Poem in printable PDF format
A gclú is
ionnmhus d’fhine Raghnuill
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 64]
Tomás Mac
Eochadha .cc. do Thoirdhealbhach mac Fiachadha
1 A gclú is
ionnmhus d’fhine Raghnuill,
rádh gach eólaigh
as é súd;
gan neach ar
dhaghbhlaidh riú ag righe
fiú a bhfaghbhair
ón fhine úd.
2 Bronnadh séd is
é as ionnmhus
d’fhine Raghnuill
na ruag ttiogh;
ós iad as ceann
do chrú Criomhthuin,
geall re a gclú
níorbh ionchuir d’fhior.
3 Beag an dúil a
ndéanamh ionnmhais,
uaisle an ní dá
ttabhraid tail;
do ghabh gach
aoinfhear d’fhuil Fhiachaidh
scaoileadh a
chruidh d’fhiachuibh air.
4 Ní fhuil dá
dhaoire acht a dhiúltadh,
díol oile nách
oigheadh sé;
gi-bé file do iar
éra,
níor riar fine
Énna é.
5 Ar a díol (cá
daoire ceannach?)
cúl ré ceird an
tráth fá ttug,
fáth ag cléir fár
an ó fhaghluim,
an cradh ó
fhréimh Raghnuill rug.
6 Dob fhiú a
n-uair ó oighri Fiachaidh
fad a aisdir
nárbh fháth scís;
feirrde file má
fuair éra
ar mbuain d’fhine
Énna ar-ís.
7 Aithne dhó féin
fáth a n-ainbhreath,
ar fhoghail cáich
beirid barr;
iongnadh a
ndaoire ar fhiadh fhaghladh
’s nách aoighe
fian Almhan ann.
8 Fagháil bronnta
nárbh fhiú a n-eólus,
ní hé nách
aithnighid siad;
ní dulta dhóibh
tar fréimh Raghnuill,
dóigh do chléir
gan fhaghluim iad.
9 Do thuig
Toirdhealbhach, tuar bladha,
bronnadh na séd
gurb é a mbail;
an té as foilmhe
do chrú Criomhthuin,
coimhdhe an chlú
dob ionchuir air.
10 Beanfad
d’oighre mheic mheic Seaáin
samhuil na
mbreath bheirid siad;
leigthior an
t-aoighe a leith Laighneach,
daoire lé breith
ainbhreath iad.
11 Ní faighthior
dóibh nách díobh táinig;
dá tteagmhadh lá
’na lá the,
folchaidh in
ghrian ar fhuil Eachaidh
ar chuir fiadh do
dheathaigh dhe.
12 Fagháil
ceannuis cóigidh Ghailian
a ngrian troda
tuillid súd;
foghail nó díon
cháigh a gcliathaibh
do-cháidh don
tsíol Fhiachaidh úd.
13 Fán gcuid oile
d’Inis Cobhthaigh,
ar cuairt a-mháin
(cá mó glas?)
d’éis a n-aghair
fá fhiadh Laighean,
ní thabhair cliar
aigheadh as.
14 Ar ghasraidh
mheanmnaigh mheic Fiachaidh
fios a n-adhbhair
a-tá ag tóir;
giodh fada a
mbeirn na trí trír-si,
a bhfeidhm do-ní
dísle dhóibh.
15 A
Thóirdhealbhaigh na ttreas bhfuiltioch
lé bhféchthar
gníomhradh groigh mbras,
a gcuire do chlú
ar fhuil Fhiachaidh,
ní fhuil tú gan
fhiachuibh as.
16 Dá mbeantá
dhe, dob í an égcóir,
íoc san díoth
nách dearna sé;
dénamh cean ní
fhoil at fhaghlaidh,
mur soin nách
fear adhbhair é.
17 Nach facuidh
tú in tráth do mhosgail,
(ar a mheanmuin
cá mó glas?)
bean t’fhaghlaidh
tré fhís dot aithne?
adhnuidh grís a
haighthe as.
18 A
Thoirdhealbhaigh, dá ttír dhúthaigh
dul tar ais ní
headh dob áil;
gi-bé cliar ar
t’fhéin dob eólaigh
’na bhfiadh féin
is deóraidh dáibh.
19 Lér bhean
díot, a mheic meic Aodha
tar fhine Broin
bhloghas ruaig,
níorbh í a dhóigh
go mar dod mhaoinibh
an cradh
do-chóidh d’aoighidh uaid.
20 Lá éigin budh
adhbhar baoghuil
a breith féin
nách fuighe an chliar;
ní thig sin ’s a
crodh ré chéile,
sibh ag dol a
réidhe am riar.
21 Do roighne
cruidh is cuach líneach,
dá leantaoi air
dob fhiú a bhfuair;
cuirthior leibh
aoighe fá adhbhar,
do-gheibh maoine
t’fhaghladh uaibh.
22 A gcionn a
chruidh do chuir aisdior,
nách uair díon fá
dhuille crann;
do-gheibh do
ghréin fá Mhagh Maoine
a chradh féin gér
aoighe ann
23 D’éis a
bhfuasgalta in tan trialluid,
a
Thoirdhealbhaigh bheirios buaidh,
do nós deóraidh ó
fhéin Almhan
ní heólaigh géill
d’fhaghladh uaibh.
24 Dob fhada a
gcuairt ó chrích Laighion,
laoich dhearbhtha
ré ndiúltar síodh;
fáth do ghabháil
tar fhiadh nEachaidh
fagháil gliadh go
ndeachaidh díobh.
25 Cuirid guais
ar mhac mheic Aodha
airm gliadh gion
go nglacaid súd;
líon diomdhadh
don dáimh ’na dheaghuidh,
cáir biodhbhadh
don fheadhuin úd.
26 Go ttarla
roimhe an raon dírioch
díoghruis gach
iúil iarraidh sé;
fada as-teagh a
ndiamhair deabhtha
do gheabh iaruidh
Tealcha Thé.
27 Ré linn curadh
na gcleas lúthmhar,
ciodh lór do
theas a-tá a-nú,
fada go bhfuair
fear a deargtha
gur gheabh uain
na ceardcha clú.