Mhuighe

laithe an brath[a] as báoghluidhe.

34 Tugais iorgail d’feroibh Ceall

far dergadh Doire Gerr[e]ann

deabaidh ór dhubach Danair

d’feroibh Tulach tugabhair.

35 Losccadh múir an Mhuilinn Chi(o)rr

argain Danur im Dhuibhlinn

Goill úaidh go Ros [i]na rioth

ruaigr a-bhos úaidh fa Uisnech.

36 Port Corcaig[h] do creach sibhs

tugais len ar Cill Choinnig

tugais orcra fa Almhoin

tugais comhtha a Cetharloibh.

37 Do chuiris ár fa Chlúain na Mían

aithnigh slúaigh Mumhan Maicníadh

um Loch Garman na ngort sen

da port far hadhnadh t’airemh.

38 Do bhí an Dún derg ’na dheghaidh

do bí an gort ag Gáoidhealaibh

do bhí sgim fhola ar gach fód

ag dol[a] ó Chill Mo Ceallóg.

39 Ag Linn Máighe na múr tte

ag Siúir nó ag srothaibh Múaighe

ga baile nár airg d’foghail

caidhe an aird nár iarrabhair.

40 Ga ttám ag tuiremh a chen

as é as críoch dhó fa dheiredh

do ledh sin cúaine na gcoll

sibh ar feadh úaidhe d’feronn.

41 Crioch Bhanbha ní bethaidh (?) dhit(h)

ní beó tusa a mic Muiredhigrs

a huaim-si d’Feidhlim is d’Art

dob úaisle d’Éirinn th’íasacht.

42 Do ling Eirinn [leg. Éirne] an mhagh a bfuil

do-chúaidh an Bhuill tar bruachaibh

do leth an Bhoinn tar Breghmaidh

ní creach gan tóir Toirrdealbaigh.

43 Sruth Máighe do mosgladh lais

do labhair linn an Fhorgais

tug an láoch sruth na Sionna

’sa[n] gháoth a gcruth coimlionga.

44 [...]omha ríogha ratha hOili(o)ll

as uirthe is mó mhothuighim

ní trúagh linn inber oile [296a]

acht linn bhinngheal Bhóroimhe.

45 Fa thúairim thigid a-noir

na longa fionna a Frangcoibh

ar mbreith ríogh ó cCais do chill

an fíon tar ais a hÉirinn.

46 A fhir nach aitheónadh me

mothuighis méd mo thuirsi

file fúair treisi ag ó tTáil

meisi as ní húair da admháil. Do...