firstLine"; ?>

800. Doibh fein creidid Clann tSuibhne $
Length: long 43qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 475 (24/P/25) L.Cl. Suibhne 16th c.
Motifs:
  1. envoi to Grainne dau. of Maolmhuire
  2. Envoi to BVM
  3. imagery for patron (beach, beithir)
  4. nobility of ancestry
  5. hostage: aonbhragha gill
  6. umhla, submission
  7. legal terminology: baranta, urra, slan
  8. landscape
  9. aonach, assembly
  10. oireacht, oireachtas, council
Poet Christian Names:
  1. Flann Og (RIA 475)
Poet Surnames:
  1. MacCraith (‘mac MegCraith’)
Patron Christian Names:
  1. Domhnall mac Toirdhealbhaigh
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne (chief of Fanad d. 1619)
Apologue Subclasses:
  1. Bird-flock organised round one leader
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Dóibh féin creidid clann Shuibhne

[RIA 475 (24/P/25), Leabhar Chlainne Suibhne, 81r]

Flann Óg mac Meig Craith cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Dóibh fein creidid clann tSuibhni

croinn cumhra chlair Moghuirne

ealta o Bhóinn bho[i]gealaigh Bhregh

cro[i]deamhain doibh do dligheadh.

2 Laoich bheires buaidh gac berna

do phór féinne fintEamhna

gan mein róloige ar chóir cen

doibh is coroide creidemh.

3 Ní chreidid d’aoinnech oile

d’uaislibh innse hUghoine

slogh clethcorcra is tent a ttroid

an dream ferchonta ó Fhánoid.

4 A ttabhraid d’umhlacht uathaibh

sliocht Neill ó ráith rioghTúathail

gasraidh thoghtha Themhrac Néill

as nemhghuth orrtha eiséin.

5 Ní díth tréin ní tacha sluaigh

ní ro éigin ní hanbhuain

tuc tent a n-aoinchéim orra

dream do laoichfhreim Líathdroma.

6 Ró úmhla iumad bádha

fúath feirge fonn síothchána

tuc an maicne ndearccuirr nduinn

fa aicme (cen) cendthruim Chonuill.

7 A mbeth re haithid[h] d’aimsir

umhal don chloinn Chonaill-sin

na tamhain a Cruachain Cuinn

a bfaghair uathaibh d’urruim.

8 Muna fhechdaois d’fhoicsi a ngaoil

Clann tShuibhni nár thuill tathaoir

na croinn ludhghorta ó Bhoinn Bhregh

ner [leg. níor?) doigh umhlochta ar éigin.

9 Dámadh edh ní hedh Domnall

caor beó iomcras anfhórlant

slat do reidhfhiodh o Raith Chuinn

nac dóigh d’einfher fa urruim.

10 Mac Suibhni da slechtann fiodh [81v]

aonmhionn súla slúagh Gaoideal

gnuis romhála is réidh um crodh

as baránta d’féinn Uladh.

11 Bos toghtha gan tacha neirt

ré dhamh tromtana an tuaiscceirt

eite lúidh laoch[fh]reimhe Cuinn

aoncreidhe cuil ó cConuill.

12 Bláth finnEamhna fola Neill

Mac Suibne nar tuill toibhéim

saoirnech on siublaighe crodh

aoinbhech ionghuire Uladh.

13 Urra síthchána síl cCuinn

aonshlan ccoisg cineoil cConuill

gnúis shaormhálla bfill fiodh

aonbragha gill na Gaoidhiol.

14 So Cloinn tSuibhne nár aomh fheall

as é an Domhnall-so a-dearum

glac thochairthe ar nac teann toir

sa [leg. as?] ccend cotaighthe a ccédóir.

15 As é as daingean a n-uair áigh

dul uile dia do degmbáidh

do tslog catharmac[h] ó cCuinn

fa tsroll ndatamlach nDomhnuill.

16 As mhuighid na Meic Shuibhne

cent churadh chláir Moghuirne

urra tslúaigh on Boinn brecglais

nac doigh a n-uair eigentais.

17 Do crú tSuibni shechnus bheim

giodh mor re n-airemh eisein

glac nach cle re cur n-ádha

as é as bun ’s as baránta.

18 Dó do-bheirid siol Suibhni

bun is barr a ccomhairle

se o cleith do-coidh a-niugh

a ndail ’na leith gur leigeadh.

19 Mar so fós mur recfad ribh

bios ealta d’enuibh éigin

le cách budh adhbhul an t-eol

do gnath ag adhragh d’éineon.

20 As í ealta fhuighles me

mait an tráth do techt tairse

ní cuidechta nach caomh cruth

an druidealta shaor shioblach.

21 An druidealta dia do conn

as sé an t-én-sin da n-adhrant

ní sgel nach solabhra sin

en cco ccomarrdha ccoiligh.

22 Tigid cuige cend a ccend

bíd ar gach taobh ’na timcheall

gan caidhe cceoil na labhra

na heóin áille eccsamhla.

23 Ní théid sé ar siobhal na ar séd

’na aonar anba an coiméd

sé a leabhraibh mar lentar linn

on ealtain greadhnaigh guthbint.

24 [U?]atha co brach ní bí an druid

aonla diomdha no dearmuid

tain roidearcglas na ttreabh tte

seal gan oirechtus uime.

25 Drem diobh acc dul as ac techt

se fós as bés don oirecht

as dream comnaightheac ara chul

an seng gormfhoighthneac gneúr.

26 Nos na druide(adh) dia do shuim

do-ní deirbfhine Domhnuill

fedh cruinnighthe ’na cend sin

an drem fhuinnimte (sic) fhaoidhlidh.

27 Mar táid umhal riamh da [fh]reimh

’s an-niugh (?) ní diongnadh dóibh-séin

na croinn cubhra as mó mester

umhla dó do dháileasdair.

28 Iadhaid uime ré hucht n-áidh

clann tSuibne nar teib tengmháil

drem rer dealaigh maoith menma

laoich o Eamhain oiredha.

29 Ní bí lá gan lion tacair

ag techt uime d’Ulltachaibh

gan anmhuin o anmhuain trod

’s do dhamhraidh armrúaidh Fhanat.

30 Do-berid don bháidhbh dearcghlais

tós aonaigh is oireachtais

d’fein Mogairne ní nós náir

is tós comhairle a ccedáir.

31 Tosach suidhe a n-aimser óil

dó-so[n] ni saobh an onoir

laoich gan nós cogalta a ccruidh

is tós codalta ar coilcibh.

32 Siol cConaill do cardís sgol

a-taid urrumach umhal

an mínealmha nar maoidh cradh

do caoir finemhna Uladh.

33 Mar tá gach aonbarr oile

uatha so ag tuir Toruidhe

as é an culchas sídhi seimh

is míne dúthcas diob-sein.

34 Fánaid na bfiodbad[h] sgathach

na madh n-uaine n-iolldathach

an [tior?]rmchlar fairsing nach fliuch

na sliomtrág ttaisslim ttortach.

35 [U?]áine ur(u)lanna a tragh tte

corra a cnuic mín[e] a muidhe

an crioch shéimh fa triomghlan tonn

reidh a fíodhbadh ’s a feronn.

36 Fonn Fánat na bfiodhbad[h] cclaon

a luach ní fhuil a n-aontaobh

clar geal na sliomoighedh seng

ar fedh fhionnoirer Eirent.

37 Mac Toirghealbaig thaidhles tres

terc ar clú as cóir ’na coimmes

iomdha dál far dearbad sin

lámh as engnum má fhéchthar.

38 Mac Suibhni ag nach saoglach fledh

dó tar cach is cóir creidemh

an mioncraob ó mhúr Emhna

súdh na bfíoncháor bfhínemhna.

39 Beithir griobhdha na ngleo ngrod

mac Toirgealbaigh triath Fanod

cend an tslúaigh o clar Cunnla

lam do fhuaidh a atharrdha. Doibh....

40 Dóigh einigh a denum dhi

inghen mhiochair Mhaoil Mhuire

ar chléir ní cogaltach ccroidh

an bogfholtac seimh shochraidh.

41 Minic beres do breth sgol

geall ó mnaibh oirir Uladh

ní díth dí ar chaith re cáintibh

ar maith is í iomráidhter.

42 Dá mbeth nac caitfeadh a crodh

a dealb no a maorrdacht moltar

sduadh sheng ara braighe a bladh

geall le Grainne do-gabhar.

43 Muire mathair an Dúilimh

ar mo sgath ’na sgíathlúirigh

’s róm ag diolghad[h] a nderna

an óg fhíorghlan oiredha. Doibh...


Tabrad cech aon léighfes an dan sin bendacht ar anmuin an ti do sgriobh an dan sin ma tá nac diol ar in litir he 7 fos is iomdha adhbhar aice docom beth co holc da madh mait an liter fein .i. Mairidhe dar mbodhradh 7 Gille Brighdi dar mbogadh 7 Gráinne dar mallachadh 7 ní airmhim mé fein co rótinn 7 ni gan ádhbhar a-taimsi mur sin. lor sin. misi mealladh maigdine.